IMLÉ

comharghrúpa ceoil Éireannach
(Athsheolta ó IMLE (Banna ceoil))

Comharghrúpa ceoil is ea IMLÉ. Bunaíodh IMLÉ sa bhliain 2015. Sníomhtar filíocht, rapcheol, rac-cheol agus popcheol le chéile i bhfuaim an bhanna ar bhealach úr nach bhfuil a leithéid cloiste in aon áit eile, fiú i mBéarla[1], agus measctha le "hip hop, indie, honky-tonk Chonamara agus corr-dhlaíóg sean-nóis".[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaIMLÉ
Sonraí
Cineálcomharghrúpa ceoil
banna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2015
Gníomhaíocht
Lipéad ceoilGael Linn Cuir in eagar ar Wikidata

Instagram: imle_ceol Youtube: UCajNDsRMuMfmwKwyraubKZQ TikTok: funorm Bandcamp: imle Souncloud: imleofficial Spotify: 7wk7hulVAvA1NzbOPaj31m iTunes: 1180083613 Songkick: 9452424 Discogs: 5744292-IMLÉ Deezer: 11435620 Cuir in eagar ar Wikidata

Cíorann a gcéad albam ceoil cuid de cheisteanna móra an tsaoil: brí na beatha, ár gcaidreamh leis an bpláinéad agus aimsiú an dóchais san éadóchas. D’eisigh IMLÉ a n-albam début ar lipéad Gael Linn agus Karl Odlum a bhí mar léiritheoir air.

Ar an dara albam uathu Fáilte Isteach, tá buíon nua ceoltóirí le cloisteáil: Ríona Sally Hartman, Róisín Seoighe, Fergal Moloney agus Dave Hingerty. "Mar is iondúil le IMLÉ tá meascán stíleanna le brath ar an albam seo, idir trip-hop, ceol leictreonach, rac-cheol, indie agus damhsa."[3]

Baill cuir in eagar

Gné tábhachtach dá gcur chuige is ea an meascán ceoltóirí agus amhránaithe a bhíonn ag casadh agus ag taifeadadh leo.[4] I measc na gceoltóirí seo tá Ríona Sally Hartmann, Aonghus Uí Lochlainn, Dave Keegan.[5]

Tá Karl Odlum ina léiritheoir fhadtréimhseach leis an ngrúpa.[6]

Eachtraí cuir in eagar

Sheinn IMLÉ ag go leor féilte, ina measc:

srl.

Chonacthas IMLÉ ar an teilifís:

srl.

Dóbair go gcuirfí críoch le hIMLÉ in 2020 tar éis gur imigh Fergal Moloney ón ngrúpa, cé go raibh tionchar mór aige ar an albam Fáilte Isteach a tháinig amach in 2022. Thug gig díolta amach i nGlaschú de mhisneach do na baill eile coinneáil orthu leis an albam sin áfach, agus le ceol nach é.[4]

Tá leagan nua acústach den amhrán ‘Peacach’, óna gcéad albam IMLÉ (2016), le cloisteáil mar amhrán aitheantais an chláir BODKIN ar Netflix (2024).[8] Marcus Mac Conghail, Fergal Moloney, MC Muipéad agus Cian Mac Cárthaigh a scríobh agus a sheinn an bunleagan agus is í Róisín Seoighe a chanann an leagan seo le tionlacan giotáir ó Chian Mac Cárthaigh agus Neil Ó Briain.[9]

Gradaim cuir in eagar

Bhuaigh IMLÉ

  • ‘Banna na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS 2017, chomh maith le ‘Amhrán na Bliana’ (i gcomhair Críochfort), agus ‘Albam na Bliana (Nuacheol)’ (i gcomhair IMLÉ).[10]
  • Bhuaigh siad ‘Nuíosach na Bliana’ in 2016

Ainmniúcháin:

  • Ainmníodh Ná Bac mar ‘Físeán na Bliana’ in 2020.
  • Ainmníodh iad mar ‘Banna na Bliana’ arís in 2019.
  • Fuair siad ainmniúchán eile sa chatagóir ‘Banna na Bliana’ in 2018, ainmníodh Gan Mise, Gan Thú agus Ná Bac araon mar ‘Amhrán na Bliana’, ainmníodh Go Deo Go Deo mar ‘Físeán na Bliana’, agus ainmníodh IMLÉ (Eagrán Vinile) sa chatagóir ‘Ealaín na Bliana’.
  • Ainmníodh Críochfort mar ‘Físeán na Bliana’ in 2017.
  • Ainmníodh Fún Orm mar ‘Amhrán na Bliana’ in 2016

Dioscliosta cuir in eagar

Albaim cuir in eagar

  • IMLÉ (2016) - 9 n-amhrán, lena n-áirítear 'Go Deo, Go Deo', 'Críochfort', 'Síos an Bóthar' agus 'Fún Orm'; agus 2 amhrán breise, lena n-áirítear 'Gan Mise Gan Tú'
  • Fáilte Isteach (2022) - 9 n-amhrán, lena n-áirítear 'Fáilte Isteach', 'ÉAD', 'Do Chuid Jeans', 'Hop Scip Léim' agus 'Dúiseann Muid Suas'
  • Sláinte (2024, réamhtheachtaí ar EP a sheolfar san Fhómhar) - i gcomhar leis an rapálaí James Shannon agus Róisín Seoighe.[6]

Amhráin cuir in eagar

  • Go Deo, Go Deo: Cuireann na liricí (anseo Curtha i gcartlann 2017-11-22 ar an Wayback Machine) an taobh daonna den chogaíocht a chur in iúl. Scéal simplí atá ann: litir ó bhean atá ag scríobh chuig a fear céile atá ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda. Tá an bhean ag rá nach bhfuil sí i bhfabhar cogaidh agus gur cheart dó (an fear céile) a bheith sa bhaile leo. Scannánaíodh an físeán i gContae an Dúin. Ba iad Angus Mitchell a stiúir agus an t-amhránaí Gráinne Holland a léirigh. Féach ar 'Go Deo, Go Deo' ar Youtube anseo.
  •  
    Críochfort: Déanann Críochfort plé ar an gcaidreamh casta atá againn mar dhaoine leis an domhan. Tá rudaí diúltacha agus dearfacha ag baint leis, ach sin cuid den tsaoil ina maireann muid. Tá neart faoin saol seo le bheith dóchasach faoi. Fergal Moloney a léirigh, le cóiréagrafaíocht ó Lauren Bamford agus an comharghrúpa 'Hot Zombie': Ann-Marie Brennan, Laurie Keegan, Emma Costello agus Lauren Bamford fhéin. Féach air ar Youtube anseo, agus Vimeo. Ailbhe Ní Riain (Raidió na Life) ag éist leis anseo. Liricí (ancroiait) anseo.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "IMLÉ". breakingtunes.com. Dáta rochtana: 25 Bealtaine 2024.
  2. Ben Ó Faoláin (14 Samhain 2016). "“Buail arís mé, Imlé!”". NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-25.
  3. "IMLÉ - Fáilte Isteach". Gael Linn. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 03 Iúil 2022. Dáta rochtana: 25 Bealtaine 2024.
  4. 4.0 4.1 Meadhbh Ní Eadhra (14 Meitheamh 2022). "‘Tá níos mó éagsúlachta i gceol shaol na Gaeilge ná mar a bhíodh’". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 25 Bealtaine 2024.
  5. "Cúis dhóchais an borradh atá faoi IMLÉ agus éigse úr na Gaeilge". Tuairisc.ie (16 Samhain 2016). Dáta rochtana: 25 Bealtaine 2024.
  6. 6.0 6.1 Conor Torbóid (2024-05-23). "Track úr IMLÉ: seo 'Sláinte' saghas difriúil don samhradh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-24.
  7. David Hennessy (28 Meán Fómhair 2023). "Found in translation". Dáta rochtana: 25 Bealtaine 2024.
  8. "‘Peacach’ le IMLÉ ina amhrán aitheantais don chlár úr BODKIN". NÓS (10 Bealtaine 2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 24 Bealtaine 2024.
  9. Bridget Bhreathnach (21 Bealtaine 2024). "Ardú 5,000% ar an éileamh ar shaothar banna ceoil Gaeilge a bhuíochas le sraith Netflix". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 25 Bealtaine 2024.
  10. NÓS (07 Aibreán 2017). "FÍSEÁN CEOIL: 'Go Deo, Go Deo'". NÓS. Dáta rochtana: 25 Bealtaine 2024.
  11. "Bandcamp". bandcamp.com (2017). Dáta rochtana: 2024-05-24.