Áine Ní Fhoghludha

scríbhneoir

Náisiúnaí Éireannach agus scríbhneoir Gaeilge ab ea Áine Ní Fhoghludha (10 Samhain 1880 – 14 Aibreán 1932).

Áine Ní Fhoghludha
Saol
Eolas breitheAn Móta, 10 Samhain 1880, 1880
NáisiúntachtÉire
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
An Ríocht Aontaithe
BásCathair Saidhbhín, 1932, 14 Aibreán 1932
Oideachas
Alma materColáiste na hOllscoile Corcaigh
Teangachaan Ghaeilge
Gairm
Gairmfile agus scríbhneoir

SaolCuir in Eagar

Rugadh sa Rinn i gContae Phort Láirge do mhúinteoirí scoile Micheál Ó Foghludha agus Eibhlín de Bron. Gníomhaí ar son na Gaeilge ab ea a hathair, agus bhain Áine céim amach sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mhúin sí i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge, ach briseadh as a post í tar éis Éirí Amach na Cásca. Deirtear gurbh é a cuid náisiúnachais sa seomra ranga ba chúis leis seo.[1]

Úsáideadh a leabhar Brosna (cnuasach scéalta do leanaí a foilsíodh sa bhliain 1922) i scoileanna na hÉireann.[2]

Fuair sí bás i gCathair Saidhbhín agus cuireadh sa Rinn í.[2][1]

LeabharliostaCuir in Eagar

  • Idir na fleadhanna (1922)
  • Brosna (1925)
  • Díthreabhach an tobair (1934)
  • Breacadh an lae (1934)
  • Bréag-riocht Apollo agus cúiteamh .i. Dhá dhráma i gcóir na ngasóg (1934)
  • Róis dhearga agus buadhann Críost (1934)

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 "NÍ FHOGHLUDHA, Áine (1880–1932)". ainm.ie.
  2. 2.0 2.1 Maria Luddy, ‘Ní Fhoghludha, Áine (1880–1932)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004 dáta rochtana 13 Bealtaine 2017