Dún Garbhán
Is baile cósta agus cuan i gContae Phort Láirge, ar chósta oirdheisceart na hÉireann, é Dún Garbhán. Sular cumascadh Comhairle Contae Phort Láirge le Comhairle Cathrach Phort Láirge sa bhliain 2014, ba é Dún Garbhán baile contae agus lárionad riaracháin Chontae Phort Láirge. Coinníonn Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge oifigí riaracháin sa bhaile.[1][2] Tá an baile i mbaile fearainn agus i bparóiste sibhialta den ainm céanna.[3]
Dún Garbhán | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Phort Láirge | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 7,991 (2011) | |||
• Dlús | 1,725.92 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 4.63 km² | |||
Airde | 1 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 058 | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1416755 | |||
Suíomh gréasáin | waterfordcoco.ie… |
Logainm
cuir in eagarAinmníodh an áit i ndiaidh Naomh Garbhán, a bhunaigh mainistir anseo sa seachtú haois.[4]
Suíomh
cuir in eagarTá an baile suite ar bhóthar an N25 idir Cathair Chorcaí agus Port Láirge / Ros Láir, ar bhéal an Choilleagáin, abhainn a scoilteann an baile in dhá leith.
Tá réigiún Gaeltachta, Gaeltacht na nDéise, lonnaithe i gContae Phort Láirge in aice le baile Dhún Garbhán.
Féile na nDéise
cuir in eagarBíonn Féile na nDéise ar siúl i nDún Garbháin gach bliain.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "County Waterford In Context". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Iúil 2011. Dáta rochtana: 3 Meán Fómhair 2024.
- ↑ Local Electoral Area Boundary Committee Report 2013p. 124: The new local electoral area in the west of the county acknowledges the position and status of Dungarvan, which is currently the 'county' town of Waterford County Council and has a town council.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Placenames Database of Ireland.
- ↑ "Dungarvan History". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 31 Bealtaine 2015. Dáta rochtana: 3 Meán Fómhair 2024.