Port Láirge

cathair i gContae Phort Láirge

Cathair i ndeisceart Phoblacht na hÉireann is ea Port Láirge[1], agus í suite i gcontae atá ainmnithe aisti. Is í an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í agus í ar an gcúigiú ceann is mó na tíre. B'iad na Lochlannaigh a bhunaigh í sa bhliain 914 agus mar sin, an chathair is sine in Éirinn atá ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilPort Láirge
Waterford (en)
Port Láirge (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Urbs Intacta Manet Waterfordia» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 52°15′30″N 7°07′08″W / 52.2583°N 7.119°W / 52.2583; -7.119
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Phort Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán48,369 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,163.28 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla41.58 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Mayor of Waterford (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód051 agus 74 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1383828
Suíomh gréasáinwaterfordcouncil.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar ainm Lochlannach ar Phort Láirge as Béarla, is é sin, Waterford, a tháinig as ainm sean-Lochlainnise a scríobhfaí Veðrafjörður in Íoslainnis an lae inniu. Is é Túr Raghnaill i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nó Rögnvaldur as Íoslainnis. Is é an túr seo an cuimhneachán is sine dár fhág na Lochlannaigh ina ndiaidh in Éirinn a bhfuil ainm Lochlannach air i gcónaí, agus is air is fusa a aithnítear Port Láirge.

Sa bhliain 2006 bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobh Chontae Chill Chainnigh.

Port Láirge agus Abhainn na Siúire san oíche

Sníonn an tSiúir tríd an gcathair, agus b'í an abhainn seo a chuir bun le stair fhada na cathrach i gcúrsaí na farraige. Tá cuan Phort Láirge ar cuanta tábhachtacha na tíre le corradh is míle bliain, agus bhí an longcheártaíocht an-tábhachtach mar shlí bheatha sa chathair sa 19ú haois. B'iad muintir Malcomson, ar leosan an longcheárta úd Neptune Shipyards, a chuir agus a choinnigh ag obair ceann de na cabhlaigh ba mhó ar fud an domhain ó lár na 1850idí go deireadh na 1860idí, ina measc cúig línéar paisinéireachta tras-Atlantacha. Inniu, samhlaíonn muintir an tsaoil mhóir Port Láirge le criostal Phort Láirge (Waterford Crystal) thar aon rud eile, nó téann traidisiún gloineadóireachta na cathrach siar go dtí an bhliain 1783.

Ardeaglais Theampall Chríost, Port Láirge.

Stair cuir in eagar

 
Na Céanna, t.1890

Na Lochlannaigh a thagadh ag tabhairt ruathair agus rúchlaidh faoi Éirinn, chuir siad tús leis an chéad áitreabh seasta anseo sa bhliain 853. Sa bhliain 902, áfach, b'éigean do na Lochlannaigh bailiú leo as Port Láirge agus as na bunáiteanna eile a bhí acu in Éirinn, nuair a chuir muintir dhúchasach na tíre ruaigeadh orthu. Tháinig siad ar ais sa bhliain 914, agus ansin, dhaingnigh siad an t-áitreabh, ionas gur tháinig an chéad chathair cheart in Éirinn ar an bhfód.

Sa bhliain 1137, d'fhéach Diarmuid Mac Murchadha, Rí Chúige Laighean, le gabháltas a dhéanamh ar Phort Láirge, ach níor éirigh leis. D'fhill sé arís sa bhliain 1170, agus amhais Normannacha á thionlacan faoi cheannas Risteard de Clár, Dara hIarla Penfro, ar a dtugtar Strongbow i stair na hÉireann. Chuir siad imshuí ar Phort Láirge, agus chuir muintir na háite ar a son go héadóchasach, ach sa deireadh, shealbhaigh na himshuiteoirí an chathair. B'ansin a chuir na chéad Angla-Normannaigh fúthu in Éirinn. Sa bhliain 1171, chuaigh Anraí II, Rí Shasana, i dtír i bPort Láirge, agus gaireadh cathracha ríoga de Phort Láirge agus de Bhaile Átha Cliath. Bronnadh céim na príomhchathrach ar Bhaile Átha Cliath, áfach.

Sna Meánaoiseanna, bhí Port Láirge ar an dara cathair ba thábhachtaí in Éirinn. Sa 15ú haois, chuir muintir Phort Láirge beirt éilitheoirí ar choróin Shasana ó dhoras, is é sin, Lambert Simnel agus Perkin Warbeck. In aitheantas dó seo, bhronn Anraí VII a mana ar an gcathair: Urbs Intacta Manet Waterfordia, "tá Port Láirge slán ón ngabháltas i gcónaí".

I ndiaidh an Reifirméisin Phrotastúnaigh, mhair Port Láirge ina cathair Chaitliceach, agus páirt aici i gComhdháil Chill Chainnigh, is é sin, féinrialtas Caitliceach a bhí i bhfeidhm sna blianta 1642-1649. Tháinig deireadh prap leis an rialtas seo nuair a chuir Oilibhéar Cromail an tír ar ais faoi smacht Shasana. Bhí Port Láirge thíos leis seo, nó chuir nia le Cromail, Henry Ireton, imshuí fada ar an gcathair go dtí gur ghéill sí dó sa bhliain 1650.

 
Pósadh Giúdach, Port Láirge, 1901 (Miss Esther Levin, Mr Myer Stein)


Sa 18ú haois, tháinig biseach agus borradh mór ar eacnamaíocht na cathrach. B'ansin a tógadh an chuid ba mhó d'ailtireacht na cathrach. Sa 19ú haois, bhí an longcheártaíocht agus an ghloineadóireacht faoi bhláth sa chathair, chomh maith le gnóthaí móra eile tionsclaíochta.

I Mí Iúil 1922, nuair a bhí cogadh cathartha na hÉireann faoi lán an tseoil, chuir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh an-chathanna ar a chéile timpeall Phort Láirge.

Ceantair cuir in eagar

Teangacha cuir in eagar

Bhí 16,847 daoine ábalta Gaeilge a labhairt, labhair 459 (0.9%) Gaeilge gach lá. Labhair 6,057 daoine teanga eile seachas BéarlaGaeilge sa bhaile. Ba í Polainnis an teanga iasachta is comónta agus 1,275 cainteoirí sa chathair.

Aeráid cuir in eagar

Tábla Aeráide
Ean Fea Már Aib Bea Mei Iúi Lún MeF DeF Sam Nol Year
Meán-ardteocht (°C) 8 8 10 13 16 18 20 20 18 14 10 8 14
Meán-íosteocht (°C) 3 3 4 5 7 10 12 12 10 7 5 4 7
Meániomlán na báistí (cm) 5.34 4.29 3.84 3.98 3.40 3.72 3.38 4.22 4.33 6.35 5.07 5.03 52.95
Source: MSN Weather Curtha i gcartlann 2007-08-05 ar an Wayback Machine

Comhchathracha cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar