Anraí II Shasana
Bhí Anraí II (5 Márta 1133 – 6 Iúil 1189) ina rí ar Shasana agus ina Dhiúc agus ina Thiarna ar chuid mhaith den Fhrainc, den Bhreatain Bheag agus d'Éirinn, ón mbliain 1154 go lá a bháis. Tháinig Anráí II i gcomharbacht ar a chol ceathrair, Stiofán.
RéimCuir in Eagar
Bhí Anráí II ar an gcéad duine de theaghlach Phlantaigíneach le bheith ina rí ar Shasana.
Ba le linn a réimeas siúd a tháinig na Normannaigh go hÉirinn, rud a chuir tús leis an gcaidreamh achrannach idir Éire agus Sasana, a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.
Sa 12ú haois, bhí ríthe na gcúigí ag streachailt le chéile chun flaitheas na hÉireann a ghabháil.[1] Rinne na Normannaigh ionradh ar Éirinn ó Shasana sa bhliain 1169 ar iarratas an Rí ar a dtugtar Diarmaid Mac Murchadha, a bhí ag súil le cabhair uathu. Ach sheol Rí Anraí II Shasana a thuilleadh saighdiúirí le smacht a choimeád ar a arm Normannach.[2]
Tháinig Risteard I i gcomharbacht ar Anráí II.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Imchuairt stairiúil na hÉireann". Cúrsaí Staire (2015-02-08). Dáta rochtana: 2019-07-06.
- ↑ "Irish EU Presidency, Sracfhéachaint ar Éirinn : Sracfhéachaint ar Stair na hÉireann". eu2013.ie. Dáta rochtana: 2019-07-06.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |