Cúigí na hÉireann

ceantar stairiúil in Éirinn

In aois na gCeilteach agus ag tús na ré stairiúla, bhí Éire deighilte i gcúigí chun córas nua a chur in áit na dtuath a bhí inti roimhe sin.

Cúigí na hÉireann
Four Provinces Flag.svg
Léarscáil
Ireland location provinces.svg

██ Cúige Laighean

██ Cúige Mumhan

██ Cúige Chonnacht

██ Cúige Uladh

Cúig chúige a bhí ann ar dtús ach an cúige is lú, cúige na Mí, tógadh isteach i gcúige Laighean é. Tá na cúigí ceangailte le grúpaí áirithe contaethe inniu.

Is iad seo a leanas na ceithre chúigí:

Ainm Daonra (2011) Cathair is mó Achar Méid Contaetha
Connachta 503,083 Gaillimh 17,713.18 km² 5
An Mhumhain 1,172,170 Corcaigh 24,607.52 km² 6
Laighin 2,292,939 Baile Átha Cliath 19,774.23 km² 12
Ulaidh 1,993,918 [1] Béal Feirste 24,481 km² 9

RéamhstairCuir in Eagar

Is i seanscéalta na Rúraíochta, amhail is an Táin Bó Cúailnge suite sa chéad aois, a fheictear an trácht is luaite ar chúigí na hÉireann.[2][3][4] Bhí na ríthe cúige den ré úd, ar a glaodh Aimser na Coicedach, ar chomhaicme gan Ardrí.[2][5][4][6]

Ba iad a leanas na Cúigí:[2][3][4]

Bhí tuairim eile ag na staraithe Seathrún Céitinn agus T. F. O'Rahilly. Mholadar gurbh é cúige Mumhan a bhí roinnte ina dhá leath,[6][7] mar dhea de réir Céitinne: Cúige Eochach (san oirthear) agus Cúige Con Raoi (san iarthar),[7] ainmnithe faoi sheach as a ríthe.

Ní aontaíonn Eoin Mac Néill leis an tuairim seo, ámh. Luann sé an Táin Bó Cúailnge, a deir go raibh Eochaidh ina rí ar an Mumhain iomlán, agus Cu Raoi ach amháin ina "mórloach na Mumhan".[2]

Tá fadhb ar leith ann le cur síos Céitinne, rud a chuireann Mac Néill in úil. Nuair a bunaíodh the cúige na Mí, dar le hÉirinn féin, cruthaíodh é le críocha as gach cúige eile, ón áit a bhuailtí le chéile iad ag Cnoc Uisnigh. Ní raibh teorannacha cúigí na Mumhan, mar a léirigh Céitinn iad, in aon ghiorracht den cheantar seo.[2]

Deir na bréagstaraithe go raibh sraith 84 rí Éireann an roimh bhunú na gcúigí. Ní fios go cruinn cathain a tháinig leis an ríogacht seo. Deirtear i nAnnála Tiarnaigh gur rinneadh Éire ina cúig tar éis mharú Chonaire Mhóir.

StairCuir in Eagar

 
Cúigí Éireann sa luath-mheánaois, c. 800

Ag tús na 9ú haoise, feictear na cúigí a leanas: Oirialla, Connachta, Laigin, Uí Néill an Tuaiscirt (Aileach), Uí Néill an Deiscirt (Ríocht na Mí), Mumu agus Ulaid.[8][9] Feictear arís iad i Leabhar na gCeart den 12ú haois.[5]

EagarCuir in Eagar

Príomhalt: Ríthe Éireann

Bhíodh gach cúige roinnte ina aonaid críche níos lú. Cé nach raibh sainmhíniú na n-aonad úd i gcomhréir le chéile san Fhéineachas, bhí ann ordlathas d'aicmí éagsúla.[8]. Sa ré luath-mheánaoiseach, bhí a leanas:

  • Ba é rí ruírech an teideal a thugtaí do cheannaire chúige. Ba é seo an aicme is airde san Fhéineachas, in ainneoin an teideal rí Temrach (aitheanta fosta mar Ardrí na hÉireann) éilithe ag rítheaghlaigh áirithe.[5][8] Níos déanaí, in ionad an teidil rí ruírech tháinig an teideal rí cóicid.[5]
  • I ngach cúige, bhíodh mion-ríochtaí éagsúla, chomh méid go garbh le contae nó deoise an lae inniu. Thugtaí an teideal rí ruirí dá gceannairí.[8]n
  • And mion-ríochtaí, bhíodh mion-ríochtaí níos lú fós aitheanta mar túath, at chomh méid go garbh le barúntacht an lae inniu.[8] Bhíodh rí túaithe i gceannas orthu.[8] Faoin 10ú haois, níor tugadh an teideal 'rí' orthu siúd, ach ina ionad sin tigernatoísech.[8]

Faoin ré mheánaoiseach dhéanach, bhí athrú tagtha ar an ordlathas seo.[8] Molann Paul MacCotter an t-ord a leanas:

OsraigeCuir in Eagar

Príomhalt: Osraí
 
Ríochtaí na hÉireann, c. AD 900

De réir luath-ghineolaithe Éireannacha, de shliocht na Laighean í ríocht Osraí (Osraige). Idir na 6ú agus 8ú haoiseanna, ámh, ba chuid ríocht na Mumhan í, faoi cheannas Chorca Laidhe.[11] Faoin 7ú haois, tháinig an chlann dúchais, Dál Birn, chun cinn.[11] Sa bhliain 859, tháinig Maol Seachnaill I, rí Uí Néill, i réim sa cheantar.[11][12] Ina dhiaidh sin, d'éirigh ina ríocht neamhspleách í, de réir a chéile faoi thobar na Laighean.[11] Le linn na 9ú haoise, tháinig Osraí faoi cheannas Chearbhall mac Dúnlainge, chun cinn mar mhór-dhream polaitiúil.[13]

I ndiadh tréimhse chogaidh chathartha sa luath-12ú haois, Osraí fragmented. Tar éis cliseadh mór ag an Ardrí Muircheartach Mac Lochlainn, tógadh an ríocht i gcúige Laighean isteach. Sa bhliain 1169, d'fhostaigh rí Osraí, Domnall Mac Gilla Pátraic, an ridire Normannach Maurice de Prendergast chun dul i ngleic le rí na Laighin resist the Laigin king, Diarmaid Mac Murchadha, a raibh féin na Normannaigh fostaithe aige.[14]

Thit Osraí i measc na céad ríochtaí Gaelacha tar éis ionradh na Normannach ar Éirinn sa bhliain 1170. Go gairid ina dhiaidh sin, tugadh isteach in demesne Phort Láirge í.[11]

AirgíallaCuir in Eagar

Príomhalt: Oirialla

Bhí Oirialla (Airgíalla) faoi cheannas na nUlad,[15] ach tháinig an cheantar faoi smacht Uí Néill an Tuaiscirt tar éis do Niall Caille mac Aodha Oirní iad uile le chéile a chloí ag Cath Leth Cam sa bhliain 827.[16][17][18][19]

MumaCuir in Eagar

Príomhalt: Mumhain

Sa bhliain 1118, thug Toirdhealbhach Ua Conchobhair, rí na gConnacht, tacaíocht do Mhic Cárthaigh as deisceart na Mumhan chun éirí amach i gcoinne Uí Bhriain.[20] Mar thoradh roinneadh an Mumhain i ndá leath: Tuamhain faoi Uí Bhriain; agus Deasmhumhain faoi Mhic Cárthaigh.[20] Chur Ua Conchobair anseo croílár chríocha Uí Bhriain i gContae an Chláir faoina smacht, agus thóg sé i gcúige Chonnacht isteach é part.[20] Rinneadh seo chun Cormac Mac Cárthaigh, rí Dheasmumhan, a chur ar an Mumhain iomlán.[20]

In ainneoin Uí Chonchúir, bhunaigh Mhic Cárthaigh agus Uí Bhriain comhaontas le chéile chun dul i ngleic le ceannas na gConnacht, agus faoin mbliain 1138, d'éirigh leo an bagairt ón gceachtar sin a chur chun críche.[20] Sna blianta amach ansin, aontaíodh agus ath-chríochdheighleadh an Mhumha ó am go céile agus Uí Bhriain agus Mhic Cárthaigh in iomaíocht don ard-cheannas.[20] Sa bhliain 1168, rinne Ruaidrí Ua Conchobair, rí Chonnacht, deimhin de, go mbeadh an Mhumha roinnte go deo.[20]

Le teacht Anraí II Shasana landed go hÉirinn sa bhliain 1171, ghéill Mhic Cárthaigh dó chun ionradh Uí Bhriain a chosc.[20] Sa deireadh, ghéill Uí Bhriain d'Anraí chomh maith.[20] Óir gur géilleadh do chomh héasca sin, spreagadh Anraí chun deonú an Phápa, Laudabiliter, a athbheochan d'Éirinn.[20]

Éire na NormannachCuir in Eagar

Tar éis ionradh na Normannach, bunaíodh saoirsí Normannacha sna hiar-ríochtaí Connacht, Deasmhumhan, Laighean, na Mí, Tuamhan agus Uladh.[21][22] Roinneadh na saoirsí seo ina gcríocha níos lú, a bheadh in am trátha ina mbunús Contaetha na hÉireann.[21]

Níor tháinig Uí Néill an Tuaiscirt fair smacht na Normannach. Tháinig an chuid is mó de Oirialla faoina smacht, agus an chuid eile san oirthear faoi dheireadh na 12ú haoise faoi smacht na Normannaigh (as sin amach aithnithe mar "Oirialla na nGall" agus níos deireanaí fós an Lú).[18] Níor aithníodh Oirialla mar 'chúige' ansin, ach mhair an cheantar mar ríocht i gContae Mhuineacháin go dtí ré na nGael.[23] Ba é rí deireanach Oiriall ná Aodh Rua Mac Mathúna, a bhí i réim ón mbliain 1589 go dtí gur cuireadh chun báis é i Meán/Deireadh Fómhair 1590.

Le titim smacht na Sasanaigh i ndiaidh Feachtas Bhrúis i nÉirinn sa bhliain 1315, agus titim fosta an Iarlacht Uladh, tháinig athbheochan ar shaol na nGael. Tháinig Clann Aodha Bhuí Uí Néill an Tuaiscirt i réim i gcúige Uladh, faoi fhlaitheas Uí Néill Tír Eoghain, agus ag tógaint an teideal rí Ulad. Dá bharr. Níor fágadh arís ach cúig chúige — Connachta, Laighin, an Mhí, Mumha agus Ulaidh.

Aois na dTúdarachCuir in Eagar

 
Léarscáil Éireann 1716 le Johann Homann. Tá Contae an Chláir curtha amú aige sna Connachta. Bhí an Contae ar ais sa Mhumhain faoi na 1660í.

Le linn réimeas Mháire I (1553–1558), bhí sé ar intinn ag Fear Ionaid na hÉireann, Thomas Radclyffe, 3ú Iarla Sussex, Éire a roinneadh i sé chuid — Connachta, Laighin, an Mhí, Mumha Íochtarach, Mumha Uachtarach agus Uladh.[21] Níor cuireadh riamh an smaoineamh seo i bhfeidhm áfach, ní faoi Mháire nó níos deireanaí faoi Eilís I (1558–1603).[21]

Chruthaigh Sir Henry Sidney, a bhí faoi thrí ina Fhear Ionaid, dhá uachtaránacht sna Connachta agus sa Mumhain.[21] Ag iarraidh an Mhumha a lagú, chruthaigh sé Contae an Chláir leis an Sionainn mar theorainn aige, agus chuir sé leis na Connachta é sa bhliain 1569.[21] Timpeall na bliana 1600 ag deireadh réimeas Eilíse, rinneadh uachtaránacht neamhspleách den Chlár faoi Iarla Tuamhan. Ní bheadh an Contae arís mar chuid den Mhumhain go dtí Athchur na Seacaibíteach sa bhliain 1660.[21]

Athraíodh teorannacha na gcúigí ó am go ham le linn arís na dTúdarach, de ghnáth nuair a cruthaíodh contae nua:

  • cuireadh Contae an Chláir le cúige Chonnacht nuair a cruthaíodh é sa bhliain 1569, agus nuair cuireadh ar ais go Mumhain é go dtí na 1660í.[21]
  • cuireadh Contae an Longfoirt le cúige Connachta nuair a cruthaíodh é sa bhliain 1583.[21][24]
  • cuireadh Contae an Chabháin was le cúige Uladh nuair a cruthaíodh é sa bhliain 1584.[25]
  • cuireadh Contae Lú, le fada chuid den Pháil, le cúige Laighean.[21]

Le linn réimeas chomharba Eilíse, Séamas I Shasana, faoi 1610, cuireadh deireadh le cúige Mí, agus bhí líon na gcúigí as sin amach socraithe go buan.[21]

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

  • Bardon, Jonathan (2005). "A History of Ulster". The Blackstaff Press. 
  • Byrne, Francis (2001). "Irish Kings and High Kings". Four Courts Press. 
  • "Oxford Companion to Irish History" (2007). Oxford University Press. 
  • Duffy, Seán (2014). "Brian Boru and the Battle of Clontarf". Gill & Macmillan. 
  • Duffy, Seán (2005). "Medieval Ireland An Encyclopedia". Routledge. 
  • Hubert, Henri (1987). "The Greatness and Decline of the Celts". Routledge. “aimser na coicedach” .
  • Hogan, James (1928). "The Tricha Cét and Related Land-Measures". Acadamh Ríoga na hÉireann. 
  • Koch, John T. (2006). "Celtic Culture: Aberdeen breviary-celticism". 
  • MacCotter, Paul (2008). "Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions". Four Courts Press. 
  • Mac Néill, Eoin (1920). "Phases of Irish History". M.H. Gill & Son, Ltd.. .
  • Mac Néill, Eoin (1911). "Early Irish Population-Groups: Their Nomenclature, Classification, and Chronology". Acadamh Ríoga na hÉireann. 
  • Schlegel, Donald M.. "The Origin of the Three Collas and the Fall of Emain" Clogher Record, Iml. 16, Ui. 2 (1998), ll. 159–181. Clogher Historical Society. 
  • "From Gaelic to Romantic: Ossianic Translations" (1998). 

TagairtíCuir in Eagar

  1. Is meastachán seo atá ag cur daonáireamh phoblachta agus meastacháin TÉ ó seo le chéile
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Eoin Mac Néill (1920). "The Five Fifths of Ireland". 
  3. 3.0 3.1 Hogan, lch. 1
  4. 4.0 4.1 4.2 Hurbert, ll. 169–171
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Koch, lch. 459–460.
  6. 6.0 6.1 Stafford & Gaskill, lch. 75
  7. 7.0 7.1 John MacNeill, lch. 102
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 8.6 8.7 Duffy (2014), ll. 8–10.
  9. Byrne.
  10. MacCotter, lch. 46.
  11. 11.0 11.1 11.2 11.3 11.4 Duffy (2005), lch. 358.
  12. Duffy (2014), lch. 19.
  13. Duffy (2005), lch. 74.
  14. Duffy (2005), lch. 32.
  15. Duffy (2014), lch. 21.
  16. Bardon, lch. 14.
  17. Duffy (2005), ll. 490–1.
  18. 18.0 18.1 Duffy (2014), lch. 24.
  19. Duffy (2005), lch. 12.
  20. 20.0 20.1 20.2 20.3 20.4 20.5 20.6 20.7 20.8 20.9 Duffy (2005), lch. 458.
  21. 21.00 21.01 21.02 21.03 21.04 21.05 21.06 21.07 21.08 21.09 21.10 Falkiner, Caesar Litton. "The Counties of Ireland: A Historical Sketch of Their Origin, Constitution, and Gradual Delimitation". Acadamh Ríoga na hÉireann. 
  22. MacCotter, lch. 186.
  23. Connolly, lch. 12.
  24. John G. Crawford, Anglicising the Government of Ireland: The Irish Privy Council & the Expansion of Tudor Rule 1556–1578, Carraig Dhubh, 1993
  25. Desmond Roche, Local Government in Ireland, Baile Átha Cliath, 1982