Mhic Cárthaigh
Clann de chuid Eoghanachta na Mumhan ba ea Mhic Cárthaigh. Bhí roinnt géaga ann den chlann, ina measc Mhic Cárthaigh Riabhach, Mhic Cárthaigh Mhúscraí agus Mhic Cárthaigh Dhúiche Eala. As líon daoine Éireannacha leis an sloinne Mac Cárthaigh, tá cónaí ar seasca fán gcéad acu i gContae Chorcaí, áit a raibh an-chumhacht acu sa Mheánaois.
.
Stair
cuir in eagarIs é sinsear na clainne é Cárthach, rí Eoghanacht Chaisil king, a fuair bás sa bhliain 1045 de thairbhe tine tí lasaithe d'aon ghnó ag duine Uí Lonargáin (de bhall Dál gCais, céilí comhraic na nEoghanacht). Deargnamhaid an Ardrí, Brian Bóramha, ba é Cárthach. Cuireadh an ruaig ar réamhdhream Mhic Cárthaigh as a cheantar dúchais ar Mhachaire na Mumhan, Contae Thiobraid Árann, de bharr leathadh Uí Bhriain i lár na 12ú haoise.
Bhí beirt mhac, Tadhg agus Cormac, ag Muireadhach mac Cárthaigh (bás 1092). Ghlacadar beirt ainm a seanathair mar shloinne, .i. Mac Cárthaigh. Sa bhliain 1118, críochdheighleadh ríocht na Mumhan i ndá leath, Tuamhain agus Deasumhain, ag Conradh Ghleann Maghair. Rinneadh chéad rí Dheasumhan de Thadhg.
Le cúig aois anuas, bhí an chlann chun cinn sa Mhumhain. Bhí ceithre mhór-ghéag ann;
- Mhic Cárthaigh Mhóir, ceann na Fine, i réim i ndeisceart Chiarraí
- Mhic Cárthaigh Dhúiche Eala, i gceannas i iarthuaisceart Chorcaí
- Mhic Cárthaigh Riabhach, lonnaithe i gCairbre in iardheisceart Chorcaí
- Mhic Cárthaigh Mhúscraí, ar theorainn Chorcaí/Chiarraí.
Choinnigh na clanna is orthu ag troid in éadan chúngach na Normannach agus na Sasanach suas go dtí an seachtú haois déag nuair a chailleadar beagnach gach rud. Mar eisceacht, fuair an chlann White, sliochtaigh Chormaic Láidir Mhic Cárthaigh, le hoidhreacht Caisleán Mhaigh Chromtha. Dódh an caisleán sa bhliain 1922 agus is cuid de chlub gailf inniu é.[1]
Is sa Bhlarna a fhaightear rí-chathaoir Mhic Cárthaigh Mhúscraí. De réir sean-nóis, bronnadh Cloch na Blarnan ar Chormac Mac Cárthaigh, rí Dheasmhumhan, ag rí Roibeard Brús na hAlban, mar bhuíochas as ucht a chuid tacaíochta i mBlàr Allt a' Bhonnaich sa bhliain 1314. Tugadh an tríú Caisleán ar an suíomh ag Diarmaid Mac Cárthaigh (eile) sa bhliain 1446. Bhí cáil ar Dhiarmaid as a solabharthacht, agus dá bharr, an nós go dtuga Cloch na Blarnan bua na cabaireachta ar duine ar bith a phógfadh í.
Tá an-chuid tagairtí do chlann Mhic Cárthaigh Anna hannála, i nAnnála Inis Faithlinn ach go háirithe. Saoirbhreathach (galldaithe mar Justin) ba ea athair Chárthaigh, ainm atá le fáil sa chlann le feadh na gcianta, matáin le Finghin (galldaithe mar Florence, sa ghnáthchaint Flurry).
Bhí an choróin i seilbh Mhic Cárthaigh, de réir tánaisteacht an Fhéineachais suas go dtí scaoileadh na ríochta sa bhliain 1596.
Clanna
cuir in eagarFeictear sin chlann déag mhic Cárthaigh sa King's History of Co. Kerry:
- Sliocht Eoghain Mhóir Chois Mainge
- Sliocht Cormaic Dunguile
- Sliocht Fhinghin Duibh Aird Chánachta
- Sliocht Chlann Domhnaill Fhionn
- Sliocht Iníon Riddery
- Sliocht Domhnaill Bhric
- Sliocht Neidín
- Sliocht Chlann Taidhg Chiotaigh
- Sliocht Chlann Diarmada
- Sliocht Chlann Domhnaill Rua
- Sliocht Mhic Fhinghin
Tá garghaol idir Mhic Cárthaigh agus roinnt teaghlaigh na Mumhan eile, san áireamh Uí Shuilleabháin, Uí Cheallacháin, Uí Chaoimh, Uí Dhonnchadha agus Uí Dhonnabháin. Bhí luathchlann Mhic Cárthaigh Anna ghlaoiti Mhic Amhlaoibh orthu féin.
Ríthe Dheasmhumhan 1118–1596
cuir in eagar- Tadhg, mac is sine Mhuireadhaigh, 1118–1123
- Cormac Mac Cárthaigh, a dheartháir, 1123–1127 & 1127–1138
- Donnchadh, a dheartháir, 1127 & 1138–1143
- Diarmaid, a nia, 1143–1185
- Finghin, a dheartháir, 1206–1207
- Diarmaid mac Domhnaill, 1207–1229
- Cormac, a dheartháir, 1229–1247
- Domhnall Got, 1247–1252
- Fínghin de Chath Challainne, 1252–1261
- Cormac, a dheartháir, 1261–1262
- Domhnall mac Cormaic, 1262–1302
- Domhnall mac Domhnaill, 1302–1306
- Donnchadh, deartháir Domhnaill, 1306–1310
- Diarmaid mac Domhnaill, 1310–1326
- Cormac, deartháir Diarmada, 1326–1359
- Domhnall mac Cormaic, 1359–1390
- Tadhg mac Domhnaill, 1390–1428
- Domhnall, mac Taidhg, 1428–1469
- Tadhg, deartháir Domhnaill, 1469–1503
- Domhnaill mac Taidhg, 1503–1508
- Cormac, deartháir Domhnaill, 1508–1516 & Tadhg mac Domhnaill, 1508–1514
- Domhnall mac Cormaic, 1516 – ante 1558
- Domhnall, ante 1558–1596
Daoine
cuir in eagar- Cormac Láidir Mac Cárthaigh, 9ú Tiarna Mhúscraí, taoiseach, 1411–1494
- Cormac Óg Láidir Mac Cárthaigh, 10ú Tiarna Mhúscraí, uasal, bás 1536
- Cormac mac Diarmada Mac Cárthaigh, 16ú Tiarna Mhúscraí, bás 1616
- Cormac (Charles) Mac Cárthaigh, 1d Viscount Mhúscraí agus Baron of Blarney, bás 1641
- Finghin Mac Cárthaigh, 1563–1640
- Donnchadh Mac Cárthaigh, Viscount Mhúscraí agus Iarla Clancarty, bás 1665
- Charles MacCarthy, saighdiúir in airm na Fraince agus Shasana, bás 1665
- Justin MacCarthy, Viscount Mountcashel, mac le Donnchadh Mac Cárthaigh, Viscount Mhúscraí, bás 1694
- Donough MacCarthy, 4th Earl of Clancarty, garmhac le Donnchadh Mac Cárthaigh, Viscount Mhúscraí, 1670–1734
- Nicholas Tuite MacCarthy, seanmóirí Íosánach mór le rá, 1769–1833
- Charles MacCarthy, saighdiúir in airm na Fraince, na hÍsiltíre agus Shasana, 1764–1824
- Robert MacCarty, Viscount Muskerry, oifigeach Chabhlach Ríoga Éireann agus riarthóir coilíneach, 1685–1769
McCarthy
cuir in eagar- Andre McCarthy (rugadh 1987), imreoir cruicéid Iamácach
- Andrew McCarthy (rugadh 1962), aistriú Meiriceánach
- Andrew McCarthy (peileadóir) (born 1998), peileadóir Albanach
- Andrew C. McCarthy (rugadh 1959), dlíodóir agus iriseoir Meiriceánach
- Arch McCarthy, imreoir daorchluiche
- Benni McCarthy (rugadh 1977), peileadóir Afraice Theas
- Bernard McCarthy (1874–1948) imreoir cruicéid, dlíodóir agus ridire an Phápa as Nua Séalainn
- Bernie McCarthy (1943–2019), peileadóir Astrálach
- Brandon McCarthy (rugadh 1983), imreoir daorchluiche Meiriceánach
- Callum McCarthy (rugadh 1944), intleachtóir Briotanach
- Carolyn McCarthy (rugadh 1944), feisire SAM
- Chris McCarthy (1931–2009), siúlóir Meiriceánach
- Claire McCarthy (rugadh 1976), reathaí maratóin Éireannach
- Clem McCarthy (1882–1962), láithreoir spóirt Meiriceánach
- Con McCarthy (1893–1975), peileadóir Astrálach
- Con McCarthy (rugbaí sraithe) (1894–1968), imreoir rugbaí sraithe Nua Séalainne
- Cormac McCarthy (rugadh 1933), úrscéalaí Meiriceánach le duais Pulitzer
- Dalton McCarthy (1836–1898), dlíodóir agus polaiteoir Ceanadach
- Dennis McCarthy (cumadóir) (rugadh 1945), cumadóir scannán
- Dominic McCarthy (1892–1975), Astrálach le Victoria Cross
- Don McCarthy (1955–2018), fiontraíBriotanach
- Douglas McCarthy (rugadh 1966), amhránaí Sasanach
- Dudley McCarthy (1911–1987), saighdiúir agus staraí míleata Astrálach
- E. Jerome McCarthy (1928–2015), scoláire margaíochta Meiriceánach
- Earl McCarthy (rugadh 1969), snámhóir Éireannach
- Edward McCarthy, fear an ghárda Meiriceánach
- Edward A. McCarthy (1918–2005), Ardeaspag Caitliceach Rómhánach Meiriceánach
- Edward Joseph McCarthy (1850–1931), Ardeaspag Caitliceach Rómhánach Ceanadach
- Ellis McCarthy (rugadh 1994), peileadóir Meiriceánach
- Eugene McCarthy (1916–2005), féidir agus Seanadóir Meiriceánach
- Fabian "Fabe" McCarthy (rugadh 1919), imreoir rugbaí Astrálach
- Francis X. McCarthy (rugadh 1942), aisteoir Meiriceánach
- Garry McCarthy (rugadh 1959), riarthóir ghárda Meiriceánach
- Glenn McCarthy (1907–1988), fear gnó Meiriceánach
- Harry McCarthy, siamsóir
- J. P. McCarthy (1933–1995), craoltóir raidió Meiriceánach
- J. Thomas McCarthy (rugadh 1937), oide, údar agus dlíodóir Meiriceánach
- Joe McCarthy (bainisteoir) (1887–1978), bainisteoir daorchluiche Meiriceánach
- John McCarthy (cumadóir) (rugadh 1961), cumadóir scannán
- Joseph McCarthy (1908–1957), Seanadóir SAM
- Kate McCarthy (born 1992), peileadóir Astrálach
- Kevin McCarthy (aisteoir) (1914–2010), aisteoir Meiriceánach
- Kevin McCarthy (polaiteoir California), feisire (2007–inniu) agus Ceannaire Mionlaigh Tí (2019–inniu)
- Kevin McCarthy (imreoir cruicéid) (rugadh 1945), imreoir cruicéid Astrálach
- Leo T. McCarthy (1930–2007), fear gnó agus polaiteoir as Californian
- Lincoln McCarthy (rugadh 1993), peileadóir Astrálach
- Maeve McCarthy, matamaiticeoir Éireannach
- Margaret McCarthy, imirceach Gael-Mheiriceánach
- Melissa McCarthy (rugadh 1970), aisteoir agus bean ghrinn Mheiriceánach
- Mick McCarthy (rugadh 1959), peileadóir agus bainisteoir Sasanach
- Mick McCarthy (peileadóir, rugadh 1911), peileadóir Éireannach
- Mick McCarthy (peileadóir) (1965–1998), peileadóir Éireannach
- Mike McCarthy (rugadh 1963), bainisteoir peile
- Nobu McCarthy (1934–2002), aisteoir Seapánach-Cheanadach
- Paul McCarthy (rugadh 1945), ealaíontóir Meiriceánach
- Peter Charles Robinson (1952–2004), afm Pete McCarthy, craoltóir agus scríbhneoir taistil Briotanach
- Peter McCarthy (tionsclaí) (1845–1919), tionsclaí agus daonchara Meiriceánach
- Rachel McCarthy (rugadh 1984), file, léirmheastóir agus craoltóir Sasanach
- Rashawn McCarthy (rugadh 1989), imreoir cispheile Filipíneach-Mheireacánach
- Rory McCarthy, (rugadh 1975), iománaí Éireannach
- Shaun Lloyd McCarthy (1928–2000), afm Desmond Cory, úrscéalaí Briotanach
- Steve McCarthy (dornálaí) (rugadh 1962), dornálaí Briotanach
- Steve McCarthy (haca oighir) (born 1981), imreoir haca oighir Ceanadach
- Thaddeus McCarthy (1455–1492), easpag Éireannach
- Thaddeus McCarthy (dlí-eolaí) (1907–2001), dlí-eolaí Nua Séalainne
- Tim McCarthy (rugadh 1949), gníomhaire rúnseirbhís SAM, gortaithe le linn iarrata mharfaí ar Uachtarán Reagan
- Tom McCarthy (stiúrthóir) (rugadh 1966), stiúrthóir scannán agus aisteoir Meiriceánach
- Tom McCarthy (úrscéalaí) (rugadh 1969), úrscéalaí Sasanach
- Tom McCarthy (craoltóir spóirt) (born 1968), craoltóir spóirt Meiriceánach
- Tom McCarthy (ceardchumannaí) (c. 1862 – 1899) ceardchumannaí Éireannach
- Tommy McCarthy (cispheil) (1863–1922), imreoir cispheile Meiriceánach
- Walter T. McCarthy (1898–1985), dlíodóir agus breitheamh Meiriceánach
- Winston McCarthy (1908–1984), craoltóir spóirt Nua Séalainne
McCarty
cuir in eagar- Calvin McCarty (rugadh 1984), peileadóir cúlaí reatha Ceanadach
- Carolyn A. McCarty (beo 2019), síceolaí Meiriceánach
- Daniel T. McCarty (1912–53), polaiteoir Meiriceánach
- Darren McCarty (rugadh 1972), imreoir haca Ceanadach
- David McCarty (rugadh 1969), imreoir daorchluiche Meiriceánach
- David McCarty (American football) (rugadh 1987), peileadóir Meiriceánach
- Dax McCarty (rugadh 1987), imreoir sacair Meiriceánach
- Ernest McCarty (rugadh 1941), ceoltóir agus drámadóir Meiriceánach
- Henry "Billy the Kid" McCarty (bás 1881), meirleach Meiriceánach
- J. D. McCarty (1916–1980), polaiteoir Meiriceánach as Oklahoma
- Jim McCarty (rugadh 1943), ceoltóir pop/rock Sasanach
- Jim McCarty (giotáraí) (rugadh 1947), giotáraí blues/rock Meiriceánach
- John McCarty (fl. 1880s), imreoir daorchluiche Meiriceánach
- John McCarty (Nua-Eabhrac) (1782–1851), polaiteoir Nua-Eabhrac
- Ken McCarty (rugadh 1958), polaiteoir Meiriceánach
- Leon McCarty (1888–1962), bainisteoir spóirt coláiste Meiriceánach
- Luther McCarty (1892–1913), dornálaí trom-mheáchain Meiriceánach
- Maclyn McCarty (1911–2005), géineolaí Meiriceánach
- Mary McCarty (1923–1980), aisteoir, amhránaí, rinceoir agus bean ghrinn Mheiriceánach
- Mary McCarty (1931–2009), imreoir daorchluiche Meiriceánach
- Ted McCarty (1910–2001), déantóir giotár leictreach Meiriceánach
- Walter McCarty (rugadh 1974), imreoir cispheile Meiriceánach
- William M. McCarty (c. 1789 – 1863), polaiteoir Meiriceánach
MacCarthy
cuir in eagar- Denis Florence MacCarthy, file, aistreoir agus beathaisnéisí, 1817–1882
- Desmond MacCarthy, léirmheastóir Sasanach, 1878–1952
- Fiona MacCarthy (1940–2020), beathaisnéisí agus staraí an chultúir Sasanach
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Burke, Bernard and Hugh Montgomery-Massingberd, Burke's Irish Family Records, or Burke's Landed Gentry of Ireland. Londain: Burke's Peerage Ltd. 5ú heagrán, 1976.
- Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán, 2001.
- Cronnelly, Richard F., Irish Family History Part II: A History of the Clan Eoghan, or Eoghanachts. Baile Átha Cliath. 1864.
- D'Alton, John, Illustrations, Historical and Genealogical, of King James's Irish Army List, 1689 2 iml. Londain: J.R. Smith. 2a heagrán, 1861.
- Laffan, Thomas (1911). "Tipperary Families : Being The Hearth Money Records for 1665–1667". James Duffy & Co.
- Ó Donnabháin, Seán (eag.), Annála na gCeithre Máistrí. 7 iml. Acadamh Ríoga na hÉireann. Baile Átha Cliath. 1848–51. 2a heagrán, 1856.
- O'Hart, John, Irish Pedigrees Baile Átha Cliath. 5ú heagrán, 1892.
- Ó hInnse, Séamus (eag.) agus Florence MacCarthy, Leabhar Mhic Cárthaigh, nó Miscellaneous Irish Annals (A.D. 1114–1437). Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1947.
- O'Keeffe, Eugene (eag.), Eoganacht Genealogies from the An Leabhar Muimhneach. Corcaigh. 1703. (le fáil ar archive.org)
- McCarthy (Glas), Daniel, A Historical Pedigree of the Sliochd Feidhlimidh the MacCarthys of Glean-nacroim, from Carthach, twenty-fourth in descent from Oilioll Olum, (1880; W. Pollard)
- O'Brien, Michael J, The McCarthys in Early American History, (1921; Nua-Eabhrac, Dodd, Mead & Company)
- McCarthy, Samuel Trant, The MacCarthys of Munster: The Story of a Great Irish Sept, (1922: The Dundalgan Press)
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- The McCarthy Clan Gathering 2013 Curtha i gcartlann 2022-05-19 ar an Wayback Machine
- MacCarthy Mór Pedigree ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- The MacCarthys and the Nine Years War in Munster, 1595-1603 ar The Irish Story
- Centuries of ‘lost’ MacCarthy lore returned ar Irish Examiner
- McCarthy ar Araltas
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Macroom Golf Club". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Bealtaine 2008. Dáta rochtana: 14ú Eanáir 2022.