Ríocht i nÉirinn na nGael ba ea Ríocht na Mumhan, suite i n-iardheisceart na tíre ón chéad aois RC ar a laghad go dtí an bhliain AD 1118. De réir stair traidisiúnta na hÉireann, mar shampla i nAnnála na gCeithre Máistrí, bunaíodh an ríocht ag Clann Dedad (aitheanta fosta mar na Dáirine), treibh Éarann de chuid na nGael. Feictear roinnt ríthe go suntasach sa Rúraíocht, amhail is Cú Raoi agus Conaire Mór. Le roinnt aoiseanna, chuaigh siad i ngleic ar ag son Ard-Ríogacht na hÉireann, ach sa deireadh thit siad siar óna gConnachta, sliocht Choinn Chéadchathaigh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRíocht na Mumhan

Suíomh
Daonra
Teanga oifigiúilGaeilge Chianach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1 haois "RCh"
Díscaoileadh1138
Á leanúint agDeasmhumhain, Tuamhain agus Osraí Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil Ríocht na Mumhan sa 10ú haois, críocha tar éis chaillteanas an Osraí

Tharla athruithe mór sa Mhumhain i rith na 7ú haoise, nuair a thit an Chorca Laidhe (sinsear Uí Eidirsceoil) as cumhacht. Tógadh Osraí, a bhí faoi cheannas na Mumhan le dhá aois, ar ais ag an Dál Birn (sinsear Mhic Giolla Phádraig). D'athraigh fo-dhreamanna éagsúla, amhail is an Múscraí, a gcuid dílseachta agus tháinig dá bharr na hEoghanachta i gceannas. Le trí aois anuas, chuaigh fo-theaghlaigh éagsúla a fháil is Eoghanacht Chaisil (sinsear Uí Shúilleabháin agus Mhic Cárthaigh)[1] agus Eoghanacht Ghleanndamhnach (sinsear Uí Chaoimh) i ngleic le haghaidh cuirim na Mumhan. D'fhorbraíodh an Chríostaíocht Cheilteach ag an am seo, agus d'éirigh Carraig Phádraig (Caiseal) chun cinn ina ionad. Bhí sé ar a gcumas ag beirt ríthe, Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh agus Cathal mac Finguine, Mumhan a ardú ina príomhríocht le seal gairid.

Ón 9ú haois ar aghaidh, bhí an Mhumha faoi ruathar na Lochlannach agus Uí Íomhair i gceannas, a lonnaigh i Luimneach, Port Láirge agus Corcaigh. Ag an am gcéanna, tháinig an Dál gCais (sinsear Uí Bhriain),[2] a aitheanta Futa mar na Déise, chun cinn in éadan na nEoghanacht, le cabhair ón Uí Néill. Ba é Brian Bóramha agus a chuid eachtraí a bhunaigh réim an Dáil Chais an chuid eile den 11ú haois. Mar thoradh corraíola intíre ámh, críochdheighleadh an Mhumha ag an Ard-Rí Toirdhealbhach Ó Conchúir le Conradh Ghleann Maghair sa bhliain 1118, idir Tuadhmhumhain faoi cheannas Uí Bhriain, agus Deasmhumhain faoi cheannas Mhic Cárthaigh.

Tuadhmhumhain
Deasmhumhain / Mhic Cárthaigh
Osraí / Mhic Giolla Phádraig

Sanasaíocht cuir in eagar

Faightear sa téacs Meán-Ghaeilge den mheánaois deiridh, Cóir Anmann, a dó nó a trí shanas le haghaidh an ainm Mumu/Mumha(in).[3]

Meán-Ghaeilge NuaGhaeilge

Mumu, canus rohainmnighidh?

Ni ansa. A nomine alicuius regis .i. ó ainm righ bái fuirri .i. Eochaid Mumo mac Niadh Feibhis eissidhe.
Eochaid Mumo cidh día tá?
Ni ansa. Eochaid Momó .i. ar ba mó a nert & a cumachta ina nert & cumachta cach duine a n-Éirinn bói a comhré fris. Is de sin ainmnighther Mumú.

Nó Muma .i. mó a h-ana nás ana cach coigidh aili a n-Eirinn, ar is innti nó adhradh bandía in t-sónusa .i. Ana a h-ainm-sein, & is uaithi sidhe isberar Da Chigh Anann ós Luachair Degad.[4]

Mumu, conas d'ainmníodh?

Ní hansa! A nomine alicuius regis .i. ó ainm rí atá .i. Eochaid Mumo mac Niadh Feibhis eisean.
Eochaid Mumo, cé hé?
Ní hansa! Eochaid Mómó .i. ar ba mhó a neart agus a chumhachta ná neart agus cumhachta gach duine in nÉirinn ar chomhré leis. Is de sin a ainmnítear Mumha.

Muma .i. is mó a h-ana (saibhreas, conách) ná ana gach cúige eile in Éirinn, nó is inti adhradh bhandia an tsonais .i. Ána a hainmse, agus is uaithi an Dá Chích Anann os Luchair Dedad

Luath-Ard-Rí de shliocht Éibhir Fhionn ab ea Eochaid Mumo, a bhí i gcoróin idir na blianta 1449 – 1428 RC.[5]

B'fhéidir é gurb ionann Ána agus an máthair-bhandia, Danu. Tá na sléibhte Dá Chích Anann suite gar do Chill Airne.

Stair cuir in eagar

Teacht chun cinn na nDáirine cuir in eagar

Ba iad Éarainn, ar cheann d'fho-ghéaga is mó na nGael in Éirinn, iad luath-ríthe na Mumhan. Feictear iad sa Rúraíocht, ina measc mórlaochra amhail is Cú Raoi mac Dáire, Conaire Mór, Lughaidh mac Con Raoi, srl. In particular, Cú Raoi features sa Táin Bó Cúailnge, ina théann sé i gcomhrac le hAmergin mac Eccit go dtí go n-iarann Meadhbh air stopadh. Maraíonn Cú Chulainn Cú Raoi tar éis dá chime, Bláthnat, feall a imirt air. Bhain a mhac, Lughaidh mac Con Raoi, díoltas as a bhás.

 
Rath déanta as clocha ar Shliabh Mis is ea Cathair Conraoi, ainmnithe as rí na nDáirine, Cú Raoi.

Cumhacht tsuntasach in Éirinn na nGael ab ea na Dáirine, mórghéag na nÉrann ainmnithe as Dáire mac Dedad. Chomh maith le ríthe na Mumhan, faightear ina measc roinnt Ard-Ríthe, san áireamh Eidirscéal Mór agus Conaire Mór, a fheictear sa scéal Togail Bruidne Dá Derga. Bhíodh ann fosta Teamhair Luachra, láthair ríoga na Mumhan, ach ní fios inniu a suíomh (d'fhéadfadh gurb ionann í Cathair Conraoi).

De réir Leabhar Ghleann Dá Locha, bhog Fiatach Fionn ó thuaidh go dtí an Ulaidh. Bhunaigh sé an Dál Fiatach agus d'éirigh sé ina Rí na nUladh, ag dul i ngleic le rí teaghlaigh na nUlad, Clanna Ruadhraí. De réir Chroinic na hÉireann, bhí na ceannairí úd ar marthain sa chéad aois RC. Deimhníodh na hÉrainn (agus finte eile sa cheantar) i bhfoinsí iasachta amhail is Geographia le Tolamaes, faoin ainm Iverni.

Sa dara haois AD, tháinig borradh faoi chumhacht na Mumhan le teacht i réim Chonaire Chaoimh mar Ard-Rí. Pearsa thabhachtach is ea Conaire i nginealaigh Gaelacha, mar shinsear Síl Chonaire. Bhunaigh a mhic Cairbre Músc (sinsear Múscraí agus Chorca Duibhne), Cairbre Baschaín (sinsear Corca Baiscinn) agus Cairbre Riada (sinsear Dáil Riada). Bheadh an chéad dá chorca chun cinn sa Mhumhain, agus bhogfadh an chorca Riada ó thuaidh go dtí an Ulaidh agus ar deiridh bhunófaí ríocht na hAlban acu.

Ard-Rí eile den Dáirine ón aimsir seo ab ea Lughaidh Mac Con, sinsear Corca Laidhe. sadhb iníon Choinn na gConnacht ab ea a mháthair, agus glaodh Mac Con air toisc go ndeirtear gur thug a athair altrama, Ailill Ólom, an chíoch dó. Tháinig sé i gcoróin mar Ard-Rí tar éis dó Art mac Coinn a mharú i gCath Maige Mucrama, mar a ínsítear sa scéal úd.

Maítear gur Rí na Mumhan ab ea Ailill Ólom, ball desna Deirgtine. Luaitear ríthe eile den dream seo neamhDháirine luaite i Scéalaíocht na Ríthe, san áireamh Mogh Nuadhad, Eoghan Mór agus Fiachu Muillethan. Is cúis achrann é an gaol idir an Deirgtine agus finte eile na Mumhan. Mhaígh na hEoghanachta, a tháinig chun cinn sa 4ú haois faoi cheannas Choirc mhic Luighthigh, síolrú díreach uathu. Nuair a tháinig siad i gcoróin sa 7ú haois, is dócha é gur chum siad éilimh ghinealacha chun tacaíocht lena ndlisteanacht 'sacu a dhéanamh.

Teacht na Críostaíochta cuir in eagar

Tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn sa 5ú haois, go formhór tríd an Mumhain agus an Laighin. Bhí naisc ar leith le Mumhain ag a lán luath-naomh na hÉireann atá luaite sa Codex Salmanticensis, go háirithe Naomh Ailbhe as Imleach, suíomh stairiúil na Mairtine. Is dócha go bhfuair sé a chuid orduithe canónta ó Naomh Palladius, a chuir an Pápa Celestine I chun Éireann é sa bhliain 431 AD.[6] Ba é Ciarán Saighre an chéad Naomh Críostaí Éireannach. Gaolta leis an Osraí, de shliocht an Chorca Laidhe ab ea a mháthair. Ina dteannta seo, thiontaigh Naomh Déaglán mac Eirc na nDéise Mumhan a mhuintir féin agus bhunaigh sé mainistir ag Aird Mhór.

 
The Baptism of the King of Cashel by St Patrick, le James Barry, c. 1780í. Le tiontú Aonghasa mhic Nadha Fraoigh, d'fhás an Chríostaíocht sa Mhumhain.

Tiontaíodh an Eoghanacht Chaisil le linn réimse Aonghasa mhic Nadha Fraoigh. Dúradh gur bhaist Naomh Pádraig féin é, agus go ndearna Pádraig de thaisme poll i gcois an rí lena bhachall, pian a ghlac Aonghas gan ghearán, i leith is gur chuid den deasghnáth é.[7] De réir na dtéacsanna Agallamh na Seanórach agus Senchas Fagbála Caisil, bunaíodh Caiseal, ó dhúchas i gcríocha Éile, tar éis fís míorúilteach faoi Phádraig, a bhí ag by Corc mac Luighthigh seasca bliain roimhe sin. Insítear san Agallamh gur ghearr Aonghas cáin gach trí bliana sa Mhumhain, aitheanta mar "screaball bhaist Naoimh Phádraig" (gearradh seo go dtí aimsir Naoimh Chormaic mhic Cuileannáin).[8]

 
Sceilig Mhichíl amach ón gcósta ó Uíbh Ráthach. Sa 6ú haois, bhunaigh Naomh Fionnán as Cluain Ioraird anseo mainistir Chríostaí iargúlta

Faightear sa Mumhain roinnt desna suímh mainistr i+?imní!?n !jeacha Éireannacha is luaite.

Roghnaigh go minic na manaigh úd suímh gharbha iargúlta le haghaidh a mainistreacha, ag cleachtadh spioradáltachta diantréanaí, cosúil le haithreacha an fhásaigh san Éigipt Chríostaí. Bhunaigh fosta naoimh eile a mainistreacha istigh faoin tír, amhail is

Ba as an Mumhain ó dhúchas é Naomh Breandán as Biorra, maraon le Naomh Breandán as Cluain Fearta, a rugadh i dtír an Chiarraí Luachra. Bhí cáil ar ban-Naomh Íde, a bhfuil Cill Íde, Contae Luimnigh ainmnithe aisti, mar "Bríd na Mumhan."

Ré na nEoghanacht cuir in eagar

Faoin 7ú haois, bhí an ruaig curtha ag na hEoghanachta ar an gCorca Laidhe agus gach fine eile le haghaidh cinsil sa Mhumhain. Mar chomhghuaillí acu san eachtra seo, bhí an Múscraí, a switched sides in éadan a gcolanna Éarann i bhfad amach, an Corca Laidhe.

I gcomhthéacs stairiúil níos leithne in Éirinn, bhí clann Uí Néill ar a mboinn mar phríomhchumhacht na tíre, bhí na hÉarainn ag dul i léig, na Laigin teoranta, agus na hEoghanachta ar tí teacht chun cinn sa Mhumhain.[9] Bhí cúrsaí geopholaitiúla ag teacht i réim, bunaithe ar tír roinnte idir Leath Choinn agus Leath Mhogha. Agus Faílbe Flann mac Áedo Duib i gceannas, chuaigh airm na Mumhan trasna na Sionainne agus chloígh siad Uí Fhiachrach Aidhne na gConnacht, ag gabháil na gcíoch uathu a bheadh in am trátha Tuamhain (agus ar deireadh Contae an Chláir) agus á lonnú ann na Déise. Bhí sé ar a chumas ag Failbhe a thionchar agus a chumhacht a chur laistigh den Mhumhain, agus ríthe na Laighean á roghnú. Le titim na Corca Laidhe, tháinig Mhic Giolla Phádraig agus i gceannas san Osraí, cé go raibh sé fós tuath na Mumhan go dtí an 9ú haois.

 
Carraig Phádraig (Caiseal), lárionad chumhacht na hEoghanacht Chaisil, sinsear Mhic Cárthaigh, príomhtheaghlach de ríthe Mumhan.

Maidir leis na hEoghanachta féin, bhí dhá phríomhghéag iontu. Ba é an "ciorcal laistigh" san oirthear an géag níos cumhachtaí, roinnte faoi cheathair: Eoghanacht Chaisil, Eoghanacht Ghleanndamhnach, Eoghanacht Áine agus Eoghanacht Oirthir Cliach.[10] Sa "chiorcal lasmuigh" san iarthar agus deisceart bhí Eoghanacht Raithlinn agus Eoghanacht Locha Léin. Cé go raibh sinsear éagsúil ag Uí Liatháin agus Uí Fiodhghinte, mar atá Dáire Cerbba, faightear iad scaití curtha leis an Locha Léin. De réir an téacs Frithfolaid ríg Caisil fri túatha Muman, ní raibh ceart ach ag sliocht athairlíneach Nadha Fhraoigh bheith ina rí Mumhan.[10] Agus go deimhin, tháinig an chuid is mó de ríthe Mumhan as Eoghanacht Chaisil (sinsear Uí Shúilleabháin agus Mhic Cárthaigh), Gleanndamhnach (sinsear Uí Chaoimh) agus Áine (sinsir Uí Chiarmhaic).

In ainneoin mhéid a ríochta, de ghnáth bhí an Mhumha go suntasach níos laige ná Uí Néill níos cumhachtaí ó thuaidh. D'fhógraíodh na hEoghanachta an bholscaireacht gur rialaigh trí "rath agus féile", in ionad birt brúidiúil.[10] Bhí beirt ann mar eisceachtaí ar an gcnámhscéal seo, mar a bhí Faílbe Flann agus Cathal mac Finguine as Gleannúir, a chuir é féin chun cinn mar iomaitheoir láidir don teideal Ard-Rí na hÉireann. Throid sé in éadan tsraith triúr ríthe Uí Néill le haghaidh chinsil: Fergal mac Máele Dúin, Flaithbertach mac Loingsig agus Áed Allán. An rí is cumhachtaí as an Mumhain a bhí sé go dtí Brian Bóramha sa 11ú haois.

Ruathair Uigingeach agus longphoirt cuir in eagar

Ón 8ú haois deiridh ar aghaidh, thosaigh na hUigingigh - Ioruaigh as Crích Lochlann - ruathair a thabhairt faoi mhainistreacha Éireannacha iargúlta. Go sonrach sa Mhumhain, tugadh ruathair faoi Inish Cathaigh (816 agus 835) agus Sceilig Mhichíl (824).[11] Ghoid na ruathairí soláthairtí, earraí luachmhar (obair mhiotail ach go háirithe), beostoc agus cimí daonna (maidir leo siúd, nó fuasclaíodh iad dá mba daoine iomráiteacha den chléir iad nó díoladh iad ina sclábhaithe thar lear).[12] I gcásanna áirithe in Éirinn, le lár na 9ú haoise, bhunaigh na hUigingigh campaí cois farraige aitheanta mar longphoirt, san áireamh sa Mhumhain Port Láirge, Eochaill, Corcaigh agus Luimneach.[12] Faoi dheireadh, thosaigh na hUigingigh ag trádáil leis na Gaeil agus idirphós roinnt acu. Thiontaigh siad de réir a chéile ina gCríostaithe agus d'éirigh ina Norse-Gaeil, ag meascadh tréithe den dá chultúr.

Sa deireadh, tháinig an chlann Uigingigh, Uí Íomhair (ag maíomh gur de shliocht Ivar the Boneless mac Ragnar Lodbrok iad) chun cinn in dhá ríocht bheaga sa Mhumhain, mar Ríthe Luimnigh agus Ríthe Port Láirge. Bhíodh achrann idir na ríochtaí seo agus Uigingigh in Éirinn, agus bhí gréasáin chasta comhghuaillíochtaí acu le clanna Gaelacha.[12] Níorbh ar aon bhealach amháin a rith an tionchar cultúir. In am trátha, ghlac roinnt teaghlaigh Ghaelacha na Mumhan ainmneacha pearsanta agus sloinne le foinse Sean-Ioruaise, san áireamh Mhic Amhlaoibh (Olaf).[12]

Sa bhliain 939, tharla sampla suntasach de chomhghuaillíocht Uigingeach-Ghaelach idir Uigingigh Phort Láirge agus Cellachán Caisil in éadan Donnchadh Donn, Ard-Rí Uí Néill an Deiscirt.[12] Go ginearálta ámh, ba chúis BBB ar an Mumhain é tionchar na nUigingeach, i dteannta le brú ó Chlann Cholmáin Uí Néill, agus briseadh fiú go síoraí an tOsraí as an ríocht.

 
Rí-easpag cáiliúil den 10ú haois ab ea Naomh Cormac mac Cuilennáin, gaolmhar le Sanas Cormaic.

Tháinig pearsana chun cinn laistigh desna príomhrítheaghlaigh. D'éirigh Naomh Cormac mac Cuileannáin as géag sóisearach den Eoghanacht Chaisil le linn na luath-10ú haoise. Fuair Cormac agus a right-hand man Flaithbertach mac Inmainén buanna ar Ard-Rí Flann Sinna tar éis dó an Mhumha a scriosadh sa bhliain 906. I dteannta lena chumas míleata agus a chuid cráifeachta, bhí clú ar Chormac mar fhear liteartha, agus é gaolmhar le Sanas Cormaic. Tar éis chatha inár cloíodh agus maraíodh Cormac, tháinig Flaithbheartach i gcomharbacht air, an t-aon Rí ansin na Mumhan den Múscraí, aitheanta níos deireanaí mar Uí Dhonnagáin.

Críochdheighilt i nDeasumhain agus Tuamhain cuir in eagar

Sa 10ú haois, thug an Dál gCais a dhúshlán na hEoghanachta as Tua(dhmhu)mha(in), sinsear Uí Briain). Thug Uí Néill cabhair dóibh ar dtús, ag iarraidh Eoghanacht níos laige. Ba é Brian Bóramha an phearsa is cáiliúla an Dáil Chais, a chuir é féin chun cinn ní amháin mar Rí na Mumhan, ach fosta mar Ard-Rí na hÉireann, agus bhain sé clú agus cáil amach as ucht a chuid eachtraí in éadan na nUigingeach (agus a gcomhghuaillithe) i gCath Chluain Tarbh. I ndiaidh bhás Bhriain, bhíodh an Dál gCais i gceannas sa Mhumhain le linn na 11ú haois gan bhriseadh — ó réimse Dhonnchadha Uí Bhriain go dtí réimse Bhriain Uí Bhriain. Bhí beirt ríthe ina measc, Toirdhealbhach Ó Briain agus Muircheartach Ó Briain, ina nArd-Ríthe freisin. Le linn réimse Mhuircheartaigh, cuireadh eachtraí a sheanathar, Brian, i láthair sa tráchtas bolscaireachta próta-náisiúnach Éireannach, Cogad Gáedel re Gallaib, scrios mar chogadh saortha Gaelach in éadan na nUigingeach agus a gcuid comhoibrithe.

 
Cath Chluain Tarbh le James Ward, c. 1914, múrmhaisiú i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath. Bhí sliochtaigh Bhriain Bhóromha i gceannas sa Mhumhain go dtí 1118.

Ag druidim le deireadh réimse Mhuircheartaigh, thit a laige air. Bhí a dheartháir, Diarmaid Ó Briain, cumhachtach i bPort Láirge, den tuairim gurbh eisean a bheadh ina rí níos fearr. Ina dteannta sin, mheas na ríochtaí eile a bhí níos laige le linn ardcheannas na Mumhan — Connacht (lfaoi Uí Conchúir, Aileach faoi Mhic Lochlainn, Laighin faoi Mhic Murchadh agus a seannaimhde i n-iardheisceart na Mumhan, Mic Cárthaigh faoi Thadhg Mac Cárthaigh — go raibh seo a ndeis chun roinnt cumhachta a streachailt ar ais. Sa bhliain 1118, chuaigh rí nua na Mumhan, Brian Ó Briain chun comhraic in éadan Taidhg i Cath Ghleann Maghair. Bhuaigh Tadhg agus maraíodh Brian.

Nuair a chuala sé an scéala, tháinig an t-iar-rí, Muircheartach Ó Briain, ar ais chun an Mhumha a éileamh. Sa bhliain 1118 ámh, rinne an tArd-Rí Toirdhealbhach Ó Conchúir conradh Ghleann Maghair le Tadhg an Mhumha a rinne ina dá leath, mar chuid de seift dá leas féin um neart na Mumhan a thrá. , Críochdheighleadh an Mhumha ina Tuadhmhumhain faoi Uí Bhriain agus Deasmhumhain faoi Mhic Cárthaigh, agus bhí sin deireadh le ríocht a bhíod ann ar feadh breis agus míle bliain. As sin go dtí deireadh na 12ú haoise, rinne ríthe den dá thaobh éilimh ar ríogacht Mhuimhneach nach raibh i ndáiríre ann.

Sheas an dá ríocht ar ionradh na Normannach ar Éirinn ní b'fhearr nó ní b'olc, ach faoi dheireadh sa 16ú haois, tugadh iad faoi Choróin Shasana isteach. Ba é Carbrigh faoi Mhic Cárthaigh Riabhach an ríocht Mhuimhneach Ghaelach deiridh, fréamhaí Deasmhumhan a briseadh chomh déanach is an bhliain 1606. Athbheodh an t-ainm 'Mumhain' sa 16ú haois mar Chúige Mumhan, chuid de Ríocht na hÉireann.

Ríthe cuir in eagar

Príomhalt: Ríthe na Mumhan

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar