Rí seanscéalach na nDeirgtine, sinsear réamhstairiúil na nEoghanacht ab ea Fiacha Muilleathan (Fíachu Muillethan) nó Fíacha Fear Dá Liach (Fíachu Fer Da Liach) mac Eoghain Mhóir. Aithnítear é go formhór ón seanscéal Forbhais Droma Dámhgháire, ina chabhraíonn an laoch cáiliúil Mogh Roith é, ag cur an ruaige ar Chormac mac Airt, a bhí i mbun ionsaithe ar a ríocht. Ailill Flann Mór and Ailill Flann Beag ab ea mic Fiacha.

Infotaula de personaFiachu Muillethan
Teaghlach
PáisteAilill Flann Beag, Ailill Flann Mór Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEoghan Mór

Maraon leis a athair Éogan Mór, seanathair Ailill Ólom, agus sin-seanathair Mogh Nuadhad, is amhlaidh gur ficseanúil é Fiacha go formhór. Is léir go bhfuil sonraí a shaoil go leor seanscéalach, cuntas chun sinsear ar chomhaois le Cormaic a thabhairt dosna hEoghanachta, mar shampla sa scéal Cath Maige Mucrama.

Cé go raibh seanscéalach é Fiachu Muillethan féin, d'fhéadfadh é go bhfuil sonraí stairiúla le fáil i scéal a fhionnó [Conall Corc]], fíorbhunaitheoir na nEóganacht.

Mar a tharla go minic, is féidir é gur phearsana éagsúla ó thús iad Muilleathan agus Fear Dá Liach. Rinne gineolaithe na meánaoise a sár iarracht a thabhairt le fios gurbh ionannas iad, gan fianaise ach scéal breith Fiacha Cath Maige Mucrama, sága ficsin pholaitiúil mór le rá.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar