Donnchadh Ó Corráin

staraí Éireannach

Staraí Éireannach agus Ollamh Emeritus le Stair Meánaoise ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (CnOC) ba ea Donnchadh Ó Corráin (28ú Feabhra 1942 – 25ú Deireadh Fómhair 2017).[1][2] Bhain sé céim BA sa stair agus Gaeilge ag CnOC sa bhliain 1964.[3]

Infotaula de personaDonnchadh Ó Corráin
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1942
Graighin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Deireadh Fómhair 2017
75 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Réimse oibreStair agus léann na Meánaoise
Gairmstaraí, meánaoisí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na hOllscoile Corcaigh (1979–2007)
Ollscoil Pennsylvania
Ollscoil Cambridge
Ollscoil Oxford Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

LinkedIn: donnchadh-o-corrain-95a28364 Cuir in eagar ar Wikidata

D'fhoilsigh sé saothair ar na Cogaidh Lochlannacha, Éire roimh ré na Normannach agus bunús ainmneacha Gaeilge. I dteannta lena phost ag CnOC, bhí postanna aige i gColáiste na hOllscoile, BÁC, Ollscoil Cambridge, Ollscoil Pennsylvania, Ollscoil Oslo agus Ollscoil Oxford, áit a bhí sé ina Chomhalta Taighde Sinsearach Cuartaíochta de Balliol College.[4]

Ba é siúd a bhunaigh agus a stiúraigh na tionscadail ArCH, MultiText (nach maireann) agus CELT.[1] Toghadh é mar bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1982.[5] Go gairid roimh a bhás, foilsíodh a mhórshaothar Clavis Litterarum Hibernensium.[6]

Saothair cuir in eagar

  • Donnchadh Ó Corráin, Ireland before the Normans. Vol. 2. Gill and Mac Millan, 1972.
  • Mac Curtain, Margaret, agus –, Women in Irish society: The historical dimension. No. 11. Westport, Conn.: Greenwood Press, 1979.
  • "The laws of the Irish" (1984). Peritia 3: 382–438. doi:10.1484/J.Peri.3.77. 
  • –, Ireland c. 800: aspects of society. A new history of Ireland - Imleabhar 1 (2005): 549–608.
  • "The Vikings in Scotland and Ireland in the ninth century" (1998). Peritia 12: 296–339. doi:10.1484/J.Peri.3.334. 
  • —, The Irish Church, its Reform and the English Invasion. (2017)
  • —, Clavis Litterarum Hibernensium (3 Vols), Brepols. (2017)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Dr. Donnchadh Ó Corráin". University College Cork, Department of History. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-11-11. Dáta rochtana: 2010-03-20.
  2. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CORRÁIN, Donnchadh (1942–2017) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-04.
  3. "Tributes to late historian Donnchadh Ó Corráin" (27ú Deireadh Fómhair 2017). Dáta rochtana: 5ú Samhain 2017.
  4. "Historian produced 'a bibliographic monument to his patriotism'". The Irish Times. Dáta rochtana: 2017-12-01.
  5. ARÉ, Past Members Donnachadh Ó Corráin et al.
  6. The Big Book: Clavis Litterarum Hibernensium, (3 Iml.), History Ireland, Imleabhar 27