Acadamh Ríoga na hÉireann
Is acadamh do lucht léinn na hÉireann é Acadamh Ríoga na hÉireann (Béarla: Royal Irish Academy). Is ag an Acadamh seo atá ceann de na bailiúcháin is mó de láimhscríbhinní Gaeilge ar domhan. Tá litríocht agus timpeallacht na hÉireann mar chúraim faoi leith ag an Acadamh.
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí bunúsacha | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál |
acadamh na n-eolaíochtaí acadamh náisiúntach ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1785 | ||||
Bunaitheoir(í) |
James Caulfeild, 1st Earl of Charlemont (en) ![]() ![]() | ||||
Figiúirí suntasacha | |||||
Ioncam iomlán |
5,393,234 € (2018) ![]() | ||||
| |||||
Suíomh gréasáin |
ria.ie ![]() | ||||
D'fhoilsigh an tAcadamh an Dictionary of the Irish Language, faoi eagarthóireacht E.G. Quin, sa bhliain 1984. Cé go bhfuil a leithéid d'ainm ar an bhfoclóir, is iad an tSean- agus an Mheán-Ghaeilge príomhábhair an fhoclóra.
Tá an tAcadamh ag obair ar ollfhoclóir Nua-Ghaeilge, Foclóir na Nua-Ghaeilge (FNG) faoi eagarthóireacht Úna Uí Bheirn, i láthair na huaire.
Foilsíonn an tAcadamh an iris Irish Studies in International Affairs gach bliain chomh maith. Baineann an foilseachán seo le caidreamh idirnáisiúnta, go háirithe le gnóthaí eachtracha na hÉireann.
Foilsíonn an t-Acadamh Ériu, iris acadúil faoi theanga na Gaeilge.
TagairtíCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
|
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |