Is éard is síol ann ná alt an-ghearr - níos lú ná paragraf amháin go hiondúil. Ní féidir le síol tuairisciú ceart a dhéanamh ar ábhar ach amháin do na hábhair is neamhthábhachtaí. Ní chiallaíonn sé sin nach fiú don alt a bheith ann ach ba cheart go mbeadh ar a laghad, sainmhíniú ar theideal an ailt ann.

Síol a chruthú cuir in eagar

Má theastaíonn uait alt a mharcáil mar shíol, cuir an chlib seo ag deireadh an ailt, ach roimh na ranna Féach freisin agus Naisc sheachtracha:

{{síol}}

Léireofar an téacs seo a leanas (ón Teimpléad:síol) san alt.

Tugann é seo misneach do dhaoine eile an t-alt a fhorleathnú. Tar éis píosa breise a scríobh don leathanach, sa chaoi nach bhfuil cuma shíl air níos mó, bain an chlib seo den alt.

Síol a fhorleathnú cuir in eagar

Chun síol a fhorleathnú, is féidir leat tagairtí a chur isteach agus a lua faoin ábhar as leabhair, irisí nó nuachtáin. Tabhair cuairt ar naisc sheachtracha an ailt, má tá siad ann, nó d'fhéadfá cuardach a dhéanamh ar inneall cuardaigh ar nós GoogleYahoo! chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar. Cuimhnigh, áfach, nach féidir leat téacs a chóipeáil focal ar fhocal isteach sa Vicipéid, de réir an GFDL. Ar ndóigh, is féidir leat alt a aistriú ó theanga eile sa Vicipéid, m.sh. an Vicipéid i mBéarla.