Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine[1]. Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California.[2]
Is é mana neamhoifigiúil an chomhlachta "Don't be evil".
I measc innill chuardaigh an idirlín, is é Google an fathach[3].Tá a chuid seirbhísí le fáil i 90 teanga +, an Ghaeilge ina measc (féach ar Uirlisí Teanga Google,).
BunúsCuir in Eagar
Bunaíodh Google ar an 4 Meán Fómhair 1998[4], le Sergey Brin agus Larry Page, nuair a bhí an bheirt san ollscoil i Stanford, California. Cé gur thosaigh an comhlacht ar an 4 Meán Fómhair, bíonn an lá breithe ann gach bliain ar an 27 Meán Fómhair.[5][6]
Tá príomhoifigí Google in California.
ConspóidíCuir in Eagar
Ar 27 Meitheamh 2017, ghearr an Coimisiún Eorpach fíneáil €2.42 billiún ar Google as mí-úsáid a bhaint as a cheannasacht sa mhargadh[7]. Tharla sé seo trí thús áite a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna féin sna torthaí cuardaigh ar Google, agus céim síos a thabhairt do sheirbhísí a iomaitheoirí.
Google in ÉirinnCuir in Eagar
Is i 2003 a bunaíodh Google in Éirinn. Ach tháinig fás rábach ar an chomhlacht in Éirinn sna blianta 2011-2014.
Is é Baile Átha Cliath ceanncheathrú Google san Eoraip agus is féidir an leathanach baile agus torthaí cuardaigh a fháil go hiomlán i nGaeilge.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- Alphabet - lárshuíomh oifigiúil
- www.google.ie - suíomh Éireannach
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ https://www.pressreader.com/ireland/irish-independent-seachtain/20141217/281715497961280
- ↑ James Norquay. "“Google” Facts" (en-AU). Dáta rochtana: 2021-10-22.
- ↑ L. 32 http://belfastmediagroup.com/wp-content/uploads/2011/08/Barr50_06.pdf
- ↑ http://www.beo.ie/alt-tri-bliana-deag-i-gcumhacht.aspx
- ↑ Brin, Sergey (1998). "The anatomy of a large-scale hypertextual Web search engine". Computer Networks and ISDN Systems 30 (1–7): 107–117. doi: .
- ↑ Barroso, L.A. (April 29, 2003). "Web search for a planet: the google cluster architecture". IEEE Micro 23 (2): 22–28. doi: . “We believe that the best price/performance tradeoff for our applications comes from fashioning a reliable computing infrastructure from clusters of unreliable commodity PCs.”
- ↑ https://europa.eu/european-union/about-eu/history/2010-today/2017_ga
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |