YouTube
Is suíomh gréasáin comhroinnte físeán é YouTube. Is féidir le húsáideoirí físeáin a uaslódáil agus a chomhroinnt, chomh maith le féachaint ar na físeáin chéanna.
![]() | |
Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne | https://www.youtube.com/ ![]() |
---|---|
Ainm gearr | YT ![]() |
Cineál | video streaming service (en) ![]() ![]() |
Sluaghairm | Broadcast Yourself ![]() |
Teanga | iltheangacha ![]() |
Ceadúnas | end-user license agreement (en) ![]() ![]() |
Teanga ríomhchlárúcháin | Python agus Go ![]() |
Úinéir | YouTube (en) ![]() ![]() |
Cruthaitheoir | Steve Chen, Jawed Karim agus Chad Hurley ![]() |
Iontráil i seirbhís | 14 Feabhra 2005 ![]() |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() |
Dámhachtain a fuarthas |
|
Rangú Alexa | 2 (24 Lúnasa 2019) 2 (12 Eanáir 2020) 2 (27 Meitheamh 2020) 2 (13 Nollaig 2020) ![]() |
Blag oifigiúil | https://blog.youtube/ ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Bíonn an chuid is mó de na físeáin á gcruthú ag na húsáideoirí féin agus bíonn gearrthóga scannán, gearrthóga teilifíse agus físeáin cheoil ina measc, chomh maith le hábhar amaitéarach amhail físbhlaganna agus ábhar bunaidh físeán na n-úsáideoirí féin.
Is áis é atá saor in aisce. Ní gá clárú ar an suíomh le féachaint ar na físeáin, cé gur gá clárú le breathnú ar fhíseáin shrianta áirithe.
Is fochuideachta de chuid Google é. Tá ceanncheathrú an chomhlachta suite in San Bruno, California.
TeicneolaíochtCuir in Eagar
Úsáideann YouTube teicneolaíocht HTML5 chun réimse leathan d'ábhair físeáin a thaispeáint. Bhain an comhlacht úsáid as Adobe Flash Video cheana.
StairCuir in Eagar
Chuir iarfhostaithe de chuid PayPal tús le YouTube sa bhliain 2005. D'fhorbair Meiriceánaigh darb ainm Steve Chen, Chad Hurley agus Jawed Karim YouTube i rith 2005, chun comhroinnt físeán a éascú ar an idirlíon.
Cheannaigh Google YouTube ar $1.65 billiún i Samhain 2006.
Thuairiscigh anailísí de chuid Bank of America sa bhliain 2015 gur fiú $70 billiún an suíomh YouTube ag an am sin[1].