Teilifís
Is é an rud atá i gceist leis an teilifís ná córas teileachumarsáide le pictiúir ghluaiste a chraoladh, ionas gur féidir iad a ghlacadh i bhfad ar shiúl ó áit a gcraolta leis an ngléas ar a dtugtar teilifíseán.
- Tagraíonn an focal teilifís do na cláir, don chraoltóireacht agus don tarchuradóireacht, mar ghníomhaíocht.
- Teilí a thugtar ar an dá rud sa ghnáthchaint Gaeilge go minic: chonaic mé ar an teilí é. Focal é sin atá bunaithe ar ghnáthchaint an Bhéarla.
- Is féidir an bosca, nó an bosca draíochta, a thabhairt ar an teilifíseán agus, go meatonaimeach, ar an gcraolachán teilifíse freisin.
![]() ![]() | |
Sampla de | earnáil eacnamaíochta, infreastruchtúr agus type of mass media (en) ![]() |
---|---|
Croineolaíocht | |
Arna fhionnachtain ag | Charles Francis Jenkins, Philo Farnsworth, Kenjirō Takayanagi (en) ![]() |
Tréithe | |
Le cuid | stáisiún teilifíse bealach teilifíse gréasán teilifíse teilifíseán television watcher (en) ![]() people-meter (en) ![]() ![]() |


Comhpháirteanna
cuir in eagarIs iad na comhpháirteanna atá ag teastáil le craolachán teilifíse a dhéanamh ná:
- Foinse na híomhá. Is éard atá ann ná comhartha leictreach a sheasann don íomhá. Más íomhánna beo atá á gcraoladh, tá an comhartha seo á sholáthar ag an gceamara a iompaíonn an t-imprisiún físe (is é sin, na himeachtaí infheicthe) ina bhíoganna leictreacha. Is féidir, áfach, gur íomhánna taifeadta atá againn ansin, agus an comhartha á sholáthar ag an taifeadán fístéipe. Is féidir freisin scannán den tseanchineál a léamh le scanóir ar leith.
- Foinse na fuaime. Ar bhealach cosúil le foinse na híomhá, is éard atá i gceist leis seo ná comhartha leictreach a sheasann don fhuaim. Más fuaim bheo atá ann, tagann na bíoganna leictreacha ón micreafón a iompaíonn an fhuaim - guth an duine, abair, nó an ceol, nó eile - ina leictreachas. Ar ndóighe, úsáidtear fuaim thaifeadta chomh maith.
craoladh seachtrach, 1970idí
- An tarchuradóir. Iompaíonn an gléas seo an comhartha físe agus an comhartha fuaime ina dtonnta raidió, is é sin, ina radaíocht leictreamhaighnéadach. Tá bannaí minicíochta na radathonnta níos airde ar scála an tonnfhaid, agus dá réir sin, níos ísle ar scála na minicíochta, ná an radaíocht infridhearg.
- An aeróg leis na radathonnta a tharchur.
- An aeróg leis na radathonnta a ghlacadh.
- An glacadóir sa chiall chúng, is é sin, an tiúnóir, a aithníonn na comharthaí radathonnta agus a iompaíonn ar ais ina mbíoganna leictreacha iad.
stiúideo teilifíse 1, RTÉ, Monadh Rois stiúideo Big Bite, RTÉ
Teicneolaíocht
cuir in eagarNí hé an feadán ga-chatóideach an t-aon teicneolaíocht is féidir a úsáid le híomhánna teilifíse a thaispeáint a thuilleadh. Is féidir úsáid a bhaint as cúlteilgeoirí teilifíse (RPTV) freisin, agus inniu, tá na teilifíseáin phlánacha, cosúil leis na teilifíseáin phlasma agus na teilifíseáin leachtchriostail, ag dul i bhfairsinge. Is féidir úsáid a bhaint as gléas taispeántais atá bunaithe ar na dé-óideanna astaithe solais (na LEDanna) freisin, le haghaidh taispeántas mórphictiúir amuigh faoin spéir.
- An gléas fuaime, is é sin, an t-aimplitheoir fuaime agus an callaire, leis an gcomhartha fuaime a iompú ina fhuaim inchloiste.
Stair
cuir in eagarAr an 10 Bealtaine 1928, cuireadh tús leis an chéad chraoladh rialta teilifíse i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac i Schenectady (W2XB)[1]. Stáisiún teilifíse de chuid General Electric a bhí ann.
Éire
cuir in eagarIn Éirinn, is é RTÉ an príomhchraoltóir náisiúnta, agus é faoi smacht an rialtais. Gearrtar suim airgid de na féachadóirí mar thaille ceadúnais leis an gcraolachán a mhaoiniú.
Féach freisin
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |