Sa bhfisic, an 4ú staid damhna ar sreabhán ian is leictreon saor é, cumtha mar shampla trí ghás a théamh go dtí teocht an-ard. Bíonn fórsaí láidre leictreacha idir na cáithníní ann. Bíonn plasma taobh istigh de lampa feadáin fhluairisigh, agus i gcroíleacán na Gréine is na réaltaí eile. Baineann an phlasma-fhisic le staidéar na bplasmaí. Scéim ollmhór taighde is forbartha atá ar siúl sna Stáit Aontaithe, an Eoraip is dtíortha eile ar phlasmaí is ea an iarracht chun fuinneamh leictreach a ghiniúint trí chomhleá núicleach. In iarracht amháin, sáinnítear plasma áirithe i réimse maighnéadach i bhfoirm taoschnó, agus is é átá i gceist an plasma sin a théamh ar mhodh leictreach chun teochtaí arda ag a dtarlóidh an comhleá faoi stiúir.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Plasma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 525.