Réalta
Is réad réalteolaíoch í réalta a chuimsíonn sféaróideach lonrach plasma atá coinnithe le chéile ag a himtharraingt. Is í an réalta is gaire don Domhan an Ghrian.
Réalta | |
---|---|
Cineál | cineál reann neimhe |
Réad linbh | |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Cuid de | córas réaltaí |
Le cuid |
Meastar go bhfuil idir 1022 agus 1024 réalta sa chruinne inbhraite. Níl ach tuairim is 4,000 de na réaltaí seo le feiceáil ag an tsúil nocht,[1] iad ar fad laistigh de réaltra Bhealach na Bó Finne.
Foirmiú agus éabhlóid
cuir in eagarComhdhlúthaíonn na réaltaí ó réigiúin spáis ina bhfuil dlús ábhar níos airde, ach níl na réigiúin sin chomh dlúithe ná laistigh de sheomra folúis. Is éard atá sna réigiúin seo—ar a dtugtar scamaill móilíneacha—hidrigin den chuid is mó, le thart ar 23 go 28 faoin gcéad héiliam agus cúpla faoin gcéad d'eilimintí níos troime. Sampla amháin de réigiún a fhoirmíonn réalta dá leithéid is ea Réaltnéal Oiríon.[2] Cruthaíonn an chuid is mó de na réaltaí i ngrúpaí dosaenacha go dtí na céadta mílte réalta.[3] Féadfaidh réaltaí ollmhóra sna grúpaí seo na scamaill sin a shoilsiú go cumhachtach, an hidrigin a ianú, agus réigiúin H II a chruthú. D'fhéadfadh éifeachtaí aiseolais den sórt sin, ó fhoirmiú réalta, cur isteach ar an scamall ar deireadh agus cosc a chur ar fhoirmiú réalta eile.[4]
Fisic
cuir in eagarNí réaltaí iad na pláinéid, na hastaróidigh, ná na gealacha. Ní ghineann siad seo solas. Nuair a dhéanann solas na gréine imbhualadh leo sin, is é rud a dhéanann siad: an solas sin a fhrithchaitheamh.
Is liathróidí de ghás te iad na réaltaí, déanta as hidrigin agus héiliam. Is í a gcuid imtharraingthe féin a bhíonn á gcoinneáil le chéile.
Is réalta sa mheánmhéid í an Ghrian. Is mó faoi mhilliún í ná an Domhan, nó mar sin.
Cuid de na réaltaí - is lú ná an deichiú cuid de mhéid na gréine, agus tá réaltaí eile ann agus is mó faoi sheasca iad ná méid na gréine. Timpeall 6,000 °C an teocht atá ar dhromchla na gréine, agus meastar gur 15,000 °C de theocht a bhíonn ina lár.
Dath dearg a bhíonn ar na réaltaí is fuaire, dath buí ar réaltaí i meánraon na teochta, ar an ngrian abair, agus dath gorm nó bán ar na réaltaí níos teo fós.
Ina réaltbhuíonta a bhíonn na réaltaí. Idir deich gcinn agus deich míle réalta a bhíonn sa bhuíon. Ina réaltraí a bhíonn na réaltbhuíonta seo.
Na réaltaí is gaire
cuir in eagarIs iad seo na réaltaí is gaire don Domhan, lena bhfad amach i solasbhlianta:
- Proxima Centauri 4.24
- Alpha Centauri A 4.34
- Alpha Centauri B 4.34
- Réalta Barnard 5.97
- Wolf 359 7.80
- Lalande 2 1 1 85 8.19
- UV Ceti A 8.55
- UV Ceti B 8.55
- Sirius A 8.67
- Sirius B 8.67
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Grego, Peter; Mannion, David (9 Meán Fómhair 2010). Galileo and 400 Years of Telescopic Astronomy Springer New York. ISBN 9781441955920.
- ↑ Woodward, P. R. (1978). "Theoretical models of star formation". Annual Review of Astronomy and Astrophysics. 16 (1): 555–584. Bibcode:1978ARA&A..16..555W. doi:10.1146/annurev.aa.16.090178.003011.
- ↑ Lada, C. J.; Lada, E. A. (2003). "Embedded Clusters in Molecular Clouds". Annual Review of Astronomy and Astrophysics. 41 (1): 57–115. arXiv:astro-ph/0301540. Bibcode:2003ARA&A..41...57L. doi:10.1146/annurev.astro.41.011802.094844. S2CID 16752089.
- ↑ Murray, Norman (2011). "Star Formation Efficiencies and Lifetimes of Giant Molecular Clouds in the Milky Way". The Astrophysical Journal. 729 (2): 133. arXiv:1007.3270. Bibcode:2011ApJ...729..133M. doi:10.1088/0004-637X/729/2/133. S2CID 118627665.
Is síol a bhaineann leis réalta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |