Réalta an bháis

réalta

Tuairimíonn na cosmeolaithe go bhfuil compánach-réalta don Ghrian ann, ar a dtugtar Neimisis, i bhfithis amuigh áit éigin idir Plútón is Alpha Centauri. Níor tugadh faoi deara riamh é, ach tuairimítear go dtógann sé 30 milliún bliain uirthi a fithis a iomlánú. Ach de réir na tuairimíochta, nuair a thagann Neimisis gar don Ghrianchóras téann sé trí scamall Oort atá lán de chóiméid, agus doirteann na milliúin dreigí is dreigítí ar an Domhan chun imbhualadh leis na cóiméid sin, rud a bhíonn tubaisteach don bheatha ar Domhan. Ceapann cuid de na cosmeolaithe gur mar seo a díothaíodh ainmhithe sa tréimhse Charbónmhar nó sa tréimhse Chailceach. Níl an tuairimíocht seo rófhantaiseach, mar is eol gur déréaltaí mórchuid na réaltaí i mBealach na Bó Finne.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réalta an bháis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 552.