Fréamh an Eolais

ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta

Fréamh an Eolais is ainm don chiclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta a chuir an tOllamh Matthew Hussey le chéile agus a d'fhoilsigh an chuideachta Coiscéim sa bhliain 2011. Tá breis agus 700 leathanach sa leabhar, agus breis agus 7,000 mír eolais ann. Is í an chiclipéid eolaíochta is cuimsithí atá ann sa Ghaeilge.[1]

WD Bosca Sonraí LeabharFréamh an Eolais
Cineálciclipéid
Cárta innéacs
ÚdarMatthew Hussey
Teangaan Ghaeilge
FoilsitheoirCoiscéim
Clúdach na Ciclipéide Fréamh an Eolais

Is saothar é a bhí á chur le chéile thar thréimhse 40 bliana.

Cead a Fhoilsithe ar an VicipéidCuir in Eagar

I mí na Bealtaine 2013, thug an t-údar agus an foilsitheoir cead ábhar an leabhair a fhoilsiú i bhfoirm leictreonach ar an Vicipéid sa chaoi is go bhféadfadh comhluadar iomlán na Vicipéide, agus go háirithe iadsan agus Gaeilge ar a dtoil acu, sochar a bhaint as.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Éanna Ó Caollaí. "Aistear na heolaíochta" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-02-05.