Coiscéim
Comhlacht foilsitheoireachta de shaothar i nGaeilge amháin, atá lonnaithe in Éirinn, is ea Coiscéim.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | foilsitheoir ![]() |
Réimse oibre | Litríocht na Gaeilge ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1980 |
Bunaitheoir(í) | Pádraig Ó Snodaigh ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | coisceim.ie ![]() |

Stair cuir in eagar
Bhunaigh Pádraig Ó Snodaigh, staraí a bhí ag in Iarsmalann na hÉireann, é i 1980 nuair nach raibh foilsitheoirí Clódhanna Teoranta, foilsitheoirí Chonradh na Gaeilge, sásta níos mó filíochta a chur i gcló. Lorg sé an chóipcheart uathu chun an trí shaothar filíochta a chur i gcló; fuair sé iasacht airgead (£500) ó fhear uasal a bhí sásta é a thabhairt dó gan cheist, agus laistigh de roinnt míonna, bhí Coiscéim bunaithe.
Misean cuir in eagar
Litríocht chomhaimseartha a sholáthair don phobal Gaeilge ionas go mbeadh sé le h-aithint go bhfuil litríocht chomhaimseartha dá gcuid féin aici agus dá réir gur teanga nua-aoiseach í.
Gaiscí cuir in eagar
Ó bunaíodh an comhlacht, tá os cionn 1,500 leabhar foilsithe.
Tá os cionn 400 údar idir úrscéalaithe, gearrscéalaithe, filí, drámadóirí, lucht aistí agus aistíle, greann, neamhfhicsean, taighdeoirí, lucht léinn, stairithe, aistritheoirí, srl tar éis saothar a sholáthair dó le cur i gcló.
D'fhoilsigh Coiscéim an leabhar Ghaeilge is mó riamh - Logainmneacha Mhaigh Eo - leis an Dr. Fiachra Mac Gabhann (nach maireann) 3,500 logainm le 7,500 leathanach 2.5 milliún focal thar 13 imleabhar.
Bhronn Ollscoil BÁC (UCD) DLitt Celt ar Phádraig, Sin an céim dochtúireachta onórach is mó ar féidir leo bronnadh ar dhuine as ucht atá á dhéanamh aige do litríocht na Gaeilge ach go háirithe, plúr na litríochta, an fhilíocht.
Tagairtí cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |