Biddy Jenkinson

file, gearrscéalaí, agus dramadóir Éireannach

Scríbhneoir Éireannach is ea Biddy Jenkinson (ainm cleite), Máire Ní Aodh is fíorainm di. Rugadh í sa bhliain 1949 i mBaile Átha Cliath agus d'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá bailiúcháin filíochta, dhá bhailiúchán gearrscéalta agus drámaí foilsithe aici .

Infotaula de personaBiddy Jenkinson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1949
74/75 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file, scríbhneoir próis, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Tá sé ráite go bhfuil sí ag iarraidh léargas nua a thabhairt ar bhunús naofa an dúlra agus ar a ndéanann na mná lena chothú.[1] Tá suim mhór aici sa traidisiún liteartha. Tá rogha déanta aici den Ghaeilge mar theanga chruthaitheach agus deir sí go bhfuil sí go mór i gcoinne an éilimh go n-aistreofaí gach saothar Gaeilge go Béarla gan mhoill.[2] Moladh a saothar as a dhianmhothú, a ghreann agus a ilghnéitheacht.[3]

Bhí sí ina heagarthóir ar Éigse Éireann/Poetry Ireland Review ón mbliain 2000 go dtí an bhliain 2001.

Saothar cuir in eagar

Filíocht cuir in eagar

  • Táinrith (Coiscéim, 2013)
  • Oíche Bhealtaine (Coiscéim, 2005)
  • Mis (Coiscéim, 2001)
  • Amhras Neimhe (Coiscéim, 1997)
  • Dán na hUidhre (Coiscéim, 1991)
  • Uiscí Beatha (Coiscéim, 1988)
  • Baisteadh gintlí (Coiscéim, 1987)
  • Rogha Dánta (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000), Seán Ó Tuama agus Siobhán Ní Fhoghlú, eag.

Prós cuir in eagar

  • Duinnín Bleachtaire ar an Sceilig (Coiscéim, 2011)
  • An tAthair Pádraig Ó Duinnín Bleachtaire (Coiscéim, 2008)
  • An Grá Riabhach (Coiscéim, 1999)

Eile cuir in eagar

  • An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín (Coiscéim, 2007)
  • Púca Púca (Coiscéim, 2005)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. Lyrikline: Biddy Jenkinson , 'Suantraí na Máthar Sini': http://www.lyrikline.org/en/poems/suantrai-na-mathar-sini-2428#. UsDMO9IW2So
  2. Luaite in Maureen E. Mulvihill, 'Biddy Jenkinson (1949 -),' Irish Women Writers: An A-to-Z Guide, Alexander G. Gonzalez, Greenwood Preas 2006, ISBN 0-313-32883-8.
  3. Mulvihill, 2006.