Ailbhe Ní Ghearbhuigh
File Éireannach is ea Ailbhe Ní Ghearbhuigh a rugadh sa bhliain 1984 i dTrá Lí i gContae Chiarraí. Tá sí áirithe ar na filí Gaeilge is fearr den ghlúin seo.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1984 39/40 bliana d'aois Trá Lí, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
D'fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus bhain amach BA i nGaeilge agus i bhFraincis sa bhliain 2005. Chaith sí tamall ina dhiaidh sin sa Fhrainc in Épernay, Roazhon agus Bordeaux, agus d'fhill ar Ghaillimh chun MA sa Nua-Ghaeilge a dhéanamh.[1]
I Mí Lúnasa 2007 fuair sí scoláireacht Fulbright, rud a lig di bliain a chaitheamh ag múineadh Gaeilge in Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh ag Coláiste Lehman i Nua-Eabhrac.[2] Sa bhliain 2008 bhronn an Chomhairle Ealaíon sparántacht uirthi agus d'fhill sí ar Ghaillimh.[3]
Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua-Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill in 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta Péacadh. Ag scríobh faoi Tost agus Allagar, dúirt Nuala Ní Dhomhnaill: ‘Is leabhar iontach é seo. Labhrann intleacht chomh géar agus chomh gléineach tríd síos gur cúis bróid do, é gur i nGaeilge a labhrann sí. An tuiscint atá ann ar chás an duine, ar chomh deacair is atá sé teanga a chur ar eispéireas an chine, gan trácht ar an duine aonair…Tá an fhírinne shearbh againn anseo, ach mar a thug Emily Dickinson comhairle duinn fadó, í ar sceabhadh’. Fuair cnuasach dátheangach léi The Coast Road ardmholadh ó Nuala Ní Dhomhnaill chomh maith: ‘féasta don tsúil agus sólás don chroí’.
Saothar
cuir in eagarTháinig dánta léi amach ar An Guth, Feasta, Crannóg, Poetry Ireland Review/Éigse Éireann agus Comhar.[4] Tá dánta léite aici ag féile litríochta Imram agus sa bhliain 2008 chuaigh sí go hAlbain le Cuairt na bhFilí go hAlbain, tionscadal a bhfuil baint aici fós léi.[5][6]
D'fhoilsigh Coiscéim Péacadh, a céad chnuasach filíochta, sa bhliain 2008.[7]
D'fhoilsigh Gallery Press The Coast Road, cnuasach Gaeilge le haistriúcháin Bhéarla sa bhliain 2016
File cathrach is ea Ní Ghearbhuigh, agus cuireann sí síos ar shaol na sráideanna in Éirinn agus thar lear:
- anocht
- ag filleadh dom
- blaisim allas na cathrach
- faram… (Filleadh ar an gCathair).
Níor éirigh léi ceist chráite na teanga féin a sheachaint ar fad (Laethanta Lagmhisnigh), ach léiríonn a saothar beocht na teanga úd i saol ilghnéitheach uirbeach. Tá sé ráite ina taobh go bhfuil rian an tsoirbhíochais ar a cnuasach i gcoitinne ach go bhfuil coimhthíos mearbhallach agus eolas ar ghuagaíocht an tsaoil le fáil i gcuid de na dánta is fearr aici.[8]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 'Galway in verse,' 3 Nollaig 2008, Galway Independent: http://www.galwayindependent.com/entertainment/entertainment/galway-in-verse-/ Curtha i gcartlann 2011-07-11 ar an Wayback Machine. Seiceáladh ar 17 Lúnasa 2011.
- ↑ 'Ailbhe Ní Ghearbhuigh,' Munster Literature Centre: http://www.munsterlit.ie/Writer%20pages/Ni%20Ghearbhuigh,%20Ailbhe.html Curtha i gcartlann 2009-10-05 ar an Wayback Machine. Seiceáladh ar 17 Lúnasa 2011.
- ↑ 'Ailbhe Ní Ghearbhuigh,' Munster Literature Centre: http://www.munsterlit.ie/Writer%20pages/Ni%20Ghearbhuigh,%20Ailbhe.html Curtha i gcartlann 2009-10-05 ar an Wayback Machine. Seiceáladh ar 17 Lúnasa 2011.
- ↑ Féach Comhar, Aibreán 2011, Imleabhar 71, Uimhir 4.
- ↑ 'Grúpa Éireannach le File, Ceoltóir agus Amhránaí ar chamchuairt timpeall Gharbhchríocha na hAlban,' Gaelport, 31 Lúnasa 2008: http://www.cogar.ie/default.aspx?treeid=8&NewsItemID=4252[nasc briste go buan].
- ↑ 'Comórtas Uí Néill Poetry Shortlist Announced,' Gaelport, 22 Márta 2011: http://www.gaelport.com/default.aspx?treeid=37&NewsItemID=5858[nasc briste go buan].
- ↑ Liosta foilseachán: http://www.coisceim.ie/2008.html.
- ↑ Féach 'Ailbhe Ní Ghearbhuigh,' Livia Brennan, Ireland - Poetry International Web: http://www.poetryinternationalweb.net/pi/site/poet/item/18333 Curtha i gcartlann 2013-10-07 ar an Wayback Machine.