Ollscoil na Gaillimhe

ollscoil i gCathair na Gaillimhe

Cuireadh Ollscoil na Gaillimhe ar bun ar dtús sa bhliain 1845, mar cheann de thrí Choláiste na Banríona, maraon le Corcaigh agus Béal Feirste. De réir achta sa bhliain 1908, athainmníodh mar Coláiste na hOllscoile, Gaillimh í, agus í le bheith mar chuid de hOllscoil na hÉireann in éineacht le Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. I 199i, athróidh a hainm go Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus d'athraigh a hainm arís i 2022, nuair a thugadh Ollscoil na Gaillimhe uirthi. Tá fás mór ar an ollscoil le blianta beaga anuas, agus tá os cionn 17,000 mic léinn anois ag freastal uirthi. Is cuid d'ollscoil chomhnasctha OÉ an ollscoil, maille le coláistí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Is é An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh uachtarán na hollscoile faoi láthair. Tá an ollscoil rangaithe sa bharr 1% de ollscoileanna ar fud an domhain.

Bosca Sonraí EagraíochtaOllscoil na Gaillimhe
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálollscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1845
Gníomhaíocht
Ball deCoimbra Group (en) Aistrigh
ORCID
Cumann Eorpach na nOllscoileanna
Coalition for Advancing Research Assessment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon scoláirí18,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Duine ábharthaStefan Decker (2003–2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe2,500 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtOllscoil na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán218 M€ (2015) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinuniversityofgalway.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: nuigalway Twitter: nuigalway Mastodon: universityofgalway@mastodon.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Tugann lámhleabhair na hollscoile foirfiú na Gaeilge mar cheann de phríomhchuspóirí na hollscoile. ´Sna hochtóidí, bhí aighneas ar siúl ag mic léinn áirithe, mar nach raibh cúrsaí áirithe tíreolaíochta le fáil ach trí mheán na Gaeilge, cé nach raibh ach fíorbheagán de chúrsaí eile le fáil as Gaeilge.

Tá an ollscoil suite gar do lár cathrach na Gaillimhe, agus mar go raibh a tailte ag leanúint ó thuaidh cois abhainn, bhí deis ag an ollscoil an-chuid tógála a dhéanamh in achar siúil cos don sean "quad".

Tá dámhanna dlí, leighis, ealaíona, innealtóireachta, eolaíochta, agus léinn Cheiltigh ann, chomh maith le muireolaíocht.

Stair na hOllscoile cuir in eagar

D'oscail an ollscoil i 1849 faoin ainm 'Coláiste na Banríona, Gaillimh'.

Saol na hOllscoile cuir in eagar

Is ceann de na cumainn is mó agus is sine é an Cumann Staire Curtha i gcartlann 2022-01-12 ar an Wayback Machine. Eagraíonn an Cumann Staire ceann de na himeachtaí bliantúla is mó san ollscoil, an en:Arts Bál, a bhíonn ar siúl gach Feabhra. Freastalaíonn thart ar 1300 daoine ar an mbál. Eagraíonn an Cumann Staire an chomhdháil staire idirnáisiúnta bhliantúil Aistir freisin.

 
Cloigtheach na cearnóige

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar