Gaillimh
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cathair in iarthar na hÉireann is ea Gaillimh[1] (fuaimniú). Is í Gaillimh príomhbhaile Chontae na Gaillimhe. De réir cuntais Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, tagann ainm an bhaile ó Abhainn na Gaillimhe.
Gaillimh | |||||
---|---|---|---|---|---|
Galway (en) Gaillimh (ga) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | ||||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 83,456 (2022) | ||||
• Dlús | 1,561.97 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 53.43 km² | ||||
Airde | 25 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1124 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | oifig Mhéara na Gaillimhe | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | H91 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 091 | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 1384607 | ||||
Suíomh gréasáin | galwaycity.ie |
Stair
cuir in eagarIs eisceacht i measc cathracha na hÉireann í Gaillimh, mar ba iad na Gaeil iad féin ar dtús a thóg an chathair. Feictear Gaillimh den chéad uair sa stair thaifeadta mar an áit ar thóg Toirdhealbhach Ó Conchobhair (1088–1156), rí Chonnacht, dúnghaois in 1124 ag Bun Gaillimhe (béal Abhainn na Gaillimhe).[2]
Sna blianta 1169-70 tháinig lonnaitheoirí Angla-Normannacha ón mBreatain go hÉirinn. Rinne siad a gcéad éileamh ar Chonnachta i 1196 nuair a bronnadh deontas an chúige ar William de Burgo.
Sa bhliain 1230, throid mac William, Richard de Burgo, le muintir Ghaelach na Gaillimhe ach b'éigean dó tarraingt siar. D'fhill de Burgo sa bhliain 1232 agus thóg sé an chéad chaisleán cloiche dá raibh ann. Faoin mbliain 1235, bhí Risteard de Burgo tar éis cúige iomlán Chonnacht a chloí. Tugtar creidiúint do mhac Richard, Walter (a fuair bás sa chaisleán i nGaillimh sa bhliain 1271) gur bhunaigh sé an baile múrtha i nGaillimh tar éis dóibh a gcéad chairt mhúrmhaisithe a dheonú do na saoránaigh c. 1270, rud a thug an ceart dóibh dolaí a thobhach ar earraí chun tógáil bhallaí an bhaile a mhaoiniú.[3]
Le linn an 15ú haois go dtí an 17ú haois, d'éirigh go maith le ceithre theaghlach déag, ar a dtugtaí na 'Treibheanna' ina dhiaidh sin, trí thrádáil leis an Eoraip agus níos faide i gcéin. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Bhí ról tábhachtach acu i bhforbairt bhaile na Gaillimhe trí fhoirgnimh phoiblí agus reiligiúnacha a choimisiúnú, trí go leor tithe móra a thógáil agus trí pháirt a ghlacadh i ngach gné den tsochaí ó rialachas agus riarachán an bhaile go gnóthaí eaglaise.
Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar an gCladach, bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird. Béarla a bhí sa gcathair, agus Gaeilge i ngach áit eile mórthimpeall.
Tháinig deireadh le rathúnas na Gaillimhe agus na dTreibheanna le léigear agus forghabháil Chromail i 1652. Díbríodh go leor de na teaghlaigh as an mbaile. Nuair a cuireadh Séarlas II ar ais sa ríchathaoir i 1660 d'ordaigh sé maoin a chur ar ais dóibh siúd a ghéill i 1652. D'fhill cuid de na seanteaghlaigh agus thosaigh siad ag trádáil arís.
Tháinig meath ar an mbaile arís sa bhliain 1691, nuair a cuireadh na Péindlíthe i bhfeidhm. Faoi rialtóirí nua Protastúnacha agus faoi réir cánachais mhéadaithe, chuaigh go leor ceannaithe i muinín na smuigleála. Níor aisiompaíodh an meath sin go mór go dtí an 19ú haois agus an réabhlóid thionsclaíoch.
Iompar
cuir in eagarTá calafort sa gcathair féin, ag béal chuain na Gaillimhe. Is féidir le báid an-mhóra dul ann de bharr go bhfuil an t-uisce domhain. Tá aerfort beag lámh leis an gcathair freisin, sa gCarn Mór, agus tá ceangal traenach go Baile Átha Cliath. Tá an-chaint le tamall ar an líne traenach as Sligeach go hInis i gContae an Chláir a athnuachan, rud a chuirfeadh feabhas mór ar an gcóras traenach. I mBaile Átha an Rí a bhí, agus a cheaptar go mbeidh an ceangal seo idir an dá líne.
Teangacha
cuir in eagarDaonáireamh (2011): Bhí 31,866 daoine in ann Gaeilge a labhairt, agus labhair 9,158 Gaeilge gach lá[4]
Ceantair
cuir in eagarOideachas
cuir in eagarTá dul chun cinn déanta ag Gaelscoileanna na Gaillimhe le 10 mbliana anuas. Cé nach bhfuil an cháil chéanna ar Choláiste Éinne agus a bhíodh, tá dornán bunscoileanna lán-Ghaelacha anois sa gcathair féin, agus tá Coláiste na Coiribe ina mheánscoil lán-Ghaelach. Tá Ollscoil na Gaillimhe (a dtugtaí Coláiste na hOllscoile, Gaillimh uirthi cheana) suite sa gcathair le 150 bliain, chomh maith leis an bpríomhchraobh d'Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.
Creideamh
cuir in eagarTá ardeaglais Chaitliceach sa gcathair a tógadh nuair a scoilteadh an chathair ó Dheoise Thuama, agus tá formhór lucht na cathrach ceangailte leis an eaglais sin. Tá líon beag Protastúnaigh sa gcathair, agus freastalaíonn cuid acu ar eaglais stairiúil San Niocláis.
Gnó
cuir in eagarTá fás mór tagtha ar an gcathair le 20 bliain anuas, ó thosaigh tionscail ar nós an tionscal bogearraí ag cur fúthu ann. Bhíodh monarcha mór ag Digital Equipment as SAM ann, ach nuair a d'fhág siad an baile agus roimhe sin, bhí tionscail áitiúla tosaithe cheana féin.
Caitheamh Aimsire
cuir in eagarSruthann Abhainn na Gaillimhe (an Choirib ón mBéarla River Corrib) tríd an gcathair, agus tá iascaireacht bhreá ar Loch Coirib, aistear gairid ón gcathair. Bíonn an-chuid bádóireachta ar loch agus ar abhainn, agus bíonn báid seoil sa gcuan sa Samhradh, ach beagán sa nGeimhreadh mar gheall ar chruas na farraige. Tá turasóirí ag teacht go Bóthar na Trá, bruachbhaile ar iarthar na cathrach, le os cionn céad bliain, agus tagann siad i gcónaí le snámh, rince, agus turais lae chuig áiteanna mar Chonamara agus an Bhoireann in aice láimhe. Tá tithe "leaba agus bricfeasta" go fairsing, agus le cúig bliana déag anuas, tá an-chuid brúnna do thaistealaithe óga freisin.
Dugaí na Gaillimhe
cuir in eagarSa bhliain 1830 bunaíodh Bord Chuan na Gaillimhe agus trí bliana ina dhiaidh sin tosaíodh ar thógáil na ndugaí nua, le cabhair iasacht rialtais, agus cuireadh críoch leis na dugaí sa bhliain 1842.
Anuas ar limistéar an chalafoirt a fhorbairt, ba é a bhí sa mhórphlean i gcónaí riamh ná go gceanglófaí na córais uisce intíre ar fad a bhain le Loch Coirib agus le Loch Measca le chéile. Sa tslí sin d'fhéadfaí táirgí ó na ceantair seo a thabhairt chun calafoirt an bhaile i mbáid. Sa bhliain 1820 bhí Nimmo tar éis a mholadh go ngearrfaí canáil ar thaobh thoir an bhaile a nascfadh Barr an Chalaidh leis na dugaí a moladh, ach diúltaíodh don scéim seo agus ina áit sin cuireadh an chanáil ar thaobh thiar an bhaile. Tosaíodh ar an obair don tionscadal seo sa bhliain 1848 agus osclaíodh go hoifigiúil é ceithre bliana níos déanaí.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ “Gaillimh/Galway | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "An Mheánaois agus an Iar-Mheánaois • Músaem Cathrach na Gaillimhe" (ga). Músaem Cathrach na Gaillimhe. Dáta rochtana: 2024-05-03.
- ↑ "Medieval Galway • Galway City Museum" (en-US). Galway City Museum. Dáta rochtana: 2024-05-03.
- ↑ www.CSO.ie
Léitheoireacht bhreise
cuir in eagar- Stiúrthóirí, John Walsh agus Dorothy Ní Uigín agus Meitheal Taighde; Luke Callinan, Philip Fogarty agus Hugh Rowland. (2020). Plean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020 - 2026. Gaillimh le Gaeilge.