Logainm.ie

Áis chuimsitheach bhainistíochta í seo chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar mar aon le taighde oifigeach logainmneacha an Stáit

Bunachar de logainmneacha údarásacha Gaeilge agus Béarla na hÉireann is ea Logainm.ie, agus tionscadal de chuid grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU).[1] Tá Logainm.ie faoi stiúir Fiontar i DCU maraon le Gaois, Dúchas, Téarma.ie agus Ainm.ie.[2]

Bosca Sonraí Suíomh GréasáinLogainm.ie
URLhttp://www.logainm.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsuíomh gréasáin agus gasaitéar Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Iontráil i seirbhís2008 Cuir in eagar ar Wikidata
Tullóg, Contae na Mí[3]

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta.

Is iad príomhchuspóirí an tionscadail[1]

  1. teicneolaíocht úrscothach a chur ar fáil chun taighde logainmníochta an Bhrainse Logainmneacha (Rialtas na hÉireann) a éascú agus
  2. sonraí logainmníochta an Stáit a chraobhscaoileadh trí logainm.ie.

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an tionscadal in 2007. Seoladh an chéad leagan den suíomh poiblí in 2008. Bhuaigh www.logainm.ie an Séala Eorpach Teanga in 2010 agus ba bhuaiteoir catagóire é ag Gradaim Ríomh-Rialtais na hÉireann, 2011 & 2016.

Seoladh leagan nua den suíomh in 2022 agus bhí thart ar mhíle cuairteoir in aghaidh an lae ag logainm.ie. Bhí sé i gceist an cód foinseach ar fad a chur ar fáil faoi cheadúnas oscailte ar GitHub.com. Ó shin i leith, tá comhthéacs geografach le fáil le gach toradh ar mhionléarscáil idirghníomhach.[2]

An Vicipéid cuir in eagar

Is féidir úsáid a bhaint as Logainm.ie chun an oiread tagairtí a chur isteach agus a d'fhéadfainn maidir leis an Vicipéid.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Maidir leis an tionscadal" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
  2. 2.0 2.1 "Leagan nua de Logainm.ie le seoladh inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.
  3. "Tullog" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-17.

Naisc cuir in eagar