Ainm.ie
Is tionscadal beathaisnéisí Gaeilge ar líne é Ainm.ie atá á fhorbairt ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ón mbliain 2009 i leith, i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, bunúdair na sraithe '"Beathaisnéis" a d’fhoilsigh An Clóchomhar i naoi n-imleabhar (1986–2007). Thug an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta maoiniú do dhigitiú an ábhair, a bhí ina céim thosaigh de chuid an tionscadail.
Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainne | https://www.ainm.ie ![]() |
---|---|
Cineál | suíomh gréasáin agus foclóir beathaisnéiseach ![]() |
Ábhar | Muintir na hÉireann ![]() |
Teanga | An Ghaeilge ![]() |
Iontráil i seirbhís | Samhain 1, 2011 ![]() |
Tír | Éire ![]() |
Is mórshaothar léinn é seo a chuimsíonn breis is 1,700 beatha ón mbliain 1560 go dtí an lá atá inniu ann. Is é sprioc an tionscadail rochtain éasca ar an taisce eolais seo a dheimhniú trí dhigitiú an ábhair bhunaidh agus é a fhoilsiú ar líne. Cuirfidh na saoráidí breise cuardaigh agus brabhsála ar chumas na n-úsáideoirí an saothar mór taighde seo a chíoradh ar bhealaí éagsúla. Tá 1.3 milliún focal i gcló sa bhunsaothar. Seoladh an t-iomlán ar an suíomh poiblí Ainm.ie sa bhliain 2011.
Saoráidí breise ar fáil ar an suíomhCuir in Eagar
- Liosta aibítreach na mbeathaí
- Córas cuimsitheach crostagartha idir na hailt éagsúla
- Cuardach lántéacs sofaisticiúil ar eochairfhocail agus ar fhrásaí
- Amlíne
- Gnéithe saoil (eagraíochtaí, saothair, logainmneacha, tarlúintí, gradaim is mar sin de.)
- Beatha roghnaithe na seachtaine
Dar le muintir an tsuímh, cuirfear beathaí nua leis an suíomh de réir mar a chuirfear ar fáil iad agus déanfar seanbheathaí a nuashonrú de réir mar a thiocfaidh fianaise nua chun solais. Cuirfear leis na saoráidí cuardaigh agus brabhsála ar an suíomh ar bhonn leanúnach.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- Beathaisnéisí Gaeilge, Beathaisnéisí Gaeilge leathanach baile