An Réabhlóid Thionsclaíoch
Tréimhse fhorbartha tionsclaíche a thosaigh san ochtú haois déag agus inar tharla go leor athruithe sa tsochaí ab ea an Réabhlóid Thionsclaíoch, nó Réabhlóid na Tionsclaíochta.
Dul chun Cinn
cuir in eagarChum James Watt an t-inneall gaile agus tosaíodh ar mhonarchana a thógáil. Bhí éileamh mór ann ar an ngual mar bhreosla leis na hinnill a chur ag feidhmiú. I measc na gcúinsí a chuir leis an Réabhlóid Thionsclaíoch bhí aistriú an daonra ón tuath go dtí na bailte mar gheall ar bhochtaineacht sa seachtú haois déag, an méadú faoin daonra féin agus cogaí an ochtú haois déag; Cogadh na Seacht mBliana (1756 - 1763), Cogadh Saoirse Mheiriceá (1775 - 1783) agus Cogaí Napóileain (1803 - 1815) i ndiaidh Réabhlóid na Fraince (1793-1802).
Thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch i Sasana, ach scaip sí go dtí tíortha eile ar fud na hEorpa agus go dtí na Stáit Aontaithe sa naoú haois déag.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |