Cogadh na Seacht mBliana
Bhí mórchumhachtaí uile na hEorpa rannpháirteach i gCogadh na Seacht mBliana (1756-1763) inar maraíodh timpeall milliún duine. Throid comhghuallaíocht den Phrúis, Bunswick Luneburg, an Bhreatain (agus a coilíneachtaí i Meiriceá Thuaidh agus san Áise) i gcoinne na hOstaire, na Fraince (agus a coilíneachtaí sa Fhrainc Nua agus san India), ríocht na Rúise, na Sualainne agus na Sacsaine.
Cineál | cogadh |
---|---|
Dáta | 29 Lúnasa 1757 – 15 Feabhra 1763 |
Áit | an Eoraip |
Rannpháirtithe | Ríocht na Breataine Móire, Ríoghacht Éireann, Meiriceá Briotanach, an Phrúis, Ríocht na Portaingéile, Electorate of Hanover (en) , Brunswick-Wolfenbüttel (en) , Iroquois, Landgraviate of Hesse-Kassel (en) , Schaumburg-Lippe (en) , Ríocht na Fraince, an Nua-Fhrainc, an Impireacht Naofa Rómhánach, Monarcacht Hapsburgach, Toghthóireacht na Sacsaine, Electorate of Bavaria (en) , Impireacht na Rúise, Impireacht na Spáinne, Impireacht na Sualainne, Abenaki people (en) , Impireacht na Mógal, Seoirse II na Breataine Móire, Seoirse III na Breataine Móire agus na hÉireann, Louis XV na Fraince, Maria Theresa na hOstaire, Sabhdánacht Bheangál agus Mosquitia (en) |
Ba é an cogadh seo a chuir deireadh le réimeas na Fraince mar mhórchumhacht impiriúil lasmuigh den Eoraip, agus san Eoraip féin go dtí gur tharla an Réabhlóid. Tháinig an Bhreatain chun cinn dá bharr mar ollchumhacht agus forlámhas aici ar mhórchuid d'fharraigí an domhain go háirithe.
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |