Is náisiún Meiriceánach Dúchasach iad na hIroquois.[1] Tugann siad Haudenosaunee (Mohawk: Rotinonshón:ni, Seneca: Hodínöhšö:ni:h) orthu féin. Léiríonn Haudenosaunee an chónaidhm na cúig (níos déanaí sé) thíre: na tíortha

Bratach na cónaidhme
na hIroquois (i SAM inniu) timpeall 1660

Ó nath Iroquois hiro kone a tháinig an focal Iroquois; chum na taiscéalaithe Francacha an focal seo.[2] Bíonn na hIroquois ina gcónaí den chuid is mó i Nua-Eabhrac (stát) agus i gQuébec.

 
Cathː Champlain agus na hIroquois, Ticonderoga, Iúil, 1609

Bíonn na hIroquois ina gcónaí i Meiriceá Thuaidh ó 12,000 RC no fiú i bhfad níos luaithe.[3] Tugann na hIroquois "Turtle Island" (Oileán Turtair) ar Meiriceá Thuaidh.[4]

 
Na Taoisigh, 14 MF 1871

Thosaigh na hIroquois ag talmhaíocht timpeall 800-1000.[5] Cruthaíodh an 'chónaidhm Haudenosaunee' timpeall 1450 - 1660 (nó níos lú b'fhéidir). Bhí cúig náisiún ann sa chónaidhm ar dtúsː na Seneca, Cayuga, Onondoga, Oneida, agus Móháic.

Sheol an taiscéalaí Jacques Cartier ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent.[6]

Ar an 24 Iúil, chuir Cartier cros 10 méadar in airde agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.

Chuaigh na Tuscaroraigh ó Carolina Thuaidh isteach sa chónaidhm Haudenosaunee sna 1700idí.

Mharaigh na hEorpaigh Iroquois go leor i rith an 18ú céad, agus coigistíodh a gcuid tailte.[7]

 
Iroquois 1882

Tá timpeall 125,000 Iroquois ann, 45,000 i gCeanada agus 80,000 sna Stáit Aontaithe.

Tá comhairle na bhfear agus comhairle na mban ag na hIroquois, agus tá na mná i gceannas ar an réadmhaoin, an talmahaíocht, agus mar sin de. Bhí rialtas daonlathach ann.[8]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. “Iroquois” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-04.
  2. Barbara Alice Mann, Iroquoian Women: The Gantowisas (Boston: Peter Lang, 2000), 16-17.
  3. Ibid., 32-5.
  4. Ibid., 33.
  5. Ibid., 35-6.
  6. Liam Ó Muirthile (2016). "‘Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-01.
  7. Ibid., 41-9.
  8. Ibid.