Nua-Eabhrac (stát)

Stát ins na Stáit Aontaithe

Ceann de na 50 stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Nua-Eabhrac. Is é Albany príomhchathair an stáit agus is í Cathair Nua-Eabhrac an chathair is mó agus is aitheanta ann. Úsáidtear an giorrúchán NY don phost.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNua-Eabhrac
State of New York (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

New York State Capitol (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«I Love New York» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilGorméan tarr-rua Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmThe Empire State Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósDiúc Eabhraic Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 43°N 75°W / 43°N 75°W / 43; -75
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAlbany, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán20,201,249 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús142.97 hab./km²
Líon na dteaghlach7,417,224 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dena Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla141,300 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce13.62 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch Erie, Abhainn Saint Lawrence, Sunda an Oileáin Fhada, Lower New York Bay (en) Aistrigh, Loch Ontario, Abhainn Niagara, Loch Champlain agus An tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Airde305 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Marcy (en) Aistrigh (1,629 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síProvince of New York (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú26 Iúil 1788
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachReachtas Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
• Gobharnóir Nua Eabhrac Cuir in eagar ar WikidataKathy Hochul (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Achomhraic Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2US-NY Cuir in eagar ar Wikidata
ID GNIS1779796 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinny.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Stát Nua-Eabhrac suite ar chósta an Aigéin Atlantaigh in oirthuaisceart na Stát Aontaithe. Tá Nua-Eabhrac ag críochantacht le Ceanada thuaidh, le Vermont, Massachusetts, agus Connecticut thoir, agus le New Jersey agus Pennsylvania theas.

Stair cuir in eagar

Chuir daoine fúthu san áit ina bhfuil Stát Nua-Eabhrac anois timpeall 10,000 bliain ó shin. Treibheanna Algancacha a bhí i ndeisceart agus oirthear an stáit le fada an lá faoin am ar tháinig na chéad Eorpaigh. Bhí an pobal Lenape sa deisceart agus i ngleann an Hudson suas leath bealaigh go hAlbany, a bheag nó a mhór; agus bhí na Mahican ní b'fhaide soir ó thuaidh. Tháinig na hIroquois aneas as na sléibhte Apaláiseacha timpeall na bliana 800 agus chuir siad fúthu in iarthar agus i dtuaisceart Nua-Eabhrac. Cónaidhm de chúig threibh a bhí ann, mar atá (agus ag dul ó oirthuaisceart Nua-Eabhrac siar) na Móhácaigh, Oneida, Onondaga, Cayuga agus Seneca. Chónaíodh na Móhácaigh taobh thuaidh de na Lenape. Ar theacht na nEorpach, thréig na Tuscarora, treibh Iroquois eile, a ndúiche i Carolina Thuaidh agus chuir siad fúthu i Nua-Eabhrac mar an séú treibh den chónaidhm.

Thaiscéalaigh roinnt Eorpach an cósta Atlantach, agus ar an 11 Meán Fómhair 1609 rinne Henry Hudson, Sasanach i seirbhís na hÍsiltíre, a bhealach isteach i mBá uachtair Nua-Eabhrac. Cé go ndeachaigh na Francaigh isteach i dtuaisceart Nua-Eabhrac ar son taiscéalaíochta, fionnaidh agus na hIndiaigh a iompú ina gCaitlicigh, ba iad na hOllannaigh na chéad Eorpaigh a chur fúthu sa stát, ag Fort Orangie ar shuíomh Albany an lae inniu, sa bhliain 1624. Ba iadsan freisin a chuir cathair Nieuw Amsterdam ("Amstardam nua") ar bun sa bhliain 1625, agus, más fíor, cheannaigh Peter Minuit oileán Manhattan ó na hIndiaigh ar bheagán áilleagán arbh fhiú $24 iad.

 
Cóip den Halve Maen ("Leath gealaí") ar a bealach thar íochtar Manhattan, mar a rinne an Halve Maen faoi stiúradh Henry Hudson sa bhliain 1609.

Ó 1609 go dtí 1701 bhí Cogadh na mBéabhar ar siúl, cogadh a tháinig as an gcoimhlint idir na treibheanna maidir le trádáil fionnaidh leis na hEorpaigh. Bhí an bua ag na hIroquois ar na treibheanna ar gach taobh díobh. Bhí ar na hIroquois géilleadh do na Francaigh i lár an 17ú haois ach d'éirigh eatarthu an athuair. Shínigh ceannairí na nIroquois conradh ar tugadh Síochán Mór Montréal air sa bhliain 1701, rud a chuir críoch leis an gcogaíocht eatarthu ar choinníollacha i bhfabhar na nIroquois. Bhí na Sasanaigh ag dul i neart sa réigiún faoin am sin agus chonacthas do na hIroquois go mbeadh an lámh in uachtar acu féin ach an dá ghrúpa Eorpach a chur in éadan a chéile.[1][2][3][4][5][6]

Roimhe sin, thiar sa bhliain 1664, ghéill pobal Nieuw Amsterdam do fhórsa Sasanach. B'shin deireadh le smacht na nOllanach ar an gcoilíneacht ar fad, ó Delaware go dtí na bólaí taobh thuaidh de Fort Orangie. Thug na Sasanaigh "New York" ar limistéir an stáit mar atá sé inniu, le hómós do Dhiúc Eabhrac i Sasana.[7]

Bhí Nua-Eabhrac ina phríomhchathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar feadh aistear gearr i ndiaidh Chogadh na Saoirse. Bhí an sclábhaíocht coitianta faoi riail na nOllannach agus na Sasanach araon i gCathair Nua-Eabhrac agus ina lán ceantar faoin tuath. Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht de réir a chéile i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus saoradh an duine deireanach díobh sa bhliain 1827.

Sa bhliain 1917 tugadh cearta vótála do na mná den chéad uair.

Ar an 11 Meán Fómhair 2001, fuair breis is 2,600 duine bás san Ionad Trádála Domhanda in Manhattan, an t-ionsaí sceimhlitheoireachta is mó i stair na Stát Aontaithe.

In 2011 thug Tionól Reachtais an stáit cead do shaoránaigh an stáit daoine den inscne chéanna a phósadh.

 
Fear ag obair ar an Empire State Building in 1930. Fostaíodh a lán Móhácach agus cuid daoine as Talamh an Éisc in obair thógála i gCathair Nua-Eabhrac i lár an 20ú haois.

Gnéithe fisiciúla na tíre cuir in eagar

Tá sléibhte na nAdirondack i dtuaisceart an stáit, agus cinn níos ísle ná iad, na Catskills, siar ó dheas as Albany i lár an stáit. Tá abhainn mhór an Hudson ag rith ó theorainn Cheanada go dtí cathair Nua-Eabhrac, agus seolann longa móra uirthi go dtí Albany. Ba é tógáil an Chanáil Erie, go deimhin, a chur bun leis an gceannas a bhí le fada ag cathair Nua-Eabhrac i gcúrsaí tráchtála. Ba mhór an áis an chanáil chun earraí a thabhairt as gach cearn go dtí an cósta roimh aimsir na dtraenach.

Geilleagar cuir in eagar

Ba US$1.16 trilliún an olltáirgeacht instáit ag Stát Nua-Eabhrac sa bhliain 2010, rud a chuir an stát sa tríú háit sna Stáit Aontaithe, i ndiaidh California agus Texas.[8]

Tá níos mó ceanncheathrúna institiúidí airgeadais suite i gCathair Nua-Eabhrac ná in aon chathair eile sna Stáit Aontaithe. Is iomaí duine atá ar fostú sna bancanna, comhlachtaí árachais, tithe bróicéireachta, agus stocmhalartáin sa chathair sin, go mór mór i gCeantar an Airgeadais i ndeisceart Manhattan. Is sa cheantar sin a bhfuil Stocmhalartán Nua-Eabhrac agus an Stocmhalartán Meiriceánach suite.

I measc thionscail an stáit, tá foilsitheoireacht, clóbhualadh, innealra agus feisteas tionsclaíoch, innealra leictreonach, turasóireacht, agus feirmeoireacht. Meastar é ar an seachtú háit maidir le táirgeadh tionscail. Tógtar eallach agus éanlaith clóis, agus fástar glasraí, torthaí agus min. Tá tábhacht, leis, le fás caora fíniúna agus déanamh fíona ar an Oileán Fada, i ngleann an Hudson agus in iarthar an stáit.

Cathair Nua-Eabhrac cuir in eagar

Roinntear cathair Nua-Eabhrac inniu ina cúig bhuirg:

Bhí daonra 8,008,278 i gcathair Nua-Eabhrac sa bhliain 2000, rud a thugann tús áite di i measc chathracha na Stát Aontaithe. Ba i gcathair Nua-Eabhrac a tháinig an-chuid inimirceach i dtír ón Eoraip anuas go dtí tús an fichiú haois, i ndeisceart Manhattan, in áit a dtugtar an Battery uirthi, agus trí Oileán Ellis ina dhiaidh sin. Tá an-éagsúlacht fós ag baint le pobal na cathrach.

Sa lá atá inniu ann, tagann a lán imirceach i dtír in Aerfort John F. Kennedy in Queens, nó in Aerfort Newark, in New Jersey, atá suite 35 ciliméadar ón gcathair.

An tOileán Fada cuir in eagar

An tOileán Fada ag síneadh soir as cathair Nua-Eabhrac. Tá sé os cionn 170 ciliméadar ar fad ach níl sé mórán thar 30 ciliméadar ar leithead in aon chuid de. De ghnáth, fágtar Queens agus Brooklyn ar lár agus An tOileán Fada á lua, mar go bhfuil siad i gcathair Nua-Eabhrac, cé gur chuid den oileán iad maidir le tíreolaíocht.

Fuíoll an stáit cuir in eagar

I measc chathracha móra eile an stáit, áirítear Buffalo (d. 292,648), Syracuse (d. 147,306), Yonkers (d. 196,086), agus Rochester (d. 219,773). Tugtar go minic "Upstate" ar an gcuid den stát atá ó thuaidh ó chathair Nua-Eabhrac agus ón Oileán Fada, .i. mórchuid an stáit. "Downstate" a thugtar ar chathair Nua-Eabhrac agus ar an Oileán Fada.

 
Loch Keuka, ceann de na Méarlocha in "Upstate New York"

Tíreolaíocht Nua-Eabhrac cuir in eagar

Contaetha i Nua-Eabhrac cuir in eagar

Cathracha is mó i Nua-Eabhrac cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Iroquois Confederacy—History, Relations with non-native americans, Key issues".
  2. "Susquehannock Indians".
  3. "Erie Tribe—Access Genealogy".
  4. "'PETUN' AND THE PETUNS".
  5. "Mahican Tribe—Access Genealogy".
  6. Barron, Donna. "The Long Island Indians & Their New England Ancestors". 2006
  7. Scheltema, Gajus and Westerhuijs, Heleen (eds.), Exploring Historic Dutch New York. Museum of the City of New York/Dover Publications, New York (2011). ISBN 978-0-486-48637-6
  8. "GDP by State".

Naisc sheachtracha cuir in eagar


Stáit Aontaithe Mheiriceá  
Stáit: Alabama | Alasca | Arizona | Arkansas | California | Carolina Theas | Carolina Thuaidh | Colorado | Connecticut | Dakota Theas | Dakota Thuaidh | Delaware | Florida | Georgia | Haváí | Idaho | Illinois | Indiana | Iowa | Kansas | Kentucky | Louisiana | Maine | Maryland | Massachusetts | Michigan | Minnesota | Mississippi | Missouri | Montana | Nebraska | Nevada | New Hampshire | New Jersey | Nua-Mheicsiceo | Nua-Eabhrac | Ohio | Oklahoma | Oregon | Pennsylvania | Oileán Rhode | Tennessee | Texas | Utah | Vermont | Virginia | Virginia Thiar | Washington | Wisconsin | Wyoming