Loch nádúrtha fionnuisce i Meiriceá Thuaidh is ea Loch Champlain (Béarla: Lake Champlain, Fraincis: lac Champlain). Tá an chuid is mó den loch suite i stáit Nua-Eabhrac agus Vermont sna Stáit Aontaithe, ach tá an chuid is faide chun tuaiscirt i gCúige Québec i gCeanada. Tá an loch ainmnithe i ndiaidh Samuel de Champlain, an taiscéalaí Francach a tháinig ar an loch sa bhliain 1609.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLoch Champlain
(abe) Pitawbagw
(mis) Kaniatarakwà:ronte Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálLoch Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósSamuel de Champlain Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinMontérégie, Quebec (en) Aistrigh, Vermont, SAM, Nua-Eabhrac, SAM agus Québec, Ceanada Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 44°32′N 73°20′W / 44.53°N 73.33°W / 44.53; -73.33
Craobh-abhainn
EisilteachAbhainn Richelieu Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach draenálaLake Champlain basin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige30 m Cuir in eagar ar Wikidata
Doimhneacht ingearach122 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí23 (leithead) × 201 (fad) km
Imlíne945 km Cuir in eagar ar Wikidata
Achar1,269 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Abhantrach21,326 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Geolaíocht cuir in eagar

Tá Loch Champlain 1,269 ciliméadar cearnach (490 míle cearnach) d’achar. Tá sí amuigh is istigh ar 201 km (125 míle) ar fad agus 23 km (14 míle) trasna ag an bpointe is leithne. 400 troigh (120 méadar) an pointe is doimhne sa loch. Tá an loch idir 95 agus 100 troigh (29 go 30 m) os cionn meánleibhéal na farraige, ag brath ar an séasúr.

Téann stair na locha 20,000 bliain siar go deireadh na hoighearaoise deireanaí. Tá Loch Champlain suite i nGleann Champlain, agus é seo á thaoscadh ag an loch. Taoscann an Abhainn Richelieu an loch féin ó thuaidh isteach san Abhainn San Labhrás. Is cuid den Ghleann Mór Apaláiseach é Gleann Champlain, a shíneann ó Alabama san iardheisceart go Gleann na Saint Lawrence.