Ceanada

Tír i Meiriceá Thuaidh

Is tír i Meiriceá Thuaidh é Ceanada. Síneann a dheich gcúige agus a trí chríoch ón Aigéan Atlantach go dtí an tAigéan Ciúin agus ó thuaidh isteach san Aigéan Artach, rud a fhágann gurb í an dara tír is mó ar domhan de réir achair iomlán, leis an gcósta is faide ar domhan. Is é Ottawa príomhchathair Cheanada agus is iad Toronto, Montréal agus Vancouver na trí limistéar cathrach is mó. Is ríocht dhaonlathach é Ceanada, a bunaíodh sa bhliain 1867 mar chónaidhm in Impireacht na Breataine. Tá thart ar 35 milliún duine ina gcónaí i gCeanada. Is iad Béarla agus Fraincis na teangacha oifigiúla.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCeanada
Canada (en)
Canada (fr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnO Canada (1 Iúil 1980) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«A Mari Usque Ad Mare» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilbéabhar Mheiriceá Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósStadacona (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 60° N, 110° O / 60°N,110°W / 60; -110

PríomhchathairOttawa Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán36,991,981 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3.7 hab./km²
DéamainmCeanadach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla
an Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiúnluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMeiriceá Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla9,984,670 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce8.62 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach, an tAigéan Ciúin, an tAigéan Artach, Na Lochanna Móra agus Bá Hudson Cuir in eagar ar Wikidata
Airde487 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh Logan (5,959 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean tAigéan Artach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síProvince of Canada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 1 Iúil 1867:  scartha ó An Ríocht Aontaithe Q16721390, Q1191952 (Canadian Confederation (en) Aistrigh)
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
ÉarlamhNaomh Iósaf, Jean de Brébeuf, Naomh Áine agus North American Martyrs (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil, stát cónaidhme agus córas parlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinGovernment of Canada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire stáitVictoria na Ríochta Aontaithe (1867–1901) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil2,206,764,000,000 $ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadradollar Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ca agus .quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+1 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála911 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreCA Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincanada.ca Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: Canada Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht

cuir in eagar

Tagann an t-ainm Canada (agus mar sin Ceanada i nGaeilge) ó kanata, focal a chiallaíonn "baile beag" nó "lonnaíocht" i dteanga de chuid na nIroquois. Ba é sin an focal a d'úsáid Lucht Bundúchasach na háite i gceantar Chathair Québec nuair a threoraigh siad Jacques Cartier chun Stacona, baile beag acusan. Thug Cartier an t-ainm sin ar an gceantar uilig a bhí faoi Donnacona, taoiseach na treibhe úd. Faoin mbliain 1545, bhí na hEorpaigh ag cur an ainm ar a gcuid léarscáileanna le haghaidh an réigiúin ar fad.

Tíreolaíocht

cuir in eagar

De réir achair iomlán (lena n-áirítear a uiscí), is é Ceanada an dara tír is mó ar domhan, tar éis an Rúis.[1] Síneadh ón Aigéan Atlantach san oirthear, feadh an Aigéin Artach ó thuaidh, agus go dtí an Aigéan Ciúin san iarthar, cuimsíonn an tír 9,984,670 km2 de chríoch.[2] Tá teorainn aici le Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Cúigí agus críocha

cuir in eagar

Cónaidhm is ea Ceanada atá comhdhéanta de 10 stát chónaidhme, ar a dtugtar cúigí, agus trí chríoch cónaidhme. Tá cúigí agus críocha freagrach as cláir shóisialta mar chúram sláinte, oideachas agus leas,[3] chomh maith le riaradh an cheartais (ach ní dlí coiriúil).

Tá 10 gcúige i gCeanada:

Tá 3 dhúiche i gCeanada:

 
Athdhéanamh ar theach fada fóid Lochlannach ag L'Anse Aux Meadows

Na bundúchasaigh

cuir in eagar

Taispeánann staidéir sheandálaíochta agus anailísí géiniteacha go dtéann an t-áitreabh daonna i gCeanada siar go 7500 R.Ch. ar an laghad. Cuid de shaintréithe na mbundúchasach iad lonnaíochtaí seasta, an talmhaíocht, céimiúlacht shóisialta casta agus gréasáin trádála. Measann roinn rialtais amháin go raibh timpeall is 500,000 duine sa tír ag deireadh an 15ú haois, is é sin go díreach roimh theacht buan na nEorpach.[4] Tá meastacháin eile ann, áfach, atá chomh híseal le 200,000 duine agus chomh hard le 2,000,000 duine. Cibé ar bith scéal é, tháinig titim mhór ar líon na mbundúchasach i ndiaidh theacht na nEorpach mar nach raibh imdíonacht acu ar na galair a tháinig isteach in éineacht leo seo, mar atá, fliú, an bhruitíneach agus an calar. Na Chéad Náisiúin a thugtar anois ar Indiaigh Cheanada. Tá Ionúitigh agus Métis ann freisin. Daoine de phór measctha iad na Métis a dtéann a sinsireacht siar, go minic, go dtí lár an 17ú haois. Fraincis a bhíonn acu seo go minic, fiú in áiteanna mar Manitoba i lár na tíre.

Teacht na nEorpach

cuir in eagar

Na Lochlannaigh na chéad Eorpaigh dár chuir fúthu i gCeanada, é sin ag L'Anse aux Meadows i dTalamh an Éisc thart ar 1000 AD. Níor fhan siad ann go rófhada.[5]

Tháinig maraithe Bascacha agus Portaingéalacha go luath san 15ú haois agus chuir siad lonnaíochtaí iascaigh sealadacha ar bun. John Cabot, taiscéalaí Iodálach, a thug an chéad chuairt ar an gcósta thoir ar son Shasana, sa bhliain 1497.[6] Chuir na Sasanaigh ruaig ar na hiascairí Bascacha agus Portaingéalacha ó thailte saibhre éisc na tíre go luath sa 16ú haois agus chuir siad coilíneachtaí ar bun ar Thalamh an Éisc. Cupids agus Ferryland na céad chinn (1610) díobh.

 
"Nua-Fhrainc" i 1703, an stát ba mhó i Meiriceá Thuaidh san am

Tháinig na Francaigh go Ceanada sa bhliain 1534 nuair a sheol Jacques Cartier isteach san Abhainn St. Lawrence. Ar an 24 Iúil, rinne sé cros 10 méadar in airde a thógáil agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince.

Bhunaigh na Francaigh baile den chéad uair i bPort Royal san Albain Nua, sa bhliain 1605, áit a raibh Na hAcadaigh ag an am. Samuel de Champlain ab ea "Athair na Nua-Fhraince". Lean sé ar aghaidh chun Québec a thógáil freisin, príomhchathair an stáit nua.

Bhí sé ina chogadh ceithre huaire idir na Francaigh agus na hIndiaigh ar thaobh amháin agus na Sasanaigh ar an taobh eile idir na blianta 1689 agus 1763. I ndiaidh Chonradh Pháras sa bhliain 1763, ní raibh aon rud fágtha ag na Francaigh seachas Saint-Pierre-et-Miquelon, dhá oileán amach ó Thalamh an Éisc ar leis an bhFrainc iad go dtí an lá atá inniu ann. (D’fhan na Francaigh freisin i seilbh bhruach thiar na Mississippi taobh ó dheas ó Cheanada). Trí mheán Acht Québec (1774) tugadh aitheantas arís don Fhraincis, don chreideamh Chaitliceach agus do dhlí shibhialta na Fraince in Québec. Chomh maith leis sin, leathnaigh an t-acht achar Québec isteach i ngleann na hAbhann Ohio, rud a chuir le míshástacht na Meiriceánach sna 13 Choilíneacht a bhí cheana féin ar tí éirí amach i gcoinne smacht na mBriotanach. Le Conradh Pháras (1783), fuair na Meiriceánaigh an chríoch sin ar fad taobh ó dheas ó na Locha Móra.

Faoi lánsmacht na mBriotanach

cuir in eagar

Roinneadh an choilíneacht Nova Scotia ina dhá leath: ar an 16ú Lúnasa cuireadh New Brunswick ar bun sa chuid thiar di. Le hAcht Bunreachtúil na bliana 1791, roinneadh Cúige Québec ina dhá leath freisin. Ceanada Íochtair a tugadh ar an gceann díobh ina raibh an Fhraincis ag an móramh (Québec an lae inniu) agus Ceanada Uachtair (Ontario inniu) ar an gceann ina raibh an Béarla níos coitianta. Bhí a thionól reachtach féin ag an dá chúige. Le hAcht Aontais na bliana 1840 cuireadh na "Ceanadaí" seo le chéile in aonad amháin a tugadh Cúige Cheanada air. Na críocha ollmhóra chun an iarthuaiscirt a bhí faoi smacht na mBriotanach - Rupert's Land agus an North-West Territory - tugadh iad faoi smacht an chúige aontaithe nua seo mar na Northwest Territories.

 
"The Jack Pine", ola ar chanbhás (1916-1917), le Tom Thomson, péintéir Ceanadach

Ar an 1ú Iúil 1867, cuireadh tiarnas feidearálach ar bun faoin ainm Ceanada, agus ceithre chúige ann, mar atá Ontario, Québec, New Brunswick agus Albain Nua. Bhí na Northwest Territories faoina smacht. Na coilíneachtaí ar chósta an Aigéin Chiúin, Oileán Victoria agus an Cholóim Bhriotanach, rinneadh aon choilíneacht amháin díobh sa bhliain 1866 mar an Cholóim Bhriotanach, agus sa bhliain 1871 chuaigh sí seo isteach i dtiarnas feidearálach Cheanada. San oirthear, rinne Prince Edward Island amhlaidh sa bhliain 1873. Rinneadh cúigí de chodanna de na Northwest Territories diaidh ar ndiaidh: Manitoba sna 1890idí agus Alberta agus Saskatchewan sa bhliain 1905. Rinneadh críoch faoi leith den Yukon le linn ruaig an óir ansin. De réir mar a bhí Ceanada ag forbairt mar thír, fuair sí tuilleadh féinrialais ón mBreatain Mhór chomh maith. Talamh an Éisc an cúige deireanach sa chónaidhm sa bhliain 1949. Tír neamhspleách í Ceanada anois.

Gné thábhachtach de stair Cheanada is ea an inimirceacht agus an síorbhrú isteach i limistéir a bhí i seilbh na mbundúchasach roimhe sin, chun an iarthair go háirithe. I ndiaidh Chogadh 1812, thosaigh a lán daoine a plódú isteach ón mBreatain Mór agus ó Éirinn.[7] Idir 1825 agus 1846, tháinig 626,628 imirceach Eorpach go Ceanada; sa bhliain 1831 féin tháinig 34,000 Éireannach i dtír i gCathair Québec.[8] Ceaptar go bhfuair an ceathrú cuid de na himircigh bás le galair éagsúla.

Geilleagar

cuir in eagar
 
Lomáin á n-iompar ar leoraí sa Cholóim Bhriotanach. Tá an lománaíocht tábhachtach i ngeilleagar Cheanada cé go scriosann sé bunstaid chianaosta choillte na tíre.

geilleagar margaidh mheasctha ardfhorbartha ag Ceanada,[9][10] leis an ochtú geilleagar is mó ar domhan ó 2022, agus OTI ainmniúil de thart ar US$2.221 trilliún.[11] Is ballstát den G7 é Ceanada.

Tá trí ceathrú den gheilleagar san earnáil seirbhísí agus ceathrú eile san earnáil phríomhúil—ola agus lománaíocht, go príomha. Baintear a lán den ola as gainimh tarra an iarthuaiscirt. Táirgeann Ceanada cuid shuntasach de nicil, de chaidmiam, de shinc agus de mholaibdéineam an domhain chomh maith. Tá mianaigh diamaint ann agus is é Ceanada an tír tháirgthe síoróip maiple is mó.

Tá Ceanada chun tosaigh maidir le teicneolaíocht agus eolaíocht. Sa bhliain 2011, caitheadh C$29.9 billiún ar thaighde agus fhorbairt sa tír.[12] Ó 2020, tá cúig bhuaiteoir Nobel déag táirgthe ag an tír san fhisic, sa cheimic agus sa leigheas[13] agus bhí sí sa cheathrú háit ar fud an domhain maidir le cáilíocht taighde eolaíoch i mórshuirbhé 2012 ar eolaithe idirnáisiúnta.[14]

Déimeagrafaic

cuir in eagar

Áiríodh i ndaonáireamh Cheanada 2021 daonra iomlán de 36,991,981, méadú de thart ar 5.2 faoin gcéad ar fhigiúr 2016.[15]

Úsáideann Ceanadach an iliomad teangacha, agus tá an Béarla agus an Fhraincis (na teangacha oifigiúla) ina máthairtheangacha ag timpeall 54 faoin gcéad agus 19 faoin gcéad de Cheanada faoi seach.[16] Tá naoi dteanga bundúchasacha aitheanta i gCeanada chomh maith.

  1. Brescia, Michael M.; Super, John C. (2009). North America: An Introduction. University of Toronto Press. p. 38. ISBN 978-0-8020-9675-3.
  2. McColl, R. W. (September 2005). Encyclopedia of World Geography. Infobase Publishing. p. 135. ISBN 978-0-8160-5786-3.
  3. Doern, G. Bruce; Maslove, Allan M.; Prince, Michael J. (2013). Canadian Public Budgeting in the Age of Crises: Shifting Budgetary Domains and Temporal Budgeting. McGill-Queen's University Press. p. 1. ISBN 978-0-7735-8853-0.
  4. Bailey, Garrick Alan (2008). Handbook of North American Indians: Indians in contemporary society. Government Printing Office. lch. 285. ISBN 0-16-080388-8. http://books.google.com/books?id=Z1IwUbZqjTUC&pg=PA285.
  5. Reeves, Arthur Middleton (2009). The Norse Discovery of America. BiblioLife. lch. 82. ISBN 978-0-559-05400-6. http://books.google.com/books?id=HkoPUdPM3V8C&pg=PA7.
  6. "John Cabot's voyage of 1497". Memorial University of Newfoundland. 2000. http://www.heritage.nf.ca/exploration/cabot1497.html hAisghabháladh é ar 23-5-2011.
  7. Thornton, Russell (2000). "Population history of Native North Americans". In Haines, Michael R; Steckel, Richard Hall. A population history of North America. Cambridge University Press. lgh. 13, 380. ISBN 0-521-49666-7.
  8. "Stair inimirceachta Cheanada, a aisghabháladh ar 4 Lúnasa 2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Nollaig 2007. Dáta rochtana: 16 Nollaig 2007.
  9. Hall, Peter A.; Soskice, David (2001). Varieties of Capitalism: The Institutional Foundations of Comparative Advantage. Oxford University Press. p. 570. ISBN 9780191647703.
  10. Diekmeyer, Peter (11 Meitheamh, 2020). "Capitalism in Canada". The Canadian Encyclopedia.
  11. "World Economic Outlook Database". Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. 2 Aibreán, 2019.
  12. "Spending on research and development" StatCan, arna rochtain ar 29 Lúnasa 2012
  13. "Canadian Nobel Prize in Science Laureates". Science.ca.
  14. McIlroy, Anne (September 26, 2012). "Canada ranked fourth in the world for scientific research". The Globe and Mail. Cartlainne ón mbunleathanach ar 4 Deireadh Fómhair, 2012.
  15. Zimonjic, Peter. "Despite pandemic, Canada's population grows at fastest rate in G7: census". CBC News.
  16. "Profile table, Census Profile, 2021 Census of Population". Statistics Canada.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar