Is í an tsinc dúil cheimiceach uimhir a 30, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná Zn. Miotal bánghorm í, agus is iomaí úsáid a bhaintear aisti sa teicneolaíocht agus sa tionsclaíocht.

Sinc
Siombail Cheimiceach Zn
Uimhir Adamhach 30
Meáchan Adamhach 65.409(4) g·mol−1
Grúpa, Peiriad 12, 4, d
Dlús 7.14 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Miotail trasdultacha
Zn-TableImage.svg

Áirítear ar na miotail thrasdultacha í, ach le fírinne, tá sí níos cosúla leis na miotail chré-alcaileacha ina saintréithe ceimiceacha. Tá an tríú sceall lán (ocht leictreon déag) agus dhá s-leictreon taobh amuigh de.

Murab ionann agus an dá mhiotal eile in aon ghrúpa leis, an caidmiam agus an mearcair, ní trom-mhiotal nimhiúil í an tsinc. A mhalairt ar fad, tá an tsinc riachtanach d'orgánach an duine mar riandúil, agus í le fáil ina lán einsímí tábhachtacha. Is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin a bhíonn aici ina cuid comhdhúl ná +2.

Cuma agus Cosúlacht na SinceCuir in Eagar

Miotal crua sobhriste í an tsinc agus loinnir ghorm inti. Is miotal diamaighnéadach í, is é sin, éarann an réimse maighnéadach é. Tá sí traidhfilín níos éadroime ó thaobh an dlúis de ná an t-iarann, agus struchtúr criostalach heicseagánach aici. Seoltóir réasúnta maith leictreachais atá inti, agus tá a leáphointe (419.5 °C) agus fiuchphointe (907 °C) íseal go leor i gcomparáid leis an gcuid is mó de na miotail, go háirithe na miotail trasdultacha.

Tá a lán miotal in ann cóimhiotail a dhéanamh leis an tsinc. Is é an prás - cóimhiotal na since agus an chopair - an ceann is tábhachtaí de na meascáin seo. Cé nach bhfuil an tsinc ná an siorcóiniam fearómaighnéadach ar aon nós, éireoidh a gcóimhiotal ZrZn2 fearómaighnéadach má shioctar faoi bhun 35 ceilvín (-235 °C) é.