Mianach na Teamhrach
Is é Mianach na Teamhrach, nó Tara Mines. an mianach since is mó san Eoraip. Táthar ag tochailt go tionsclaíoch ann ó na 1970idí.[1]
Sonraí | |
---|---|
Cineál | mianach |
Gníomhaíocht | |
Táirge | sinc |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Stair
cuir in eagarOsclaíodh an mianach san Uaimh i 1977. D'éirigh Teamhair an mianach since is mó san Eoraip de réir a chéile.
Ghlac an chuideachta Sualannach Bolinden seilbh ar an ngnó i 2004.
Sa bhliain 2023, ligeadh 650 lucht oibre chun siúil, i bhfianaise "caillteanais shuntasacha neamh-inbhuanaithe". Bhí 2,000 duine eile i gceantar na hUaimhe a raibh baint acu leis an mianach, leithéidí conraitheoirí agus soláthróirí.[2]
De réir Bolinden, bhí an gnó ag cailleadh airgid de bharr praghas since a bheith ag titim, de bharr costas ard fuinnimh agus de bharr an bhoilscithe i gcoitinne. Bhí an margadh since luaineach sa bhliain 2022/2023 agus thit an praghas ó $3,500 go $2,500 in aghaidh an unsa idir Meitheamh 2022/2023.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-19). ""Dianphlé" ar bun faoi 650 a ligean chun siúil as Teamhair" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-14). "Oibrithe "suaite" ag cinneadh mianach since na Mí a dhúnadh" (as ga).
- ↑ "Zinc PRICE Today | Zinc Spot Price Chart | Live Price of Zinc per Ounce | Markets Insider" (en). markets.businessinsider.com (2023-06-14). Dáta rochtana: 2023-06-19.