Is tír í an tSualainn (Sualainnis: Sverige), nó Ríocht na Sualainne (Sualainnis: Konungariket Sverige) go hoifigiúil, atá lonnaithe i gCríoch Lochlann i dtuaisceart na hEorpa. Is í an tríú ball is mó í den Aontas Eorpach, agus an cúigiú tír is mó san Eoraip ar fad, agus achar 450,295 ciliméadar cearnach (173,860 míle cearnach) aici. Cónaíonn 87% den daonra (10.5 milliún), áfach, i gceantair uirbeacha dheisceart agus lár na tíre. Is monarcacht bhunreachtúil í.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSualainn
Sverige (sv) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnDu gamla, du fria Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 61°N 15°E / 61°N 15°E / 61; 15

PríomhchathairStócólm Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán10,551,707 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús23.58 hab./km²
Teanga oifigiúilan tSualainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deNa Stáit Nordacha
Críoch Lochlann Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla447,425.16 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bhailt, Kattegat agus Øresund Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeKebnekaise (en) Aistrigh (2,097.5 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleKristianstad (−2 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú700í
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil agus representative democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Sualainne Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Sualainne Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc na Sualainne Cuir in eagar ar WikidataCharles XIV John of Sweden (en) Aistrigh (1818–1844) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Sweden (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataUlf Kristersson (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na Sualainne Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil636,856,236,396 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrakrona na Sualainne Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.se Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+46 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreSE Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSSE Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsweden.se Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: swedense Twitter: sweden Instagram: ru.sweden.se Telegram: swedenofficial Youtube: UCDxRH_wOCO1LDcQlK3F8_HA Cuir in eagar ar Wikidata

an Iorua ar an taobh thiar thuaidh di agus an Fhionlainn ar an taobh thoir di, agus tá droichead agus tollán ann idir í agus an Danmhairg san iardheisceart. Tá líne chósta an-fhada aici le Muir Bhailt.

Is í Stócólm an phríomhchathair. Cathracha tábhachtacha eile is ea iad Göteborg, Malmö, Uppsala, Linköping, Västerås agus Örebro.

Stair cuir in eagar

Réamhstair cuir in eagar

Thart ar 12,000 RCh, ar chúlú na n-oighearchaidhpeanna dóibh, a tháinig na chéad lonnaitheoirí isteach sa tSualainn. As cloch a rinneadarsan a gcuid uirlisí agus arm le haghaidh fiaigh, iascaireachta agus cnuasaigh agus mhair an Chlochaois sa tSualainn go dtí 1,700 RCh, go garbh. Tá an-chuid peitriglifí le fáil sa tSualainn ón aimsir seo agus ón gCré-umhaois a tháinig ina diaidh sin a thaispeánas ainmhithe fiáine, longa rámhaíochta, agus gnéithe de chreideamh an limistéir. Le linn na Cré-umhaoise, ní dhearnadh cré-umha ar bith sa tSualainn féin, ó ní fhaightear fosuithe stáin i gCríoch Lochlann, ach iompórtálaíodh na miotail ó chríocha eile mar Éire agus lár na hEorpa. Thosaigh Iarannaois na Sualainne sa gcúigiú haois RCh agus ón gcéad aois i leith, bhí tionchar ag na Rómhánaigh ar an tír (trí earraí iompórtálaithe, mar shampla).

"Ré na Lochlannach" cuir in eagar

Ón 8ú haois i leith, ar feadh roinnt céadta, rinne daoine as Críoch Lochlann ionsaithe, ionradh, agus trádáil le tíortha eile, ar chuir siad fúthu i gcuid acu freisin, ar fud na hEorpa (agus i mór-ranna eile, go deimhin). Soir is mó a d'imigh Lochlannaigh Shualannacha agus faoi dheireadh na 9ú haoise, bhí 'Vairingiaigh' de shliocht Lochlannach i gceannas i Rús Chív. An mórthuras deireanach a rinne Lochlannaigh Shualannacha, go bhfios dúinn, ná turas Ingvar Fadtriallach (b. 1041) a throid sa tSeoirsia.

Is i rith na linne seo, thart ar an mbliain 1000, a aontaíodh tíortha na Sualannach agus na nGotach faoi aon rí amháin, Olof Skötkonung.

Na meánaoiseanna agus an Nua-Aois Luath cuir in eagar

Aontaíodh an tSualainn mar aon ríocht ámhain sa dara céad déag. Sa 14ú céad a mhéadaigh an chumhacht ríoga agus sa bhliain 1397 aontaíodh tuaisceart na hEorpa go léir san Aontas Kalmar faoi bhanríon na Danmhairge, Margareta. Ghabh Gustav Eriksson Vasa an smacht sa tSualainn 1523 tar éis cogaidh chathartha. Fuair an tSualainn cumhacht mhór tar éis buanna móra ar pháirceanna an áir sa 16ú céad ach ní raibh acmhainn go leor aici sa chéad dár gcionn chun a críocha a choinneáil agus chaill sí an Fhionlainn don Rúis sa bhliain 1809.

Tháinig an Réabhlóid Thionsclaíoch measartha mall chuig an tSualainn ach bhí foirgníocht na n-iarnródanna sa dara leathchéad tábhachtach ar son na forbartha. Ba thabháchtach ar an ardán idirnáisiúnta iad comhlachtaí leictreonaice agus ceimice mar L.M. Ericsson agus Nitroglycerin-Aktiebolaget (Comhlacht Nítriglicrín).

An 20ú hAois cuir in eagar

Bhí an tSualainn neodrach sa Chéad Chogadh Domhanda. Fuair mná Sualannacha ceart na vótála sa bhliain 1921 agus fuair an Páirtí Sóisialta Daonlathach an chumhacht faoi Hjalmar Branting.

Bhí dóchas ag na tíortha i dtuairsceart na hEorpa a neodracht a choinneáil sa Dara Cogadh Domhanda ach chaill siad an dóchas seo nuair a d'ionsaigh Aontas na Sóivéadach an Fhionlainn agus nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin Naitsíoch an Iorua agus an Danmhairg. D'éirigh leis an Sualainn gan bheith forghabhtha trí mheán polaitíochta pragmataí.

Tar éis dheireadh an chogaidh, fuair rialtas Sóisialta Daonlathach an chumhacht agus i rith na 1950í agus na 1960í athraíodh polaitíocht an mhargaidh saothair agus beartas sóisialach leasaithe. Thug an tsail bharra eacnamaíoch caighdéan maireachtála ní b'fhearr do chuid mhór den bhunadh i rith na mblianta sin.

Chuaigh an tSualainn isteach san Aontas Eorpach sa bhliain 1995.

Déimeagrafaic cuir in eagar

ionchas saoil an-ard ag an tSualainn. Thart ar an 12 Lúnasa 2004, chuaigh daonra na Sualainne thar 9,000,000 den chéad uair i stair na tíre. Tá 17,000 Sámach dúchasach ina gcónaí sa tSualainn. Tár éis an Chéad Chogadh Domhanda bhí imirce nórmálta ach tar éis an Dara Cogadh Domhanda go dtí inniu tá inimirce níos nórmálta. Faoi láthair, rugadh nach mór 12% de chónaitheoirí na tíre thar lear.

Uimhir Baile/cathair Contae
1 Stócólm Contae Stócólm
2 Göteborg Västra Götaland
3 Malmö Skåne
4 Uppsala Contae Uppsala
5 Västerås Västmanland
6 Örebro Contae Örebro
7 Linköping Östergötland
8 Helsingborg Skåne
9 Jönköping Contae Jönköping
10 Norrköping Östergötland
11 Lund Skåne
12 Umeå Västerbotten
13 Gävle Gävleborg
14 Borås Västra Götaland
15 Eskilstuna Södermanland
16 Södertälje Contae Stócólm
17 Karlstad Värmland
18 Täby Contae Stócólm
19 Växjö Kronoberg
20 Halmstad Halland

Teangacha cuir in eagar

Príomhalt: Teangacha na Sualainne
 
Cainteoirí na Sualainnise. Tabhair faoi deara líon na gcainteoirí in iarthar na Fionlainne.

Is í an tSualainnis teanga oifigiúil na Sualainne. Ceann de na teangacha Lochlannacha atá inti (nó na teangacha Gearmáinice Thuaidh) agus í an-chosúil leis an Ioruais agus an Danmhairgis. Tuigeann cainteoirí Ioruaise an teanga gan mórán stró agus bíonn sé de chumas ag cainteoirí Danmhairgise í a thuiscint, cé nach bhfuil sé chomh héasca. Mar an gcéanna, tuigeann cainteoirí Sualainnise an dá theanga ach an Ioruais níos fusa.

Aithnítear an Fhionlainnis mar mhionteanga, ós rud é go bhfuil 5% den daonra de bhunús na tíre siúd. Ar na ceithre mhiontheanga eile ná Meänkieli, an tSáimis, an Romainis agus an Ghiúdais.

De réir suirbhé a rinne Eurobarometer sa bhliain 2005, dearbhaíonn 89% den daonra go bhfuil Béarla ar a thoil acu.

Creideamh cuir in eagar

Chuir an Reifirméisean Protastúnach deireadh le húdarás na hEaglaise Caitlicí beag nó mór. Ó shin i leith, is baill d'Eaglais na Sualainne (Liútarach) iad fórhmhór mhuintir na tíre.

Cultúr cuir in eagar

Ceol cuir in eagar

 
ABBA, ceann de bhannaí is mó diol riamh.

Tá traidisiún saibhir ag an tSualainn, idir bhailéid tíre na meán-aoiseanna agus popcheol an lae inniu. Ar na mbannaí nua-aimseartha is mó cáil ná ABBA, Roxette, Ace of Base, Europe, A-teens, The Cardigans, Robyn, The Hives agus Soundtrack of Our Lives. Giotáraí d'ardchumas is ea Yngwie Malmsteen, a bhfuil iomrá idirnáisiúnta air.

Max Martin ar dhuine de na chumadóirí popcheoil is mó. Eisean a chum cuid mhaith de na rianta is mó rath ó na 1990idí i leith, le haghaidh ceoltóirí amhail Britney Spears, Backstreet Boys, N Sync, Kelly Clarkson, Pink agus Katy Perry.

Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse buaite ag an tSualainn seacht n-uaire, sna blianta 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015 agus 2023.

Scannánaíocht cuir in eagar

Tá cuid mhaith bainte amach ag an tír ó thaobh na scannánaíochta de thar na blianta. Orthu siúd a bhain rath amach i Hollywood na ná Ingrid Bergman, Greta Garbo and Max von Sydow. Tá scannáin rathúla idirnáisiúnta stiúrtha ag Ingmar Bergman, Lukas Moodysson agus Lasse Hallström .

Eacnamaíocht cuir in eagar

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an tSualainn an 6ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 2ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an tSualainn an 9ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí na Samhna 2018, bhí ráta dífhostaithe na tíre ar 6.2%, an 18ú leibhéal is fearr san Aontas Eorpach.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.