An Iorua

Tír in iarthuaisceart na hEorpa

Is tír in iarthuaisceart na hEorpa í Ríocht na hIorua (Bokmål: Kongeriket Norge; Nynorsk: Kongeriket Noreg), nó an Iorua (Bokmål: Norge; Nynorsk: Noreg). Is cuid de leithinis Chríoch Lochlann í agus tá sí ar aghaidh na Mara Thuaidh. Tá teorainn aici leis an bhFionlainn, leis an tSualainn agus leis an Rúis.

Infotaula de geografia políticaAn Iorua
Kongeriket Norge (nb)
Kongeriket Noreg (nn) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach na hIorua Armas na hIorua
Bratach na hIorua Cuir in eagar ar Wikidata Armas na hIorua Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnJa, vi elsker dette landet Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Powered by nature»
«Ei grym yw natur» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómóstuaisceart agus bóthar Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Europe-Norway.svg
 65°N 11°E / 65°N 11°E / 65; 11

PríomhchathairOsló Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,425,270 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga, nó leagan teangaBokmål
Teangacha Sámacha
Nynorsk
Ioruais Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deNa Stáit Nordacha, Scandinavian Peninsula (en) Aistrigh, Fennoscandia (en) Aistrigh, An Eoraip, Tuaisceart na hEorpa, An Domhan agus an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla385,207 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceNorwegian Sea (en) Aistrigh, Barents Sea (en) Aistrigh, An Mhuir Thuaidh agus Skagerrak Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeGaldhøpiggen (en) Aistrigh (2,468.854 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleNorwegian Sea (en) Aistrigh (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
9 century
Bealtaine 17, 1814Bunreacht
Meitheamh 7, 1905:  scartha ó Union between Sweden and Norway (en) Aistrigh
Deireadh Fómhair 26, 1905Diplomatic recognition (en) Aistrigh scartha ó Union between Sweden and Norway (en) Aistrigh
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil agus representative democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinGovernment of Norway (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachStortinget (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc na hIorua Cuir in eagar ar WikidataHarald V na hIorua (Eanáir 17, 1991) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Norway (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataJonas Gahr Støre (Deireadh Fómhair 14, 2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeSupreme Court of Norway (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrakrone na hIorua Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.no Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+47 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 110 agus 113 Cuir in eagar ar Wikidata
Fuaimniú agus Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinnorway.no Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Harald V Rí na hIorua faoi láthair agus is é Jonas Gahr Støre an príomh-aire ó 2021 i leith.

Ainm agus SanasaíochtCuir in Eagar

Cé gurb é "an Iorua" an t-aon leagan amháin lena ghlactar i gcaighdeán Gaeilge an lae inniu, feictear "an Norbhuaidh" i dtéacsanna níos sine. Is léir gur measadh an 'N' a bhí ina chuid den ainmfhocal a bheith ina chuid den alt (athlúibíniú a thugtar ar an bpróiseas seo); i bhFoclóir an Duinnínigh faightear na leaganacha Ioruaidhe, Iorruaidhe, Norbhuaidh, Orbhuaidh, Noirbhéige, agus Noirbhéife.

Pé litriú Gaeilge a úsáidtear, is léir go luíonn bunús an fhocail leis an Sean-Bhéarla, Norþweg, 'bealach ó thuaidh'. Mheastaí gan aimhreas gur ghaol leis an ainm Ioruaise (Norge (Bokmål)/Noreg (Nynorsk)) an t-ainm Béarla. Ach de réir teoirice eile a tháinig ar an bhfód sa 19ú haois, is ó nór .i. 'caol' a thagas an bunainm Ioruaise.

Tá focal eile sa nGaeilge a bhaineas leis an tír seo chomh maith a chaithfear a lua. Is é sin "Lochlann", ainm a thugtar ar na tíortha (a raibh na Gaeil ar bheagán eolais fúthu) as a dtáinig na foghlaithe mara agus trádálaithe úd, na hUigingigh, .i. daoine den chine ar a dtugtar na Lochlannaigh. Ón Iorua is mó a tháinig 'Lochlannaigh' go hÉirinn, ach bhí Danair ann leo, agus mar sin ní hionann Lochlann agus an Iorua, ach tugtar "Críoch Lochlann" fós ar an Iorua, an tSualainn agus an Danmhairg le chéile.

StairCuir in Eagar

Thart ar 10,000 RCh, agus na clúideacha oighir ag cúlú, a d'aistrigh na daoine ba luatha ó thuaidh go dtí an limistéar ina bhfuil an Iorua suite anois. Thaisteal siad ar aghaidh ó thuaidh diaidh ar ndiaidh trí na ceantracha cois farraige a théitear ag Sruth na Murascaille. Fiagaithe cnuasaitheoirí a bhí iontu, a d'itheadh, i measc rudaí eile, bia mara agus géim, go háirithe réinfhianna. Idir 5,000 RCh agus 500 RCh a tháinig lonnaíochtaí talmhaíochta ar an bhfód ar fud dheisceart na hIorua. Deirtear gur cuireadh tús le Tréimhse Neoiliteach na hIorua thart ar 4,000 RCh. Le linn thréimhse Imirce na dTreabh, thosaigh taoisigh Ghearmáinice ag glacadh seilbhe ar dhúichí san Iorua agus ag tógáil dúnta cnoic ar nós na gceann ag Borgaråsen agus ag Bjorå.

Ón 8ú haois i leith, thosaigh daoine ón Iorua ag seoladh siar thar lear agus ag creachadh na Breataine agus na hÉireann ach go háirithe, sular chuireadar fúthu sna hoileáin sin agus san Íoslainn is sa nGraonlainn. B'eo Aois na Lochlannach. San aois sin chomh maith a aontaíodh ríochta beaga na hIorua le chéile faoi smacht aon rí amháin tar éis do Harald na Gruaige Finne an bua a bhaint amach ag Cath Hafrsfjord sa mbliain 872. Bhunaigh a mhac sin, Haakon Maith, dhá thing (dhá dháil): Gulating in iarthar na tíre agus Frostating in Trøndelag níos faide ó thuaidh.

Rinne Haakon, a tógadh i Sasana, iarracht chomh maith an Chríostaíocht a thabhairt isteach san Iorua, ach ní bhfuair an creideamh nua lucht leanta mór sa bpobal go dtí réim Naomh Olaf ar an tír. In 1152 a bunaíodh Ard-deoise Nidaros. Ba é Haakon Haakonson, a tháinig i gcoróin i 1217, a chuir deireadh le cogthaí cathartha na hIorua agus a chuir an Íoslainn agus an Ghraonlainn le ríocht na hIorua.

Ba é tús na 14ú haoise Ré Órga na hIorua. Bhí síocháin sa tír, bhí an daonra ag fás an t-am ar fad, agus bhí go leor trádála ar siúl leis an mBreatain Mhór. I 1349, áfach, shroich an Phlá Mhór an Iorua agus in aon bhliain amháin, maraíodh dhá thrian, b'fhéidir, den daonra. Bhí cumhacht na Gearmáine ag dul i méid sa gcéad sin freisin, agus cuireadh trádáil san Iorua faoi smacht an Chonraidh Hainseataigh. Tháinig Olaf Haakonson i gcoróin ar an Iorua agus ar an Danmhairg araon i 1380. Ansin, le fórsa a chruthú a chuirfeadh i gcoinne chumhacht ollmhór an Chonraidh Hainseataigh, aontaíodh an Iorua, an Danmhairg agus an tSualainn mar "Aontas Kalmar" faoi Mhargrethe I i 1397. Thug sise faoi pholasaithe a bhí fabhrach do gheilleagar na Danmhairge thar gheilleagair na Sualainne agus na hIorua, ach bhí Comhairle Stáit na hIorua ró-lag le héalú ón Aontas.

Tar éis don tSualainn briseadh amach ó Aontas Kalmar i 1521, rinne an Iorua iarracht déanamh amhlaidh, ach theip ar an éirí amach agus d'fhan an Iorua in aontas leis an Danmhairg go dtí 1814 - 434 bhliain ar an iomlán - tréimhse ar ar thug náisiúnaithe rómánsacha na 19ú haoise "Oíche na 400 Bliain". Le linn don Danmhairg agus an Iorua a bheith ann mar stát aontaithe, tugadh an Protastúnachas isteach sa tír (i 1536), agus Protastúnaigh is ea tuairim is 70% de dhaonra na hIorua go dtí an lá inniu.

Mar gheall ar an Danmhairg-an Iorua a bheith ar an taobh cailliúna i gcogaí Napoléon a tháinig deireadh le h"Oíche 400 Bliain" na hIorua. Tugadh ar an Danmhairg an Iorua a ghéilleadh don tSualainn (choinneodh an Danmhairg greim ar na sean-phroibhinsí Ioruacha úd, an Íoslainn, an Ghraonlainn agus na hOileáin Fharó, áfach), ach thapaigh an Iorua an deis chun Rídhamhna na hIorua agus na Danmhairge, Christian Frederick a thoghadh mar a rí féin, agus bunreacht nua a chur i bhfeidhm. Ar dháta sínithe an bhunreachta nua, 17 Bealtaine, a cheiliúrtar lá náisiúnta na tíre go fóill. Bhris cogadh amach leis an tSualainn, áfach, agus bhí ar Christian Frederick filleadh ar a thír dhúchais agus ar an Iorua a dhul faoi cheannas na Sualainne i ndeireadh na dála.

Mhair an smacht ag an tSualainn ar an Iorua go dtí 1905. Nuair a scar an dá thír sa mbliain sin, thogh pairlimint na hIorua Haakon, prionsa de chuid na Danmhairge, le bheith ina rí ar an Iorua.

D'fhan an Iorua neodrach sa gCéad Chogadh Domhanda agus ar thosach an Dara Cogadh Domhanda, fógraíodh go bhfanfadh arís. Ar an 9 Aibreán 1940, áfach, d'ionsaigh Gearmáin na Naitsithe an Iorua agus chuir faoina smacht í, le Vidkun Quisling mar 'aire uachtarán' agus le Josef Terboven mar Reichskommissar. Cabhair mhór do na Comhghuallaithe, áfach, a bhí i gCabhlach Trádála na hIorua le linn an chogaidh.

Mhair an cairdeas idir an Iorua neamhspleách agus na Comhghuallaithe tar éis an chogaidh. Bronnann an Iorua crann Nollag ar an Ríocht Aontaithe chuile bhliain, agus bhí an Iorua ina ball bunaithe i NATO, cé gur dhiúltaigh siad dhá chuireadh chun a dhul san Aontas Eorpach.

Frítheadh ola amach ó chósta na hIorua i 1967, ach níor sholáthair tionscal na hola glanioncam go dtí na 1980idí, agus bhí uimhir na ndaoine a bhí fostaithe sa tionscal tar éis buaic a bhaint amach thart ar 1975.

PolaitíochtCuir in Eagar

Is ríocht í an Iorua agus tá Harald V ina rí uirthi ón 17ú lá d'Eanáir 1991.

Tá lá náisiúnta na hIorua ar an 17ú lá de Bhealtaine. Ar an lá seo ceiliúrtar bunreacht na tíre, a síníodh ar an lá céanna sa bhliain 1814. Is ar an 11 Feabhra 1814 a d'fhógair an Iorua a neamhspleáchas.

ParlaimintCuir in Eagar

Stortinget (Gaeilge: 'An Dáil Mhór') an t-ainm atá ar pharlaimint na tíre. Toghann an pobal na 169 dteachtaí gach ceithre bliana.

Limistéir riaracháinCuir in Eagar

Tá an Iorua roinnte ina 11 contaetha, Svalbard agus Jan Mayen. Tá na contaetha roinnt ina 356 bhardais. Tá stádas cathair oifigiúil ag 96 baile.

Contaetha na hIorua
Uimhir Contae Daonra[1] Achar[1]
03 Osló 693,494 454 km2
11 Rogaland 479,892 9,377 km2
15 Møre og Romsdal 265,238 14,356 km2
18 Nordland 241,235 38,155 km2
30 Viken 1,241,165 24,593 km2
34 Innlandet 371,385 52,072 km2
38 Vestfold og Telemark 419,396 17,466 km2
42 Agder 307,231 16,434 km2
46 Vestland 636,531 33,871 km2
50 Trøndelag 468,702 42,202 km2
54 Troms og Finnmark 243,311 74,830 km2

DéimeagrafaicCuir in Eagar

DaonraCuir in Eagar

Tá 5,367,580 duine ina gcónaí san Iorua ag tús 2020.[1]

TeangachaCuir in Eagar

Is iad an Ioruais agus an tSáimis teangacha oifigiúla na hIorua.

Tá dhá chaighdeán ag an Ioruais, mar atá, an Nynorsk agus an Bokmål. Úsáideann formhór na ndaoine (thart ar 80-85%) an Bokmål.

Tá stádas oifigiúil ag trí theanga Sháimeacha sa tír chomh maith: Sáimis an Tuaiscirt, Sáimis an Deiscirt, agus Sáimis Lule.

Chomh maith leis an dá theanga oifigiúil, tugtar aitheantas mar theangacha mionlaigh don Chveinis, don Romainis, do Romainis Chríoch Lochlann agus do Theanga Chomharthaíochta na hIorua.

CreideamhCuir in Eagar

Is í an Chríostaíocht Liútarach an reiligiún is mó san Iorua ó an Reifirméisean i 1536. Ní raibh cead ag Ioruaigh an eaglais stáit a fhágáil go dtí 1845 agus ní raibh cead ag creideamh neamh-Chríostaí a eagrú go dtí 1891. Tá an tsochaí níos dí-eaglaisithe sa lá atá inniu ann. I 2012, chinn an Storting an téarma "eaglais stáit" a bhaint den bunreacht.[2]

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 SSB. "11342: Population and area (M) 2007-2020" (no). Dáta rochtana: 2020-09-18.
  2. TV2: Her vedtar Stortinget å avvikle statskirken, 2012 Accessdate=2020-09-18