Is iad na tíortha i gCríoch Lochlannan tSualainn, an Iorua agus an Danmhairg. Tagraíonn an téarma 'Críoch Lochlann' do na naisc chultúrtha agus stairiúla idir na tíortha seo.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCríoch Lochlann

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 64° 46′ 47″ N, 14° 45′ 39″ E / 64.779642°N,14.760936°E / 64.779642; 14.760936
Tíreolaíocht
Cuid deFennoscandia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean Mhuir Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Críoch Lochlann, an Fhionlann, agus an Mhuir Bhailt. Seanmhapa Fionlannach is ea é, agus an Fhionlainn á taispeáint sna teorainneacha réamhchogaidh.

Uaireanta, áirítear an Ghraonlainn, an Fhionlainn, agus an Íoslainn ar thíortha Chríoch Lochlann freisin. Tá cúiseanna maithe leis an úsáid seo, agus an dlúthchaidreamh atá ag na tíortha seo le Críoch Lochlann. Is fearr na tíortha Tuaisceartachana tíortha Nordacha a thabhairt ar na tíortha seo in éineacht le fíor-Chríoch Lochlann, áfach.

Is é is bunús leis an ainm Gaeilge ar na tíortha seo ná Rogaland. Cúige in iarthar na hIorua is ea Rogaland.

Tá geograife Chríoch Lochlann iontach ilghnéitheach. Gnéithe suntasacha iad na fiordanna ar fud chósta na hIorua, na sléibhte Lochlannacha, na hísleáin sa Danmhairg, agus na hoileánraí Sualannacha agus Ioruacha. Má chuirtear an Fhionlainn san áireamh, is féidir na moiréin (na hoigheardheascthaí, an lorg a d'fhág oighir na hOighearaoise ina ndiaidh) a lua freisin.

Tá an aeráid éagsúil chomh maith, nó is í aeráid mhuirí an chósta thiar an cineál aeráide is dual don Danmhairg, do dheisceart na Sualainne agus do chuid mhaith de chósta thiar na hIorua. De bharr na báistí oragrafaí (is é sin, an dóigh a dtosaíonn na scamaill ag cur fearthainne agus iad ag dul suas fána na sléibhte) tá an fhrasaíocht an-láidir in iarthar na hIorua ach go háirithe. Is é an cineál aeráide atá ann i lár Chríoch Lochlann ná aeráid fhliuch na hilchríche.