Is achar talún í leithinis (comhfhocal bunaithe ar an dá fhocal leath agus inis) atá beagnach ina oileán. Bíonn ar a laghad trí thaobh de leithinis timpeallaithe le huisce ach bíonn ceangal talún ann i gcónaí leis an mórthír. D'fhéadfadh sé gur inis nó oileán a bhí ann tráth, ach go bhfuil ceangal talún ann anois. Bhíodh Binn Éadair ar chósta thoir na hÉireann ina oileán tráth, ach is leithinis anois í.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLeithinis
Íomhá
Leithinis sa Chróit.

Ainmneacha eile ar Leithinis cuir in eagar

  • ceann, ceann tíre, rinn agus ros.