Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an Chróit, arb iar-Phoblacht de chuid na hIúgslaive í sna Balcáin. Is í Ságrab an phríomhchathair agus an chathair is mó. Bhain an tír amach an neamhspleáchas sa bhliain 1991. Is í an Chróitis an teanga oifigiúil, agus is ceann de na teangacha Slavacha Deisceartacha í.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Chróit
Republika Hrvatska (hr)
Hrvatska (hr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLijepa naša domovino Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Full of life»
«Llawn bywyd» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 45°15′00″N 15°28′00″E / 45.25°N 15.46667°E / 45.25; 15.46667

PríomhchathairSágrab Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán3,871,833 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús68.41 hab./km²
Teanga oifigiúilAn Chróitis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deOirdheisceart na hEorpa
Aontas Eorpach
post-Yugoslavia states (en) Aistrigh
Limistéar Schengen (2023–)
Limistéar an euro (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla56,594 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Aidriad agus An Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSinjal (en) Aistrigh (1,831 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Aidriad (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPoblacht Shóisialach Chónaidhme na hIúgsláive agus Socialist Republic of Croatia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú25 Meitheamh 1991
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Cróite Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Cróite Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Croatia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataFranjo Tuđman (1990–1999) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Croatia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAndrej Plenković (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil68,843,674,641 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.hr Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+385 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 192, 93 agus 94 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreHR Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSHR0 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvlada.hr Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Tháinig na treibheacha Slavacha go dtí an Phannóin agus an Dalmáit, na proibhinsí Rómhánacha, sa seachtú haois. Bhí a gcuid contaetha nó prionsachtaí beaga faoi smacht éigin ag na Frainc nó ag an mBiosáintiam. Sa bhliain 925, bhain an Chróit amach neamhspleáchas mar ríocht, ach sa bhliain 1102, thit an tír leis an Ungáir ar chúiseanna an chomharbais. Mar sin féin, choinnigh an Chróit a stádas mar ríocht ar leith, nó bhí Sabor, sórt parlaiminte nó dála, dá cuid féin aici, chomh maith le huasaicme Chrótach agus forais shochúla eile.

Tíreolaíocht cuir in eagar

 
Na Lochanna Plitvice, i lár na Cróite

Tá an Chróit suite i ndeisceart na hEorpa, san áit a bhfuil an Eoraip láir, an Mheánmhuir agus na Balcáin ag teacht le chéile[1]. Tá an tír suite in aice leis an Slóivéin, an Ungáir, an Bhoisnia-Heirseagaivéin, an Seirbia agus le Montainéagró, ar an gcósta Aidriadach.

Tá níos mó ná 1000 oileán ag an gcósta. Bíonn ag an tír ar a meascán de lochanna, imeallbhord creagach agus coillte.

Soir ón gcósta, i lár tíre, tá na Sléibhte Dinearacha ag síneadh ó thuaidh is ó theas. Tá na sléibhte sin ag scaradh mhachaire an chósta thiar ó imchuach na hUngáire thoir. Tá an bhinn is airde sa tír suite ar an teorainn leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus tá sí 1, 831m ar airde. Titeann breis is 3, 500mm báistí gach bliain sna sléibhte, le hais 600 mm ar an gcósta. Is iondúil go mbíonn go leor leor sneachta sna sléibhte sa gheimhreadh, rud a mheallann lucht sciála agus lucht clár sneachta ina dtáinte.

Tá ocht gcinn de pháirceanna náisiúnta sa Chróit. Tá Páirc Náisiúnta Lochanna Plitvice ar an gceann is sine díobh agus is Láithreán Oidhreachta Domhanda í. Tá sí lán lochanna, easanna agus pluaiseanna agus cónaíonn béir, mic tíre agus go leor cineálacha éin neamhchoitianta inti.

Nádúr cuir in eagar

Tá oiread le 100,000 speiceas ainmhithe, éisc agus plandaí sa Chróit.

Is ón gCróit an madra a dtugtar 'dalmátach' air. Is as cósta na Dalmáite sa Chróit don dalmátach, an madra bán atá breac le spotaí dubha.  An chéad fhianaise atá againn den sórt sin madra, tá sí le fáil in olaphictiúr den 17ú haois atá ar taispeáint i mainistir sa Dalmáit

Contaetha cuir in eagar

Tá an Chróit comhdhéanta as contae (županija) amháin is fiche. Is iad na contaetha seo a leanas.


Contae Príomhchathair Achar (cm2) Daonra de réir
daonáireamh 2011
  Bjelovar-Bilogora Bjelovar 2,652 119,743
  Brod-Posavina Slavonski Brod 2,043 158,559
  Dubrovnik-Neretva Dubrovnik 1,783 122,783
  Istria Pazin 2,820 208,440
  Karlovac Karlovac 3,622 128,749
  Koprivnica-Križevci Koprivnica 1,746 115,582
  Krapina-Zagorje Krapina 1,224 133,064
  Lika-Senj Gospić 5,350 51,022
  Međimurje Čakovec 730 114,414
  Osijek-Baranja Osijek 4,152 304,899
  Požega-Slavonia Požega 1,845 78,031
  Primorje-Gorski Kotar Rijeka 3,582 296,123
  Sisak-Moslavina Sisak 4,463 172,977
  Split-Dalmáit Split 4,534 455,242
  Šibenik-Knin Šibenik 2,939 109,320
  Varaždin Varaždin 1,261 176,046
  Virovitica-Podravina Virovitica 2,068 84,586
  Vukovar-Syrmia Vukovar 2,448 180,117
  Zadar Zadar 3,642 170,398
  Contae Ságrab Ságrab 3,078 317,642
  Cathair Ságrab Ságrab 641 792,875
 
Contaetha na Cróite

Eacnamaíocht cuir in eagar

Tá an-tóir ag turasóirí ar an gCróit, lena haeráid, an mheánmhara agus lena cósta fada (a bhfuil os cionn míle oileán amach uaidh),

Daonra cuir in eagar

Cultúr cuir in eagar

cultúr na Cróite fite fuaite i stair fada, suaite agus éagsúil na tíre as a dtáinig raon mór séadchomharthaí, ealaíon agus eolaíocht.

  • Tá seacht Láithreáin Oidhreachta Domhanda sa Chróit agus 8 páirc náisiúnta.
  • Tagann an mír éadach coiteann (agus an focail) Carbhat ón gCróit.
  • Tá neart cultúir domhanda ag teacht ón gCróit: scríbhneoirí, ceoltóirí, péinteoirí, dealbhóirí, ailtrí, eolaithe, agus fealsúnaí.
  • duais Nobel buaite ag triúr as an gCróit: Vladimir Prelog agus Lavoslav Ružička sa cheimic, agus Ivo Andrić (Duais Nobel na Litríochta).

Spórt cuir in eagar

Tá neart luthcleasaí den scoth ón gCróit. Tá gnaoi an phobail air ach go háirithe ar na foirne liathróid de bharr na torthaí maithe atá tuilte acu mar shampla sacair, liathróid láimhe, cispheil agus póló uiusce.

Sacar cuir in eagar

Is é an sacar an spórt is mó a imrítear sa Chróit, agus tá go leor Crótach, leithéidí Luka Modrić, ag imirt le clubanna mór le rá san Eoraip.

Liathróid láimhe cuir in eagar

Tá an-tóir ar an liathróid láimhe. Bhí foireann liathróid láimhe na Cróite mar buaiteoirí ag cluichí Oilimpeacha Atlanta agus na hAithne. Chomh maith leis sin bhuaigh siad Croabhchomórtas an Domhain sa bhliain 2003.

Póló uisce cuir in eagar

Tá an-tóir ar an bpóló uisce freisin, agus bhí an Chróit ina curadh oilimpeach sa dá spórt sin.

Tagairtí cuir in eagar