Is éard atá i gceist leis an bpoblacht ná córas rialtais atá bunaithe ar ionadaíocht an phobail agus ar riail an dlí.

Plato, Poblacht, 1713

Is minic a ghlactar leis nach féidir leis an tír a bheith ina poblacht, más monarcacht atá ann, agus is minic a shainmhínítear an phoblacht mar neamh-mhonarcacht. Cé gur léiriú réasúnta maith é seo ar choincheap na poblachta mar is gnách é a thuiscint, níl sé deacair stát a shamhlú a bheadh idir eatarthu de réir an tsainmhínithe seo. An t-idirdhealú a dhéanaimid inniu idir monarcacht agus poblacht, ní raibh sé ann ó thús ama; go traidisiúnta, ní poblacht ná monarcacht í an olagarcacht; agus tá an sainmhíniú sin ag brath go mór mór ar choincheap an mhonarc, ar féidir níos mó ná aon tuiscint amháin a bhaint as.

Sa chuid is mó de na poblachtaí, tugtar Uachtarán ar cheann an stáit, cé go mbíodh téarmaí eile in úsáid sna laethanta a bhí, cosúil le consal nó doge. I bpoblachtaí daonlathacha, toghtar an tUachtarán isteach san oifig: is féidir gur vóta díreach atá ann, ach bíonn sé coitianta freisin go gcaitheann na saoránaigh a gcuid vótaí le comhairle de chineál éigin a thoghadh, agus gurb í an chomhairle seo, go foirmeálta ar a laghad, a shocróidh cé a bheidh ina Uachtarán.

Más ionann an tUachtarán agus an príomh-aire - is é sin, más amhlaidh nach bhfuil príomh-aire ar leith ann - deirtear gur poblacht uachtaráin atá ann. Sin é an cineál poblacht atá sna Stáit Aontaithe, mar shampla. I gcórais leathuachtaráin, ní hionann an tUachtarán agus an Príomh-Aire. Duine ar leith é an Príomh-Aire ansin - nó an Seansailéir, nó an Taoiseach. Bíonn ról an Uachtaráin éagsúil go leor i stáit éagsúla ina bhfuil an córas leathuachtaráin i bhfeidhm: san Fhionlainn agus san Fhrainc, mar shampla, tá cumhacht nach beag ag an Uachtarán, ach ina lán tíortha eile, cosúil leis an nGearmáin, níl ach gnóthaí deasghnách aige, agus is gnách, go fóinteach, dearcadh ar an bPríomh-Aire mar cheann stáit. I dtíortha áirithe - san Fhionlainn agus sa Ghearmáin, mar shampla - táthar ag súil leis go mbeidh an tUachtarán chomh neamhchlaonta agus is féidir, agus is é an nós san Fhionlainn go bhfágfaidh an tUachtarán slán ag a pháirtí féin nuair a thoghtar é.

Níl sé riachtanach gur aon duine amháin a bheadh san Uachtarán. San Eilvéis, is ionann an tUachtarán agus an Rialtas - is é sin, Comhairle Chónascach na hEilvéise. I San Mairíne, toghann an Fheis (an Ard-Chomhairle Coitianta, nó Consiglio Grande e Generale) as a measc beirt Thaoisigh Ceannais (Capitani Reggenti) a bhfuil cumhachtaí an Uachtaráin acu.