Rialtas
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Córas rialaithe ina bhfuil grúpa daoine ceaptha chun tír a rialú is ea rialtas.
Bíonn cumhacht ag rialtas rialacháin agus reachtaíocht a fheidhmiú agus a fhorghníomhú in eagraíochtaí nó i ngrúpaí shibhialta, chorparáideacha, reiligiúnda, agus acadúla.
Go hiondúil, bíonn rialtas comhdhéanta de leibhéil éagsúla, lena n-áirítear rialtas áitiúil, rialtas réigiúnach, agus rialtas náisiúnta nó lárnach.
Cineálacha rialtas
cuir in eagar- Ainrialtacht — easpa nó ceal rialtais.
- Daonlathas — rialú rialtais ina mbíonn cumhacht ag na daoine agus iad i gcumhacht. Is féidir leo féin (daonlathas díreach) nó a n-ionadaithe (daonlathas ionadaíoch), bheith i gcumhacht.
- Comhshochaíocht Daonlathas comhshochaíochtúil ina mbíonn ionadaíocht ráthaithe ag grúpaí mionlaigh. Is minic a moltar an cineál rialtais seo chun coinbhleacht a réiteach, i gcásanna ina mbíonn sochaithe scoilte go domhain. Féachtar ar an téarma "cumhachtroinnt" mar théarma comhchiallach, cé go teicniúil níl ann ach cineál amháin den cumhachtroinnte.
- Forlámhas — duine amháin ag rialú, agus na daoine ina ngéillsinigh nó ina sclábhaithe aige/aici.
- Deachtóireacht — duine uilechumhachtach ag rialú na tíre.
- Monarcacht — duine amháin ag rialú agus a bhfuair an ról trí oidhreacht. Beidh a pháiste/páiste is sine ina léiroidhre.
- Olagarcacht — grúpa beag daoine leis an suim chéanna acu nó atá gaolta lena chéile i gceannais.
- Plútacratachas — rialú i lámha an lucht rachmais.
- Dialathas — rialú i lámha scothghrúpa reiligiúnach.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |