Stát (polaití)

limistéar tíreolaíochta
(Athsheolta ó Tír)

Is polaití é stát faoi chóras rialachais. Níl aon sainmhíniú gan chonspóid ar stát.[1][2] Sainmhíniú a úsáidtear go forleathan, tagann sé ón socheolaí Gearmánach Max Weber a dúirt gur "polaití" is ea "stát" a choinníonn monaplacht ar úsáid dlisteanach an fhoréigin, cé nach bhfuil sainmhínithe eile neamhchoitianta.[3][4] Is féidir leis an téarma tír a bheith mar thagairt do stát ceannasach agus d'aonáin pholaitiúla eile, mar shampla Cathair na Vatacáine, agus uaireanta eile ní féidir léi tagairt ach do stáit.[5]

Na stáit

Mar gheall ar chúinsí éagsúla na staire, tá an-éagsúlacht tíortha ar domhan. Tá cuid acu bunaithe ar náisiún nó treabh amháin, dream daoine a bhfuil teanga, creideamhcultúr ar leith acu. Samplaí díobh sin is ea an Íoslainn, an tSeapáin, Vítneam, Leosóta.

Ach bíonn meascán go minic i dtíortha eile, an Eilvéis mar shampla mar a labhraítear ceithre theanga oifigiúla, nó an Bheilg mar a bhfuil trí theanga agus tháinig ann do na tíortha sin de bharr na hiomaíochta idir impireachtaí nó tíortha níos mó ná iad ina labhraítear teangacha náisiúnta na tíre.

Cruthaíodh teorannacha idir tíortha de bharr na gcoimhlintí idir náisiúin éagsúla, agus mar sin is minic a bhíonn mionlach i dtír nach bhfuil an teanga, creideamh nó cultúr céanna acu is atá an mhóraimh acu - lucht labhartha na Sualainnise sa bhFionlainn mar shampla, a thugann a ndílseacht don tír ina bhfuil siad in ainneoin na ndifríochtaí sin.

Is minic a labhraítear an teanga chéanna i dtíortha difriúla, Ceanada agus na Stáit Aontaithe mar shampla, nó an Phortaingéil agus an Bhrasaíl, ach cuirtear an-bhéim ar neamhspleáchas na dtíortha sin óna chéile.

Sa bhliain 2004, bhí tuairim is 180 tíortha ann, de réir na Náisiún Aontaithe.

Féach fosta cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cudworth et al., 2007: p.1
  2. Barrow, 1993: pp. 9–10
  3. Cudworth et al., 2007: p. 95
  4. Salmon, 2008: p. 54
  5. Rosenberg, Matt. "Geography: Country, State, and Nation"