Is tír in oirthuaisceart na hÁise í an tSeapáin (Nippon/Nihon; 日 (grian); 本 (fréamh ach bunús); 国 (tír), go litriúil tír bunús na gréine). Tá sí suite idir an tAigéan Ciúin agus Muir na Seapáine.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSeapáin
日本 (ja) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnKimi ga Yo Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Endless discovery» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilSasakia charonda, Piasún uaine, bláth an chrainn silíní, Chrysanthemum morifolium agus Súmó Cuir in eagar ar Wikidata
LeasainmСтрана Восходящего Солнца, Terra del sol naixent, The Land of the Rising Sun, ארץ השמש העולה, Land der aufgehenden Sonne, 日出る国, Pays du Soleil levant agus Країна Сонця, що сходить Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 35°N 136°E / 35°N 136°E / 35; 136

PríomhchathairTóiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán125,440,000 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús331.88 hab./km²
Teanga oifigiúilan tSeapáinis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnSinteochas, An Búdachas agus An Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Áise Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla377,972.28 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir na Seapáine, An tAigéan Ciúin, Muir Ocatsc, Muir na Síne Thoir agus an Mhuir Fhilipíneach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh Fuji (3,776 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleHachirōgata (en) Aistrigh (−4 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síImpireacht na Seapáine agus Second Shō Dynasty (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 29 Samhain 1890:  (Bunreacht Meiji)
3 Bealtaine 1947:  (Bunreacht na Seapáine)
11 Feabhra 660 "RCh":  (Q1209728, Q20042053)
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Seapáine Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachNational Diet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Impire na Seapáine Cuir in eagar ar WikidataAkihito (1989–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Seapáine Cuir in eagar ar WikidataFumio Kishida (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeArd-Chúirt na Seapáine Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil5,005,536,736,792 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrayen (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.jp Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+81 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála119, 110 agus 118 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreJP Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: JapanGov Cuir in eagar ar Wikidata

Tíreolaíocht cuir in eagar

Oileánra atá sa tSeapáin. Tá timpeall ar 6,800 oileán ann ar fad, ach is iad Kyūshū (九州), Shikoku (四国), Honshu (本州, an t-oileán is mó), agus Hokkaidō (北海道) na cinn is tábhachtaí. Tá sléibhte arda sa chuid is mó de na hoileáin, agus bolcánachas áirithe ann chomh maith. Is bolcán é Sliabh Fuji freisin, arb é an sliabh is airde sna hoileáin.

Tá beagnach 128 milliún duine ina gcónaí sa tSeapáin, agus mar sin, tá sí ar an deichiú tír is mó daonra. Is é réigiún Thóiceo an mórcheantar uirbeach is mó ar.

Stair cuir in eagar

Tugann fianaise na seandálaíochta le fios go raibh áitreabh daonna sa tSeapáin chomh luath leis an ré Phailéiliteach Uachtarach, is é sin, tríú trian na ré Pailéilití, 40,000-10,000 bliain ó shin.

Rinneadh an chéad tagairt liteartha don tSeapáin sa chéad aois AD i dtéacsanna stairiúla ón tSín.

1800idí cuir in eagar

Bhí tréimhsí na hoscailteachta agus tréimhsí na scoilteachta ag teacht sna sála ag a chéile ansin. Le linn Tréimhse Meiji (明治維新, Meiji Ishin), thosaigh an tSeapáin ag trádáil leis an domhan.

An Dara Cogadh Domhanda cuir in eagar

D'fhógair an tImpire Hirohito gur ghlac an tSeapáin an fógra Potsdam ar an 15 Lúnasa 1945 (an craoladh "Jewel Voice")[1]. Mar sin, ghéill an tSeapáin agus chuir an craoladh seo críoch leis an gcogaíocht.

Ar an 2 Meán Fómhair 1945, shínigh an tSeapáin géilleadh gan chomha ar bord na loinge USS Missouri ag cur deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda.

Borradh iarchogaidh cuir in eagar

Ó glacadh le Bunreacht na Bliana 1947, tá córas polaitiúil na tíre bunaithe ar impireacht bhunreachtúil. Is é sin, is é an tImpire atá ag rialú na tíre go hoifigiúil, ach is ag an bParlaimint, an kokkai, atá an fhíorchumhacht. Mar sin, is tír dhaonlathach pharlaiminteach í an tSeapáin go praiticiúil.

Déimeagrafaic cuir in eagar

Is í an tSeapáinis teanga oifigiúil na tíre, agus labhraíonn formhór mór na Seapánach leaganacha éagsúla den teanga seo. Thairis sin, áfach, tá na teangacha in Oileáin Ryukyu i nDeisceart na Seapáine chomh difriúil is go bhfuil sé ciallmhar glacadh leo mar theangacha gaolmhara, seachas mar chanúintí. Thairis sin, tá iarsmaí áirithe den teanga Ainu fágtha i dTuaisceart na Seapáine: teanga í sin nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSeapáinis ach oiread le haon teanga eile. Saothraítear í mar chaitheamh aimsire cultúrtha, cosúil leis an dóigh a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus a chur chun cinn i gcathracha móra na hÉireann, ach dealraíonn sé nach bhfuil cainteoirí dúchais ar bith ann inniu.

Is iad na Seapánaigh an dream eitneach is mó atá ann, cé go bhfuil Cóiréigh agus Sínigh ina gcónaí sa tír chomh maith. Le fírinne, is iad na Burakumin an mionlach is tábhachtaí sa tSeapáin. Ní mionlach eitneach iad, áfach, ach aicme ar leith. I ré fheodach na Seapáine, bhí na Burakumin (部落民) ag plé le ceirdeanna a raibh neamhghlaine dheasghnách nó bás ag baint leo, is é sin, ag búistéireacht, ag súdaireacht, ag adhlacadh daoine marbha nó ag cur daoine daortha chun báis. Chuaigh an neamhghlaine dheasghnách greamaithe sna daoine seo, agus iad ag cur fúthu i ngeiteonna dá gcuid féin ionas go bhféadfadh na Seapánaigh eile iad a sheachaint. Níor tháinig maolú ar an leithcheal seo ach le déanaí, agus inniu féin is iomaí Seapánach nach gceadódh dá mhac nó dá iníon duine de na Burakumin a phósadh.


Limistéir Riaracháin na Seapáine cuir in eagar

Limistéir Riaracháin na Seapáine
Réigiún na Seapáine
Maoracht na Seapáine
Cathracha Sainithe na Seapáine
Croí-Cathracha na Seapáine
Cathracha Speisialta na Seapáine
Cathracha na Seapáine
Bailte na Seapáine
Sráidbhailte na Seapáine

Is iad na 47 Maoracht an céad leibhéal sna limistéar riaracháin sa tSeapáin. Is Méara tofa díreach ag an bpobal é an príomhfheidhmeannach i ngach Maoracht. Bíonn na dlíthe agus buiséid aontaithe i dtionól aon seomra reachtaigh.

Tá gach maoracht foroinnte ina gCathracha agus Ceantair. Bhíonn na Ceantair foroinnte i mbailte agus sráidbhailte.

Sráidbhailte cuir in eagar

Tá an sráidbhaile níos mó ná an lonnaíocht féin toisc gur fo-roinn den cheantar faoin tuath (郡 gun) é. De bharr comhnascadh, tá an méid sráidbhailte sa Seapáin ag dul i laghad.

Tá leagan amach na Limistéir Riaracháin ag dul tríd athbhreithniú le cathracha, bailte agus sráidbhailte á cónascadh le chéile. Tá sé mar sprioc ná an méid limistéar fo-maoracht a ísliú agus costais riaracháin a ísliú dá bharr.

 
an tSeapáin roinnte i Réigiún

Réigiún cuir in eagar

Tá an tSeapáin roinnte i Réigiún; ní limistéir riaracháin oifigiúil iad ach tá siad in úsáid go traidisiúnta chun an tSeapáin a roinnt. Tá ocht réigiún ann sa tSeapáin.

Eolas cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Wikipedia. "Jewel_Voice_Broadcast". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.