An tAigéan Ciúin

Muir idir iarchósta Meiriceá is oirchósta na hÁise agus oirchósta na hAstráile

Is é an tAigéan Ciúin, nó an Ciúin-Aigéan, an mhuir is mó ar domhan. Clúdaíonn sé an tríú cuid de dhromchla an domhain, agus tá achar 179.7 milliún km² (69.4 milliún míle cearnach) aige. Leathann sé 15,500 km (9,600 míle) ó Mhuir Bheiring san Artach go himeallacha reoite Mhuir Ross san Antartach. Tá a leithead is mó soir siar timpeall cúig ghrád ó thuaidh, áit a leathann sé mórthimpeall 19,800 km (12,300 míle) ón Indinéis go chois fharraige na Colóime. Meastar go minic gurb é Caolas Mhalacca an áit is faide siar san Aigéan Ciúin. Tá an áit is ísle ar dhromchla an domhain—an Trinse Máirianach—san Aigéan Ciúin.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn tAigéan Ciúin
Íomhá
CineálAigéan agus farraige Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAigéin an Domhain Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilAn Domhan Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinuiscí idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 0°N 160°W / 0°N 160°W / 0; -160
Le cuid
33
Tréithe
Doimhneacht ingearachuasmhéid: 11,034 m
mód, meán, airmheán: 4,280 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí19,800 (leithead) km
Pointe is ísleDuibheagán Challenger Cuir in eagar ar Wikidata  (−11,022 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar161,760,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Toirt660,000,000 km³ Cuir in eagar ar Wikidata

Tá tuairim is 25,000 oileán san Aigéan Ciúin (níos mó ná mar atá i muireacha eile an domhain le chéile), agus a bhformhór ar an taobh theas den Mheánchiorcal.