Aigéan

dúlra na tíre

Is achar mór uisce é aigéan, nó an fhairsinge uisce sin a chlúdaíonn timpeall 70% de dhromchla an domhain agus a thimpeallaíonn na hilchríocha[1]. Tugtar Muir ar chuid d'aigéan.

Aigéin an Domhain.

Má fhéachann muid ar aigéan i bhfad uaim, níl le feiceáil ann ach uisce agus a thuilleadh uisce.[2] Ach tá na haigéin lán de bheatha. Maireann níos mó ná 1 mhilliún speiceas de phlandaí agus d’ainmhithe sna haigéin. Deir eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil suas le naoi milliún sórt eile nach bhfuil aimsithe acu fós.

Tagann 71% d’ocsaigin an domhain ó na haigéin. is sna haigéin atá na sléibhte is airde ar domhan agus na gleannta is doimhne ar domhan. Is sna haigéin atá cónaí ar an ainmhí is mó riamh – an míol mór gorm.

BunúsCuir in Eagar

Cruthaíodh na haigéin go luath i stair an domhain de réir dealraimh, chomh luath is a d'fhuaraigh an pláinéad a dhóthain chun go dtiocfadh an t-uisce leachtach, timpeall 4,000 milliún bliain ó shin.

Tháinig an salann as ceimiceáin sa screamh agus ó chisil níos doimhne trí bholcánacht.

Is é an toradh ar chruthú na n-ilchríoch ná an 5 phríomhaigéan: an tAigéan Atlantach, an tAigéan Indiach, an tAigéan Ciúin, an tAigéan Artach, agus an tAigéan Antartach nó tAigéan Theas.

TréitheCuir in Eagar

Bíonn uisce na n-aigéan ag síor-ghluaiseacht de bharr na feachtaí is an taoidí a iompraíonn uisce na n-aigéan ó áit go háit.

sléibhte is gleannta ar ghrinneall na farraige go díreach mar atá ar talamh. Is oileáin iad cuid de na sléibhte mar éiríonn siad chomh hard sin go bhfuil siad le feiceáil os cionn na farraige.

Tugtar dromanna aigéin ar na sliabhraonta is trinsí ar na gleannta.

Aigéin an domhainCuir in Eagar

Tá breis is dhá thrian de dhromchla an domhain faoi fharraigí is faoi aigéin.

Clúdaíonn an t-aigéan is mó, an tAigéan Ciúin, réimse níos mó den domhan ná na tíortha uile le chéile.

Cúig aigéan atá ann. Seo iad de réir a méid i milliúin ciliméadar cearnach:

Téamh domhandaCuir in Eagar

Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint, agus tá eolaithe áirithe buartha go sroichfear pointe iompaithe taobh istigh den fiche nó den tríocha bliana beaga amach romhainn. Dar le Richard Alley, ollamh le geolaíocht, dá mbeadh ardú teochta sa réimse 2°C go 7°C ann leáfaí oighearchaidhp na Graonlainne ar fad.[3] Toirt ollmhór uisce breise ab ea é sin i dteiscinn an domhain, agus d’ardófaí leibhéal na mara timpeall 7m dá bharr. Bheadh tíortha iomlána éagsúla caillte faoi thoinn.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. cogg.ie (9 Meitheamh 2010). "Eureka-6-28". Dáta rochtana: 2020.
  3. "An tOileán Úrnua" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-06-08.
  4. Foras na Mara / marine.ie (2018). "Beidh séadchomharthaí tíre ar fud na hÉireann ag glacadh páirt sa tionscnamh ‘Go Atlantic Blue’ chun ár nAigéan Atlantach a cheiliúradh | Marine Institute". www.marine.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-08. Dáta rochtana: 2020-06-08.