Tiomáineann an teas a ghintear taobh istigh de phláinéad nó gealach próisis a athchumann dromchla rinn na spéire an t-am ar fad. Is cruthú í an bholcánacht go bhfuil a leithéid ar siúl, brúchtadh gás te, deannaigh is carraigeacha trí scoilteanna i screamh sheachtrach rinn na spéire. Go ginearálta is amhlaidh a tharlaíonn comhiompar ábhair the go dtí an dromchla. Meath radaighníomhach is cúis leis an nginiúint teasa seo i gcroílár an phláinéid go bunúsach. Faightear bolcánacht ar Domhan, ar Thríotón, gealach de chuid Neiptiúin, agus ar Io, gealach de chuid Iúpatair. Measann réalteolaithe go bhfuil a leithéid ar siúl ar Véineas freisin.

Teicteonaic phlátaí an Domhain