Neiptiún (pláinéad)
Is é Neiptiún an t-ochtú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, an 4ú pláinéad is mó. Bíonn Plútón níos gaire ó am go chéile de bharr a fhithis siúd a beith an-éalárnach[10] (ach ní rangaítear é sin mar phláinéad a thuilleadh; is abhacphláinéad é).
Neiptiún | |||
---|---|---|---|
Cineál | fathach oighir, pláinéad lasmuigh agus pláinéad lasmuigh | ||
Fionnachtaí | Urbain Le Verrier[1] John Couch Adams[1] Johann Gottfried Galle[1] Heinrich Louis d'Arrest | ||
Dáta fionnachtana | 23 Meán Fómhair 1846[4], Berlin Observatory (en) | ||
Eapainm | Neiptiún | ||
Réad tuismitheora | an Ghrian | ||
Réad linbh | Naiad (en) Thalassa (en) Despina (en) Galatea (en) Larissa (en) Proteus Tríotón Néiréid Halimede (en) Sao (en) Laomedeia (en) Psamathe (en) Neso (en) Hippocamp (en) Adams ring (en) Arago ring (en) Galle ring (en) Lassell ring (en) Le Verrier ring (en) Courage (en) Égalité 2 (en) Liberté (en) Égalité 1 (en) Fraternité (en) | ||
Aois | J2000.0 | ||
Sonraí fithiseacha | |||
Apaipsis | 4,537,039,826 km | ||
Pearaipsis | 4,459,753,056 km (arg (ω): 44.96476) | ||
Ais mhór a | 4,503,443,661 km agus 30.06992276 AU[5] | ||
Éalárnacht e | 0.009456[5] | ||
Tréimhse fhithiseach P | 164.8 a agus 60,193.2 d | ||
Tréimhse shionodúil | 367.49 d | ||
Meán-Aimhrialtacht M | 256.228 °[6] | ||
Claonadh i | 1.77004347 ° ↔ éiclipteach 6.43 ° ↔ Solar equator (en) 0.72 ° ↔ invariable plane (en) [5] | ||
Fad an nóid éirithigh Ω | 131.78422574 °[5] | ||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||
Fad ón Domhan | 4,300,000,000 km (peirigí) 4,600,000,000 km (apaigí) | ||
Ga | meán: 24,622 km[7] meánchiorcal: 24,764 km[7] molach: 24,341 km[7] | ||
Trastomhas | 49,528 km[8] | ||
Leacú | 0.0171 | ||
Méid dhealraitheach (V) | 7.67 (banda V) 8 (banda V)[6] | ||
Trastomhas uilleach | 2.4 "[9] | ||
Achar dromchla | 7,618,300,000 km²[6] | ||
Mais | 102,430 Yg | ||
Toirt | 62,540,000,000,000 km³[6] | ||
Meándlús | 1,638 g/cm³[6] | ||
Imtharraingt dromchla | 11 m/s²[6] | ||
Teocht an dromchla |
| ||
Cuid de | grianchóras lasmuigh | ||
Le cuid |
Airíonna
cuir in eagarTá Neiptiún ag meánfhad 30.0 AD amach, agus tógann fithis iomlán 165 bliain.
Tá trastomhas 34,800km aige.
Rothlaíonn Neiptiún ar a ais le tréimhse 16.1 uair.
As uisce is carraig leáite atá sé déanta, timpeallaithe le hatmaisféar de hidrigin, héiliam is meatán.
Bíonn spotaí dorcha ar a aghaidh, ina measc an Spota Dorcha Mór sa leathsféar theas. Taispeánann na spotaí neamhbhuana seo go bhfuil aimsir ghaofar chlamprach ar Neiptiún.
Tá Neiptiún giota beag níos lú ná Úránas agus is cosúil le leathchúplaí iad a mbeirt.
In aonaid réalteolaíocha (is ionann 1 AD agus an fad ón domhan don ghrian), is iad seo na príomhphláinéid is a meánfhad amach ón ngrian:
- Mearcair 0.39 AD
- Véineas 0.72 AD
- An Domhan 1 AD
- Mars 1.52 AD
- Iúpatar 5.2 AD
- Satarn 9.54 AD
- Úránas 19.7 AD
ach tá Neiptiún 30 AD amach ón ngrian.
Fionnadh
cuir in eagarMá tharlaíonn aon chlaonadh ón rian éilipseach, ciallaíonn sé sin go bhfuil réad eile i gceist freisin. Sin a tharla sna blianta 1845/1846: díreach tar éis do na réalteolaithe claonadh a bhrath i bhfithis Úránais, fionnadh Neiptiún.
Sa bhliain 1845, réamhinis John Couch Adams go raibh an pláinéad Neiptiún ann ó anailís a dhéanamh ar neamhrialtachtaí i ngluaisne Úránais. Ag an am céanna, réamhinis Urbain Jean Joseph Le Verrier go raibh leithéid Neiptiúin ann sula bhfacthas an pláinéad.
D'fhionn Johann Gottfried Galle an pláinéad Neiptiún, agus é ag obair i Réadlann Bheirlín, ar an 23 Meán Fómhair 1846.
De réir dlíthe Newton, ba chóir d'Úránas bheith in áit eile agus mar sin bhí Galle de thuairim acu go raibh pláinéad mór eile ann taobh amuigh d'Úránas. Fuarthas amach níos déanaí gur de thaisme a tharla na an fionnadh seo.
I 1989 ghlac an spásárthach Voyager 2 pictiúir shoiléire den phláinéad seo is a ghealacha. Chomh maith leis an dá ghealach a bhí ar eolas roimhe sin, Tríotón is Neiréid, fuarthas 6 cinn eile le fáinní. Faoi seo is eol go bhfuil 13 ghealach ag Neiptiún.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
- ↑ URL tagartha: http://solarviews.com/eng/neptune.htm.
- ↑ Ráite i: A Short History of Astronomy. Údar: Arthur Berry. Foilsitheoir: John Murray. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla na Breataine. Dáta foilsithe: 1898.
- ↑ Vasily Vitkovsky. "Q24466612" (as an Rúisis).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 Ráite i: Keplerian elements for approximate positions of the major planets. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 15 Feabhra 2015.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 6.5 URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/neptunefact.html.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 Jürgen Oberst (4 Nollaig 2010). "Report of the IAU Working Group on Cartographic Coordinates and Rotational Elements: 2009" (as Béarla) (2): 101-135. doi: .
- ↑ URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/neptunefact.html. Object named as: Equatorial radius (1 bar level) (km): 24,764.
- ↑ “NASA FACTS” (Béarla). NASA.
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |