Fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach ba ea an Ridire Isaac Newton (4 Eanáir, 1643 - 31 Márta, 1727), a rugadh i Woolsthorpe.[1] Duine de na heolaithe is tábhachtaí riamh ar domhan ba ea é.[2]

Isaac Newton
GodfreyKneller-IsaacNewton-1689.jpg
Portráid do Newton ón bhliain 1689 (Kneller)
Dáta breithe 4 Eanáir, 1643
  Woolsthorpe-ar-Colsterworth, Sasana
Dáta báis 31 Márta, 1727
  Kensington, Londain, Sasana
Náisiúntacht Sasanach
Réimsí Fisic
Matamaitic
Réalteolaíocht
Ailceimic
Diagacht
Iomráiteach do Meicnic Newton (Dlíthe na gluaiseachta, Dlí na himtharraingthe, srl)
Imtharraingt uilíoch
Calcalas
Optaic
Síniú
Isaac Newton signature.svg

D'fhionn sé na prionsabail is bun le gluaisní réad ar domhan is na reanna spéire. Chuir na dlíthe a nocht sé sa saothar seo bonn faoi dhul chun cinn na fisice is na meicnice go dtí an atá anois ann.

Mhínigh a chuid dlíthe, ar nós dlíthe na gluaiseachta is dlí na himtharraingthe, fithis na reann timpeall na gréine agus fithis na gealaí timpeall an domhain.

Cheap Newton agus Leibniz an mionchalcalas timpeall an ama céanna agus go neamhspleách ar a chéile.

Principia Mathematica. Newton.jpg

SaotharCuir in Eagar

D'fhoilsigh Newton a mhórshaothar Philosophiae Naturalis Principia Mathematica ("Prionsabail Mhatamaiticiúla na Fealsúnachta Aiceanta") sa bhliain 1687. Sa leabhar seo, thosaigh sé leis na coincheapanna bunúsacha mais móiminteam, luasghéarú is fórsa, na trí bhundlí gluaisne, agus dlí na himtharraingthe, chun cur síos go cuimsitheach ar ghluaisne na bpláinéad is na réalta agus gluaisne réad ar domhan.

Leis na huirlisí seo, mhínigh sé fithisí na bpláinéad is na ngealach, gluaisne na gcóiméad, gluaisne réada atá ag titim faoi dhornhantarraingt, meáchan, na taoidí, agus fiú boilsc an domhain ag an meánchiorcal.

Thaispeáin sé den chéad uair go bhfuil an fórsa imtharraingthe díreach i gcomhréir le hiolrú an dá mhais is i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu ceamaithe.

Chun a smaointe a láimhseáil go matamaiticiúil, d'fhionn sé an calcalas difreálach. D'oibrigh sé amach conas a shuimíonn dathanna chun dath bán a chumadh, agus thaispeáin an feiniméan seo le priosma.

Bhí a shaothar bunaithe ar shaothar is fionnachtana a réamhtheachtaithe Copernicus, Kepler is Galileo Galilei.

Mar a dúirt sé féin, "Más rud é go bhfaca mé níos faide, rinneas é trí sheasarnh ar ghuaillí fathach."

TioncharCuir in Eagar

Lean coincheapanna Newton mar chroílár na heolaíochta ar feadh 300 bliain. Nuair a leasaigh Einstein iad, ní treascairt a bhí i gceist ach teoiricí comhlántacha, chun a dtarlaíonn i ngluaisne na gcáithníní fo-adarnhacha is gluaisní ag luasanna atá gar do luas an tsolais, a rnhíniu.

SaolCuir in Eagar

Fuair Newton bás "ina chodladh" ar an 31 Márta 1727. Tá sé curtha in Abteach Westminster.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Biography of Isaac Newton" (Béarla). Dictionary of Scientific Biography. Dáta rochtana: 2008-11-28.
  2. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)

ÍomhánnaCuir in Eagar