Osclóidh seo an príomhroghchlár
Euclid, matamaiticeoir Gréigeach ón 3ú haois RCh

Áirítear sa mhatamaitic (Sean-Ghréigis: μάθημα máthēma, "eolas, staidéar, foghlaim”) staidéar ar ábhair mar chainníocht (uimhirtheoiric)[1] , struchtúr [2](ailgéabar), spás ,[1] (geoiméadracht), agus athrú leanúnach (anailís mhatamaiticiúil)[3][4][5]. Cé nach bhfuil aon sainmhíniú uirthi, a ghlactar leis go ginearálta, go neamh-fhoirmiúil, d’fheadfá a rá gurb iad uimhreacha agus cló a hábhar staidéir. Dar leo siúd ar a nglaoitear na foirmiúlaigh, is taighde í de struchtúir teibí atá sainithe go haicsímiteach agus atá bunaithe ar loighic agus ar nodaireacht na matamaitice.

Shíolraigh an mhatamaitic ó chomhaireamh, ríomhadh, agus tomhas, trí úsáid a bhaint as teibiú agus réasúnú loighciúil agus an staidéar córasach ar chruthanna agus ghluaisní rudaí fisiceacha.

Bhí eolas agus úsáid na matamaitice bunúsach i dtólamh agus ina bhun-tréith agus ina ndlúth-ghré den saol indibhidiúil agus comhchoiteann.

Réimsí MatamaiticeCuir in Eagar

CainníochtCuir in Eagar

Tosaíonn staidéar an cainníocht le uimhreacha, ar dtús le na uimhreacha aiceanta agus slánuimhir agus uimhríocht orthu.

Agus a tagann forbairt ar an chóras uimhir, aithnítear na slánuimhir mar fo-thacar do na uimhir chóimheasta. Ach tá na uimhreacha chóimheasta fo-thacar freisin do na réaduimhir. Tá an uimhir choimpléascach tacar ginearálaithe do na réaduimhir

         
uimhreacha aiceanta slánuimhir uimhir chóimheasta réaduimhir uimhir choimpléascach


Mata FeidhmeachCuir in Eagar

Is brainse den mhatamaitic í an mhatamaitic fheidhmeach a bhaineann úsáid as uirlisí teibí matamaitice chun fadhbanna a réiteach sna heolaíochtaí, i ngnó agus i réimsí eile nach iad. Is réimse tábhachtach matamaitice feidhmí é an staidreamh a bhaineann leas as teoiric na dóchúlachta mar uirlis agus a cheadaíonn tuairisciú, anailísiú agus réamhaisnéis na bhfeiniméan ina bhfuil ról ag seans.

     
Fisic Mhatamaiticiúil Dóchúlacht Staidreamh

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 "mathematics, n." (2012). “The science of space, number, quantity, and arrangement, whose methods involve logical reasoning and usually the use of symbolic notation, and which includes geometry, arithmetic, algebra, and analysis.”
  2. Kneebone, G.T. (1963). "{{{title}}}". Dover. “Mathematics ... is simply the study of abstract structures, or formal patterns of connectedness.” 
  3. "Calculus Concepts: An Informal Approach to the Mathematics of Change" (2011). Cengage Learning. “Calculus is the study of change—how things change, and how quickly they change.” 
  4. Ramana (2007). "Applied Mathematics". Tata McGraw–Hill Education. “The mathematical study of change, motion, growth or decay is calculus.” 
  5. Ziegler, Günter M. (2011). "An Invitation to Mathematics: From Competitions to Research". Springer.