Vicipéid:Lámhleabhar Stíle

Tá an 'Lámhleabhar Stíle seo comhdhéanta de threoirlínte, á n-úsáid chun stíl chothrom a chur i bhfeidhm ar Vicipéid. Is minic a bhíonn go leor bealaí ann chun rud éigin a scríobh, agus má roghnaíonn tú bealach amháin mar chaighdeán beidh sé níos éasca an Vicipéid a léamh, a úsáid, a scríobh, agus a athrú. Ní gá go n-aontódh gach duine gurb í an stíl áirithe sin is fearr don scríbhneoireacht, agus ní deirtear sin.

Cuirtear i gcuimhne do chomhoibrithe nua gur tábhachtaí go mór an scríbhneoireacht shoiléir fhaisnéiseach neamhchlaonta ná an cur i láthair agus an fhormáid. Ní cheanglaítear ar scríbhneoirí aon cheann de na rialacha seo a leanúint: is é buntáiste na heagarthóireachta mearshuímh nach bhfuil gá le foirfeacht. Tá Vicipéideoirí ann a thugann aird ar leith ar stíl na Vicipéide, agus cuirfear caoi ar leathanaigh an lámhleabhair dá réir.

Chun eolas a fháil ar conas feidhm a bhaint as an scríobhchód seachas cló tromcló iodálach amháin a úsáid, féach ar Conas a chuirtear leathanach in eagar. Tráchtann an t-alt seo ar cathain a úsáidtear an scríobhchód, cé gur léir an méid sin ó na samplaí féin go formhór.

Tús an ailt cuir in eagar

De ghnáth scríobhtar an teideal nó ábhar an leathanaigh le cló trom sa chéad líne; uaireanta cuirtear cló iodálach air freisin. Féach ar Vicipéid:Lámhleabhar stíle (teidil). Is féidir an teideal nó an t-ábhar a chur sa chéad líne den abairt beagnach gach uair, ach baineann roinnt alt feidhm as an teideal amháin.

  • Is é Radio Teilifís Éireann an státchraoltóir náisiúnta in Éirinn .
    • Is é '''Radio Telifís Éireann''' an státchraoltóir náisiúnta in [[Éire|Éirinn]] .
  • B'fhisiceoir Gearmánach é Albert Einstein (i 1879 a rugadh é, 1955 a fuair sé bás), a rugadh sa Ghearmáin.
    • B'[[fisiceoir|fhisiceoir]] de chuid [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánach]] é '''Albert Einstein''' ([[1879]] a rugadh é, [[1955]] a fuair sé bás), a rugadh sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]].

Má luaitear níos mó ná leagan amháin d’ainm san alt, cuirtear cló trom ar gach leagan.

    • Is saghas [[Feithicil sráide|feithicle sráide]] í '''gluaisteán''' nó '''carr''', .

Is fearr an comhthéacs a sholéiriú sa chéad cúpla focal; mar shampla,

  • Maidir leis an gceimic, is é an fhoirmle eimpíreach é
    • Maidir leis an g[[ceimic]], is é an '''fhoirmle eimpíreach''' é


Beathaisnéisí cuir in eagar

Chun eolas breise a fháil ar bheathaisnéisí, féach ar Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Beathaisnéisí. Seo cúpla cás coitianta:

Dátaí, uimhreacha, tomhais cuir in eagar

Féach ar Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Dátaí, uimhreacha, tomhais

Dátaí cuir in eagar

Úsáid an uimhir sa dáta ar dtús, msh. 12 Nollaig.

Stíl cheannlíne cuir in eagar

Úsáid an marc == sna ceannlínte; ná húsáid '''. Déan tús le "==" (sin dhá comharthaí ionnanais). Má mheasann tú go bhfuil an cló ró-mhór (mar a mheasann roinnt daoine), is mar sin atá an stílchóras ar fud na Vicipéide. Ná bíodh a mhalairt agat in ailt aonair.

Déan ceannlitreacha den chéad fhocal agus de na ainmneacha dílse san teideal, ach ná cuir ceannlitreacha ar aon fhocal eile.

Stíl na Gaeilge cuir in eagar

Bain úsáid as is é agus is í seachas na giorrúcháin 'sé agus 'sí atá coitianta san fhilíocht agus sa chaint.

Coinnigh an t-alt i logainmneacha i dteidil ailt: An Bheilg, Na Clocha Liatha. Chun an t-ord aibítreach a dhéanamh níos soléire i liostaí, is féidir an t-alt a cheilt mar seo: An [[An Bheilg|Bheilg]], Na [[Na Clocha Liatha|Clocha Liatha]], a bheidh á thaispeáint mar seo: An Bheilg, Na Clocha Liatha.

Bain úsáid as an gCaighdeán Oifigiúil!

Catagóirí cuir in eagar

Tugtar sloinnte Gaelacha a thosaíonn le Ó, Ua, Ní, Mac, Nic faoin gcéad phríomhlitir ina dhiaidh sin, m.sh. cuirtear Parthalán Ó hEachthairn faoin "E".

Bain úsáid as an fhormáid seo.

Fuair Ó Murchú bás sa bhliain 1901.<ref>Bloggs, E: "Ó Murchú, a shaol", lch. 203. Gnáthpress, 2005 ISBN 1234567890</ref>

== Tagairtí ==
{{reflist}}